Criosanna srianta i bhfeidhm chun an earnáil a chosaint tar éis don Fhliú Éanúil H5N1 a bheith deimhnithe in ealta turcaithe i Muineacháin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gur aithin torthaí tástála fianaise d'Fhliú Éanúil H5N1 i samplaí ó ealta turcaithe i gCo. Mhuineacháin. Tá tuilleadh tástála chun an phataigineacht a chinneadh á déanamh agus táimid ag súil go mbeidh torthaí sna laethanta amach romhainn.
Bhog an Roinn go tapa chun criosanna srianta Fliú Éanúil a chur i bhfeidhm ina bhfuil gá le bearta cosanta agus faireachais breise. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar úinéirí éanlaithe clóis a bhfuil ealtaí acu atá suite laistigh de na criosanna srianta ceanglais chreasa a chomhlíonadh.
Leanann an Roinn uirthi ag moladh cloí go docht leis na bearta réamhchúraim i gcoinne an fhliú éanúil (fliú na n-éan). Le déanaí thug an tAire agus an Roinn isteach rialacháin fheabhsaithe maidir le bithshlándáil agus gaibhniú faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013.
Leis na Rialacháin seo ceanglaítear ar gach úinéir ealta bearta feabhsaithe bithshlándála a chur i ngníomh agus gach éanlaith chlóis agus éan i ngéibheann ina seilbh nó faoina gcúram a choinneáil i bhfoirgneamh daingean nach bhfuil teacht ag éin fhiáine ná ag ainmhithe eile air.
Tá an dian-bhithshlándáil ríthábhachtach i gcónaí chun éanlaith chlóis agus ealtaí éan i ngéibheann a chosaint ar ghalar. Ba cheart d’úinéirí ealtaí a bheith airdeallach ar aon chomharthaí den ghalar ina n-ealtaí agus aon amhras faoi ghalair a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire.
Dheimhnigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte cé gur féidir le fochineál H5N1 a bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus éin eile, meastar go bhfuil an riosca do dhaoine an-íseal.
Moltar do dhaoine den phobal, áfach, gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil agus a gcuid madraí a choinneáil ar iall i gceantair ina bhfuil éin fhiáine atá tinn nó marbh. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhianaise ann maidir le riosca sláinte do dhuine a itheann éineoil, táirgí éineola nó uibheacha.
Treisíonn an Roinn an gá le faireachas agus bithshlándáil, agus leanann sí uirthi ag déanamh dlúthfhaireachán agus measúnaithe ar staid an ghalair agus tá sí i dteagmháil go rialta le páirtithe leasmhara tionscail. Bhí an Roinn i ndlúth-theagmháil leis an tionscal éineola le cúpla lá anuas agus leanfaidh sí uirthi ag déanamh amhlaidh.
1. Is é teideal na nIonstraimí Reachtúla ná Rialachán um Fhliú Éanúil (Bearta Bithshlándála) 2022 agus na Rialachán um Fhliú Éanúil (Gaibhniú Réamhchúraim Éan) 2022
2. Cuirfear crios cosanta 3km ar a laghad ón ngabháltas ionfhabhtaithe agus crios faireachais 10km ar a laghad i bhfeidhm. Reáchtálfar áireamh ar gach gabháltas laistigh den PZ agus SZ agus cuirfear nósanna imeachta ceadúnaithe i bhfeidhm chun gluaiseachtaí éanlaithe beo, éin ghafa eile, uibheacha goir agus boird, easair úsáidte, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaithe clóis a rialú.Níl aon cheanglas ann gluaiseacht beatha éanlaithe a rialú ach amháin chuig áitribh “amhrasta” nó “ionfhabhtaithe”. Baineann bearta bithshlándála le gluaiseacht feithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éineola sa HPRZ áfach.
3. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhliú éanúil a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/
I measc na gcomharthaí cliniciúla ar chóir d'úinéirí éanlaithe clóis a bheith ag faire amach dóibh ina gcuid éan tá bás tobann, ceann ata, dídhathú ar an muineál agus an scornach, cailliúint goile, anacair riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith - cé go n-athraíonn siad seo idir speicis éan.
5. Má tá amhras ort go bhfuil galar i d'ealta féin, cuir in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire nó glaoigh ar an Líne Chabhrach um an Fhliú Éanúil: 01 607 2512 (Lasmuigh de ghnáthuaireanta Oifige: 01 492 8026).
6. Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ag: Contact the department.
7. Léarscáil cheangailte den chrios cosanta agus den chrios faireachais.