Críochnaíonn an tAire McConalogue an chéad chéim den mhisean trádála i Dubai agus bogann an misean go Riyadh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chríochnaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD inné an chéad chéim de mhisean trádála Agraibhia na hÉireann go dtí réigiún na Murascaille, le sraith imeachtaí rialtais agus gnó.
Bhuail an tAire lena chontrapháirt san UAE an Soilse H.E. Mariam Al-Mheiri agus shínigh sé Meabhrán Tuisceana ar chomhoibriú i réimse na slándála bia.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is cuid lárnach d’aon mhisean trádála í rannpháirtíocht Rialtas ar Rialtas, agus bhí an-áthas orm bualadh le mo chontrapháirt de chuid UAE le haghaidh malartú dearfach tuairimí ar shaincheisteanna leasa choitinn. D’ardaigh mé ceisteanna maidir le rochtain ar an margadh freisin, ag cur in iúl go raibh súil agam go mbeidh an UAE in ann a dhearbhú gur féidir feoil éanlaithe clóis agus uibheacha a onnmhairiú arís ó chontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin, anois is go bhfuil Éire saor ón Fliú Éanúil An-Phataigineach (HPAI). ”
D’oscail an tAire freisin ceiliúradh Bhord Bia ar bhia na hÉireann ag Pailliún na hÉireann ag EXPO’s 2020 i Dubai, saothar mór le rá go hidirnáisiúnta. Dúirt an tAire McConalogue
“Is é téama rannpháirtíocht na hÉireann ag an Expo ná ‘Oileán Inspioráide’, agus feicim go bhfuil spiorad na inspioráide agus na cruthaitheachta le sonrú ar tháirgeoirí bia na hÉireann, idir bheag agus mhór, atá ag cruthú agus ag aimsiú bealaí chuig príomh-mhargaí i Réigiún na Murascaille”.
Ag labhairt dó i ndiaidh cruinnithe le foireann cheannaireachta Ghrúpa Spinneys, dúirt an tAire McConalogue
“Bhí sé iontach cuid de phríomhtháirgí na hÉireann a fheiceáil ar díol i bpríomh-mhiondíoltóir an réigiúin- Spinneys. Is teist é bia na hÉireann a fheiceáil mar rogha do Spinneys ar an mbia den scoth a tháirgtear ar fheirmeacha na hÉireann chomh maith leis na gnéithe breisluacha atáimid ag iarraidh a fhorbairt go leanúnach”.
Ag labhairt dó ag Gulfood dúirt an tAire McConalogue
“Tá Gulfood ag crosbhóthar an domhain agus is é seo an mórthaispeánta bia is mó ar domhan. Laistigh d’eitilt dhá uair an chloig ó Dubai, tá daonra 2 billiún duine, agus mar sin tá Gulfood ríthábhachtach do chuideachtaí Bia na hÉireann chun custaiméirí nua a fhorbairt agus chun dul i dteagmháil le cinn atá ann cheana féin. Ag mo chruinniú le ceannaitheoirí Domhanda, rinne gach duine acu trácht ar cháilíocht iontach bia na hÉireann”.
Dúirt Ailish Forde, Stiúrthóir Forbartha Gnó Domhanda ag Bord Bia
“Ag seó trádála agus cruinnithe Gulfood, léirigh custaiméirí bia agus deochanna na hÉireann suim láidir i dtairiscintí bia na hÉireann, go háirithe i gcur chuige an tionscail i leith inbhuanaitheachta tríd an gClár Origin Green, is ábhar misnigh é an t-ardleibhéal rannpháirtíochta idir onnmhaireoirí agus ceannaitheoirí na hÉireann, agus deimhníodh dom go méadóidh na deiseanna sin de réir mar a fhásann na geilleagair seo, agus go dtiocfaidh méadú ar a bhfeasacht ar Éirinn mar fhoinse bia agus dí ardchaighdeáin inbhuanaithe.”
Inniu (Dé Máirt) chuir an tAire McConalogue tús leis an gcéad chéim eile den Mhisean Trádála i Riyadh, an Araib Shádach, le malartuithe Rialtas go Rialtas leis an Aire H.E. Eng. Abdul Rahman Al-Fadley, an Aireacht Comhshaoil, Uisce agus Talmhaíochta, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Ard-Rúnaí Chomhairle um Chomhar na Murascaille (GCC) H.E. an Dr Nayef Falah M. Al-Hajraf.
CRÍOCH