Córas Ar Líne Fógartha chun Gluaiseacht Leasachán Orgánach a Thaifeadadh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Cúrsaí Mara, Charlie McConalogue, TD, go raibh córas nua ar líne á sheoladh chun gluaiseacht leasachán orgánach idir gabháltais a thaifeadadh. Úsáidfear an córas nua seo in áit foirmeacha páipéir, a bhí thart ar 16,000 díobh á gcur isteach ag feirmeoirí gach aon bhliain, agus gan aon dabht, beidh roinnt príomhbhuntáistí ag baint leis an gcóras nua seo ar líne. Ina measc siúd, déanfar córas tuairiscithe na ngluaiseachtaí a shimpliú agus, níos tábhachtaí ná sin, beidh feirmeoirí in ann rochtain thapa a fháil ar fhaisnéis maidir lena gcomhlíonadh féin leis na teorainneacha Níotráite i gcás go bhfuil aoileach á easpórtáil nó á iompórtáil acu.
Dúirt an tAire McConalogue, “Tá ríméad orm seoladh na seirbhíse nua seo ar líne a fhógairt. Thar am ar bith eile, is mór an dul chun cinn é an fhorbairt seo ar ár seirbhísí ar líne toisc go bhfuil dualgas orainn go léir anois ár gcuid gnó a dhéanamh ar líne a mhéid is féidir, ar mhaithe le cloí leis bearta sláinte poiblí.”
Faoi na Rialacháin Níotráite, tá sé de dhualgas ar fheirmeoirí a gcuid feirmeoireachta a dhéanamh laistigh den teorainn 170kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir (nó 250kg/N/ha i gcás feirmeoirí a bhfuil maolú ceadaithe acu). Is ceann de na bearta is féidir le feirmeoirí a ghlacadh chun leibhéil níotráite a laghdú ná sciodar a easpórtáil go gabháltas eile. Roimhe seo, bhí ar feirmeoirí na gluaiseachtaí sin a thuairisciú don Roinn ar fhoirm páipéir faoin 31 Nollaig gach aon bhliain, (nó faoin 31 Deireadh Fómhair i gcás sealbhóirí maolaithe). Bhí na foirmeacha sin le cur isteach ar an ríomhphost nó tríd an bpost.
Lean an tAire leis, “Is forbairt nua iontach é seo, agus cuirfidh sé deireadh leis na mílte foirmeacha páipéir a bhí á gcur isteach chuig an Roinn gach aon bhliain agus soláthróidh sé cur chuige simplí d’fheirmeoirí a dtaifid a choinneáil. Chomh maith leis sin i mbliana, rinneadh córas iarratais feabhsaithe ar líne a sheoladh chun iarratas a dhéanamh ar Mhaoluithe Nítráite.”
Tá an córas sin ar oscailt anois go dtí an 31 Márta 2021 chun glacadh le hiarratais 2021 and moltar d’fheirmeoirí dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí chun a fháil amach ar cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar Mhaolú Níotráite.
Chun an córas ar líne a úsáid, caithfidh feirmeoirí a bheith cláraithe chun tairseach ar líne na Roinne www.agfood.ie a úsáid. Déanfaidh an feirmeoir easpórtála an ghluaiseacht a logáil ar an tairseach agus eiseofar téacsteachtaireacht chuig an bhfeirmeoir iompórtála ag iarraidh air logáil isteach ar an gcóras ar líne chun glacadh leis an an ngluaiseacht sin. I gcás feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana féin chun eolas chun dáta a fháil mar SMS ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, is féidir leo an rogha seo a dhéanamh anois ach teagmháil a dhéanamh le contactsupdate@agriculture.gov.ie. Tá lámhleabhar úsáideora d’fheirmeoirí agus gníomhairí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo: www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-records
“Is é is aidhm leis an gcóras ar líne ná an próiséas iarratais a shimpliú agus cabhrú le feirmeoirí pionóis a sheachaint. Seachas dearmad a dhéanamh foirm a chur sa phost ag deireadh na bliana, is féidir le feirmeoirí é seo a bhainistiú le linn na bliana go léir, de réir mar a tharlaíonn na gluaiseachtaí, rud a ligeann dóibh pleanáil níos éifeachtaí a dhéanamh chun fanacht laistigh de na teorainneacha Níotráite agus píonóis a sheachaint” arsa an tAire.
Gearrtar píonóis ar go leor feirmeoirí gach bliain toisc nár chuir siad an Fhoirm Taifead 3 isteach faoin spriocdháta an 31 Nollaig. Chun an t-aistriú a éascú, glacfaidh an Roinn le dearbhuithe ar líne agus le foirmeacha páipéir go dtí an 1 Iúil 2021, ach beidh sé éigeantach an córas nua ar líne a úsáid i ndiaidh an dáta sin.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh agfood.ie cheana féin clárú a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus an cnaipe 'Cláraigh' a bhrú. Beidh an Roinn ag dul i dteagmháil le comhairleoirí agus le feirmeoirí sna seachtainí atá amach romhainn chun a n-aird a tharraingt ar an áis nua seo agus chun í a mhíniú dóibh.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/nitratesderogation/
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí á áirithiú go gcomhlíonann siad teorainneacha na Rialachán Níotráite, agus sa tslí sin, seachnóidh siad na píonóis a ghearrtar as na teorainneacha 170kg Níotráite in aghaidh an héictreáir a shárú, nó an teorainn 250kg de Níotraigín in aghaidh an heicteáir a bhaineann leo siúd a bhfuil maolú ceadaithe acu. Bronntar maoluithe, faoi réir coinníollacha, i ndiaidh próisis iarratais ar líne arna dhéanamh ag an tréadúinéir nó a chomhairleoir. Tá iarratais 2021 ar oscailt faoi láthair agsu fanfaidh siad ar oscailt go dtí an 31 Márta 2021.
I measc na mbearta is féidir le feirmeoirí uile a ghlacadh chun a chinntiú nach sáróidh siad na teorainneacha níotráite 170 kg/ha (nó 250 kg/ha i gcás sealbhóirí maolaithe), tá:
• Talamh bhreise a thógáil ar cíos
• Líon a mbeostoc a laghdú
• An méid ceart sciodar/aoiligh a easpórtáil
Ní mór don fheirmeoir taifid áirithe a chur isteach chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia & Cúrsaí Mara ionas go gcuirfear na gníomhaíochtaí seo san áireamh. Is iad sin:
• Foirm Taifead 3 – Taifead um Leasacháin Orgánacha a Ghluaiseacht – córas ar líne ar fáil anois
• Foirm Taifead 4 - Gluaiseacht Shealadach Ainmhithe
• Foirm Taifead 5 - Comhaontú Cíosa um Iníor Gearrthéarmach
Tá tuilleadh eolais maidir leis na Rialacháin Nítráite agus an Maolú Níotráite ar fáil ar shuíomh gréasáin an Roinne ag www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/
Gach bliain, faigheann an Rannóg Níotráite breis agus 16,000 foirm páipéir Taifead 3 chun gluaiseachtaí sciodair a thaifeadadh. Déantar na taifid sin a phróiseáil bliain i riaráiste, toisc gurb é an 31 Nollaig gach bliain, nó an 31 Deireadh Fómhair i gcás sealbhóirí maolaithe, an spriocdháta.
I gcás gach feirmeora ar leith, nuashonróidh an córas ar líne Ráitis Níotráite & Fosfair na Roinne ar bhonn tréimhsiúil i rith na bliana, rud a ligfidh d’fheirmeoirí an tionchar a imríonn easpórtáil/iompórtáil ar a leibhéil foriomlána Níotráite & Fosfair (eallach amháin) a fheiceáil.
CRÍOCH