Cruinniú reáchtáilte ag Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara an Bhunachair Sonraí Náisiúnta Leasachán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar chuid den phróiseas a bhaineann le Bunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán a bhunú, thionóil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an chéad chruinniú dá Coiste Comhairleach Páirtithe Leasmhara an tseachtain seo (Dé Céadaoin, an 13 Aibreán).
Páirteach sa choiste seo tá ionadaithe ón tionscal leasacháin, miondíoltóirí leasacháin, conraitheoirí talmhaíochta, eagraíochtaí feirme, Teagasc agus Cumann na gComhairleach Talmhaíochta. Buailfidh an Coiste le chéile sna míonna amach romhainn de réir mar a bheidh obair á déanamh ag an Roinn chun bunachar sonraí náisiúnta leasachán a bhunú.
Beidh ról lárnach ag bunú an bhunachair sonraí leasachán seo in íocaíochtaí tráthúla d’fheirmeoirí a éascú faoi Éiciscéim bheartaithe na hÉireann. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé ar chumas na hÉireann na gealltanais atá tugtha aici don Choimisiún Eorpach a chomhlíonadh, gealltanais atá ag eascairt as an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an gClár Gníomhaíochta Níotráite agus an síneadh atá curtha le Maolú Níotráite na hÉireann.
Lena chois sin, soláthróidh an bunachar sonraí beartaithe sonraí iontaofa d’fheirmeoirí ar féidir leo iad a úsáid chun cáiliú le haghaidh tionscnamh inbhuanaitheachta deonach tionscail a thabharfaidh aitheantas do ghníomhaíochtaí feirmeoirí – mar shampla, i ndáil le húsáid a bhaint as aol nó úsáid a bhaint as úiré chosanta seachas foirmeacha malartacha de nítrigin cheimiceach.
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., roimh bhunú an Choiste agus ghabh sé buíochas le gach duine atá ag obair sa tionscal talmhaíochta a chinn páirt a ghlacadh san obair seo ar bhonn deonach. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire i ndiaidh an chéad chruinnithe den Choiste,
“Tríd an gCoiste Páirtithe Leasmhara seo a bhunú, tá sé mar aidhm ag mo Roinn cumarsáid leis na páirtithe leasmhara ábhartha a éascú, chun deis a thabhairt dúinn iad a choinneáil ar an eolas, ach níos tábhachtaí ná sin, a gcuid tuairimí agus moltaí a bhailiú agus freagairt dóibh de réir mar a bheidh córas praiticiúil á fhorbairt againn chun sonraí a thiomsú agus a roinnt. Sonraítear forálacha ardleibhéil sa reachtaíocht atá beartaithe, ach is fúinn féin atá sé iad seo a shaincheapadh agus tá iarracht á déanamh agam a chinntiú go n-oibreoidh sé seo ar bhealach simplí do na páirtithe leasmhara ar fad atá páirteach.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire chomh maith,
“Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí sásta páirt a ghlacadh sa choiste comhairleach. Táim thar a bheith buíoch dóibh as a n-ionchur cuiditheach i rith chruinniú na maidine.”
Tá sé beartaithe go mbeidh an Bunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán ar fáil ó thús na bliana seo chugainn (2023) chun Éiciscéim bheartaithe na hÉireann a éascú. Beidh díolachán leasacháin á thaifeadadh agus cuirfear ar chumas feirmeoirí cuntas a dhéanamh ar stoc ar deireadh ar an bhfeirm ag deireadh an tséasúir leata leasacháin. Chomh maith leis sin, tabharfar deis d’fheirmeoirí féachaint ar a gcuid sonraí leasacháin féin ar thairseach ar líne na Roinne ag www.agfood.ie
Táthar ag súil go gcuirfear bailchríoch ar an reachtaíocht mholta atá riachtanach chun tacú leis an mbunachar sonraí ag deireadh na bliana.
Nótaí do na heagarthóirí:
Beidh díolachán leasacháin á thaifeadadh sa Bhunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán atá beartaithe a fhorbairt. Tabharfar deis d’fheirmeoirí a stoc ar deireadh a fhógairt ag deireadh an tséasúir leata agus beidh ar a gcumas an méid leasacháin atá úsáidte acu i rith na bliana a thaifeadadh go cruinn agus go héasca.
Is ag miondíoltóir leasacháin go príomha a bheidh faisnéis á hiontráil sa bhunachar sonraí. Beidh rogha ag feirmeoirí, áfach, féachaint ar a gcuid sonraí agus iad a íoslódáil más mian leo.
Beidh ról lárnach ag bunú an bhunachair sonraí san ualach tuairiscithe a bheidh ar fheirmeoirí a chinneann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na hÉiciscéime beartaithe, a bhaineann le leasachán nó úsáid a bhaint as aol, a laghdú. Chomh maith leis sin, beidh an bunachar sonraí mar bhonn leis an ualach tuairiscithe atá ar fheirmeoirí atá ag baint tairbhe as an Maolú Níotráite a laghdú agus cothrom na féinne a chinntiú do gach feirmeoir.
Ag freagairt ceisteanna ó pháirtithe leasmhara i rith an chruinnithe ar maidin, mhínigh Oifigigh na Roinne gur clár de dhíolachán leasacháin atá ann agus go bhfuil deis á cur ar fáil chun cuntas a dhéanamh de stoc ar deireadh freisin. Ní bheidh aon cheanglais oiliúna ná chalabraithe/chláraithe innealra le comhlíonadh ag feirmeoirí chun tairbhe a bhaint as an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán atá beartaithe a fhorbairt.
Páirteach sa Choiste Comhairleach tá na páirtithe leasmhara ar fad a bhfuil baint acu le dáileadh agus úsáid leasacháin. Ina measc tá ionadaithe ó na hearnálacha seo a leanas:
• Tionscal leasacháin (iompórtálaithe, déantúsóirí, mórdhíoltóirí)
• Miondíoltóirí leasacháin - comharchumainn agus ceannaithe talmhaíochta
• Eagraíochtaí feirmeoireachta agus conraitheoirí feirme
• Comhairleoirí feirme (Teagasc agus Cumann na gComhairleach Talmhaíochta)