Cuairt tugtha ag an Aire McConalogue ar Fhorbairt luach €30m na Cé Domhainmhara i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire McConalogue cuairt ar shuíomh fhorbairt na cé domhainmhara nua ag an Ionad Calafoirt Iascaigh atá faoi úinéireacht an Stáit i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú trí Chlár Forbartha Chuanta Iascaigh agus Bonneagair Mhuirí agus Chósta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire faoi thús na n-oibreacha:
"Cúis áthais dom a bheith anseo inniu - an lá a bhfuil tús á chur leis an obair ar an gCé Dhomhainmhara nua. Sa chás seo, tá spás nua á chur ar fáil againn, tá 200 méadar breise á chur taobh leis an gcé ionas gur féidir linn freastal ar bháid iascaireachta níos mó agus báid iascaireachta Éireannacha agus neamh-Éireannacha a mhealladh chun tuilleadh iasc a thabhairt i dtír. “
In 2021, tugadh beagnach 90% de na héisc ar fad a tugadh i dtír in Éirinn i dtír sa 6 Ionad Calafoirt Iascaigh atá faoi úinéireacht an Stáit. Bhain luach cothrom le thart ar €15.9 milliún leis na héisc a tugadh i dtír i Ros an Mhíl. Tá ról ríthábhachtach ag an táirgeadh príomhúil seo sna tionscail phróiseála agus easpórtála dúchasacha a sholáthar agus i dtacú le slite beatha an phobail atá lonnaithe cois cósta. Tá fianaise ar thábhacht na ngníomhaíochtaí príomhúla agus tánaisteachta táirgthe bia seo le fáil i bhFís don Bhia 2030 an Rialtais.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin:
”Is fianaise eile fós é an bonneagar criticiúil seo ar an tábhacht a mheasann an Rialtas atá le todhchaí na bpobal cois cósta atá ag brath ar na hiascaigh a chosaint amach anseo. Trí bhonneagar den chéad scoth a sholáthar, cinnteoimid go mbeidh an tionscal bia mara in ann feidhmiú go héifeachtach agus gur féidir freastal ar an tionscal seo go héifeachtach sa réigiún seo”
Ainneoin go rachaidh an fhorbairt chun tairbhe na mbád iascaireachta go príomha, beidh an ché nua ar fáil do bháid mhóra freisin cosúil le flít Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann, Soithí Taighde Fhoras na Mara, soithí suirbhé mara agus báid phléisiúir. Is príomhthionscadal i gClár Caipitil 2023 na Roinne é an Ché Dhomhainmhara. Chuir an Conraitheoir, Cuideachta Tógála Ward & Burke, tús leis na hoibreacha ag an láthair ag deireadh mhí Eanáir agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal críochnaithe i mí na Nollag 2024.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:
“Is fianaise é an infheistíocht seo go dtuigeann an Rialtas gur mol eacnamaíoch é Ionad Calafoirt Iascaigh Ros an Mhíl agus go bhfuil an poitéinseal ann tuilleadh forbairt a dhéanamh amach anseo agus poist a chruthú sa réigiún. Is deas an rud é go bhfuil cuideachta áitiúil, Cuideachta Tógála Ward and Burke, i mbun na n-oibreacha agus táim muiníneach go mbainfidh gnóthaí áitiúla eile tairbhe as na deiseanna a chruthóidh an fhorbairt seo sna blianta amach romhainn.”
Tá an Clár Forbartha Chuanta Iascaigh agus Bonneagair Mhuirí agus Chósta dírithe ar Ghníomh 174 de Rannóg Chlár an Rialtais maidir le Forbairt Réigiúnach Chothrom
“Infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i mbonneagar calafoirt chun tacú le níos mó iasc a thabhairt i dtír in Éirinn - éisc atá á dtabhairt i dtír ónár gcuid uiscí ar bhealach inbhuanaithe, agus dlús a chur le forbairt na hearnála próiseála éisc agus leis an ngeilleagar gorm i measc phobail an chósta”.