Cruinnithe forbartha margaidh fíorúla á dtreorú ag an Aire McConalogue agus ag an Aire Heydon
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• An chéad Mhisean Trádála chuig an Áise Thoir Theas, ina gcuimsítear an Indinéis, an Mhalaeisia, Vítneam, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Téalainn
• Cruinnithe gnó le príomhchustaiméirí sa tSín, sa tSeapáin, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá
• Tuarascáil maidir le Rochtain ar Mhargaí 2019-2020 á sheoladh
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Margaí Nua a Fhorbairt, Martin Heydon T.D. rannpháirteach i sraith imeachtaí ar mhaithe le margaí a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le príomh-mhargaí idirnáisiúnta, i gcomhar le Bord Bia agus le líonra Ambasáidí na hÉireann.
Dúirt an tAire McConalogue,
"Beidh misean trádála fíorúil dírithe ar dhéiríocht chuig an Áise Thoir Theas, ina gcuimsítear an Indinéis, an Mhalaeisia, Vítneam, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Téalainn á óstáil ag mo Roinn agus ag Bord Bia sna seachtainí amach romhainn. Aithníodh gur margaí iad seo lena mbaineann féidireachtaí i dtaobh fás onnmhairithe de dheasca thaighde Bord Bia. Ó tharla an neamhchinnteacht a bhaineann leis an saol tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh dul i mbun rannpháirtíocht fhiúntach leis an mbonn custaiméirí atá ag Éirinn ar fud an domhain, ar bonn é atá ag méadú. Cuireann an cur chuige nuálach seo, misin trádála a chur ar líne, deis ar fáil na caidrimh trádála atá ag Éirinn le príomhchustaiméirí sna ceantair seo a neartú tuilleadh."
Dúirt an tAire Heydon,
"Tá bia d'ardchaighdeán, sábháilte agus inbhuanaithe curtha ar fáil ar bhonn seasta ag Éirinn ar fud an domhain. Cuireann na himeachtaí fíorúla seo i gcuimhne dár bpríomhchustaiméirí go bhfuil Éirinn fós tiomanta dóibh agus fós ábalta bia a chur ar fáil a mbeidh a gcuid custaiméirí ábalta muinín a bheith acu astu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár nAmbasadóirí agus le foirne na nAmbasáidí as an tacaíocht ríthábhachtach a thugadar do chlár oibre Mhisin Trádála na hÉireann."
Dúirt Príomhfheidhmeannach Bord Bia Tara McCarthy,
"Tá tábhacht straitéiseach ag baint le ceantar na hÁise Thoir Theas do chliantchuideachtaí déiríochta Bord Bia, agus suas le 2.6m tonna méadrach de chomhábhair déiríochta allmhairithe acu ó mhargaí domhanda in 2019. Tá sé mar aidhm leis an Misean Trádála seo léargas muiníneach a thabhairt d'Éirinn mar sholáthróir tháirgí déiríochta d'ardchaighdeán, atá sábháilte agus inbhuanaithe agus gur tír í atá in áit mhaith chun an t-éileamh atá ag méadú ar tháirgí déiríochta atá ag sa cheantar sin a shásamh. In éindí lenár gcomhghleacaithe sa Roinn, tá clár imeachtaí curtha le chéile ag Bord Bia ar macasamhail é ar an mbeart forbartha maidir le giniúint treorach agus feasacht Mhisean Trádála sa mhargadh. Tá tuairim is 250 ceannaitheoir a bhfuil spéis acu ann agus atá réidh chun dul i mbun gnó, nuair a bheidh próiseas cuimsitheach canbhasála agus réamhscagtha tugtha chun críche. Beidh an 13 onnmhaireoir déiríochta as Éirinn, a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe gnó le gnó ar líne, i lár an aonaigh le linn na gcúig lá sin, tabharfaidh sé sin an deis dúinn cur leis an gclú atá ar Éirinn mar ghníomhaí domhanda maidir le réitigh inbhuanaithe déiríochta i súile na bpríomhcheannaitheoirí."
Chomh maith le Misean Trádála na hÁise Thoir Theas ghlac an bheirt Airí, i gcomhar le Bord Bia agus le hoifigigh Roinne, páirt i gcruinnithe gnó le príomhchustaiméirí sa tSín, sa tSeapáin, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Dúirt an tAire McConalogue,
"Bhí sé iontach ar fad an spéis atá ag na custaiméirí sna margaí sin i dtáirgí bia agus dí na hÉireann a chloisteáil uathu féin, agus tá spéis acu iontu mar gheall ar an gclú atá ar an tír maidir le caighdeán, blas agus inbhuanaitheacht."
Dúirt an tAire Heydon chomh maith,
"Bhí an-áthas orm gur ghlac foireann áitiúil Bord Bia agus attachés talmhaíochta mo Roinne sa tSín, sa tSeapáin, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha páirt sna cruinnithe sin, a thugann léargas ar an lorg domhanda atá ag Éirinn, lorg atá ag méadú."
Tuarascáil maidir le Rochtain ar Mhargaí 2019-2020
Sheol an tAire McConalogue agus an tAire Heydon Tuarascáil maidir le Rochtain ar Mhargaí 2019-2020 na Roinne inniu chomh maith.
Tugtar léargas ginearálta sa tuarascáil ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le teacht níos mó a bheith ag onnmhaireoirí bia agus dí ar mhargaí idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip.
Cuirtear béim ar na bearta ar éirigh leo le linn na tréimhse seo sa tuarascáil, lena n-áirítear an teacht ar mhargadh mairteola na Seapáine a leathnú agus an margadh sin a oscailt do tháirgí caoireola; margadh Mheicsiceo a oscailt do mhuiceoil reoite; agus ath-idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le teastas déiríochta déthaobhach le roinnt tíortha allmhairithe.
Tugtar léargas sa tuarascáil ar an obair chrua leanúnach atáthar ag tabhairt fúithi ag leibhéal polaitiúil, taidhleoireachta agus oifigiúil a bhíonn de dhíth chun go n-éireoidh leis an teacht atá ar mhargaí reatha agus ar mhargaí nua. Áirítear ar an obair sin ceistneoirí thar a bheith sonraithe a chomhlánú maidir le teacht a bheith ar mhargaí, iniúchtaí isteach a éascú agus deimhnithe sláinte tréidliachta a chomhaontú.
Dúirt an tAire McConalogue, "Tá an obair atá ar bun ag mo Roinnse maidir le teacht a bheith ar mhargaí dírithe, ní hamháin ar theacht a bheith ar mhargaí nua idirnáisiúnta a oscailt, ach ar an obair dhúshlánach a bhaineann leis an teacht sin a fheabhsú agus a choinneáil chomh maith,"
Dúirt an tAire Heydon, "Feictear dom gur príomhghnéith de mo ról is ea caidrimh a fhorbairt le contrapháirteanna i bpríomhmhargaí tríú tíre chun bheith ag teacht leis an obair atá ar bun ag m'oifigí maidir le teacht a bheith ar mhargaí agus chun an obair sin a chur chun cinn."
Tharraing an bheirt Airí aird ar an bhfás atá tagtha ar onnmhairí agraibhia chuig margaí idirnáisiúnta le blianta beaga anuas.
Tríd is tríd, tá méadú ó thuairim is €3.7 billiún go dtí €4.3 billiún tagtha ar onnmhairí talmhaíochta na hÉireann chuig tíortha lasmuigh den Eoraip sa tréimhse ó 2016 go dtí 2019. Is ionann sin agus méadú €627 milliún nó 17% i dtréimhse cheithre bliana.
Tá méadú ó 23% go 30% tagtha ar onnmhairí talmhaíochta chuig margaí idirnáisiúnta mar sciar iomlán d'onnmhairí agra-onnmhairí ar fad na tíre sa tréimhse ó 2010 go dtí 2019.
Nóta d'Eagarthóirí :
Misean Trádála Fíorúil Dírithe ar Dhéiríocht chuig an Áise Thoir Theas
Beidh Misean Trádála Fíorúil Déiríocht á óstáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag Bord Bia chuig ceantar na hÁise Thoir Theas, lena mbaineann tábhacht straitéiseach, ag díriú ar an Indinéis, an Mhalaeisia, Vítneam, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Téalainn. Beidh sé seo á óstáil ar feadh cúig lá i mí na Samhna (24-26) agus i mí na Nollag (1-3).
Mar chuid den mhisean trádála seo a bheidh dírithe ar dhéiríocht beidh 13 de próiseálaithe agus onnmhaireoirí na hÉireann ag glacadh páirt i gcruinnithe gnó le gnó le lucht ceannaigh agus dáilte áitiúla a thabharfaidh deis dóibh margaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus ar a gcuid acmhainní os comhair lucht spéise tráchtála déiríochta.
Beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, an tAire Stáit Martin Heydon T.D agus Príomhfheidhmeannach Bord Bia Tara McCarthy chomh maith le hAmbasadóirí na hÉireann chun na tíortha ar fad ag labhairt le lucht spéise i ngach margadh - ag cur béim arís ar na buanna a bhaineann le córas déiríochta na hÉireann a bheith bunaithe ar fhéar agus ar struchtúir atá bunaithe ar an teaghlach chomh maith leis na caighdeáin ghéara táirgthe bia agus acmhainní atá ag próiseálaithe déiríochta na tíre.
Tá tábhacht straitéiseach ag baint le ceantar na hÁise Thoir Theas (SEA) do chomhlachtaí déiríochta na hÉireann agus tá dhá oiread de tháirgí déiríochta na hÉireann allmhairithe ag an gcúig mhargadh sin ar fad le chéile ó 2015 agus ba ionann onnmhairí na bliana 2019 agus beagnach €164 milliún.
Tuarascáil maidir le Rochtain ar Mhargaí 2019-2020
Is féidir Tuarascáil maidir le Rochtain ar Mhargaí 2019-2020 na Roinne a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/53e3f-market-access-report-2019-2020/
CRÍOCH