Cuairt tugtha ag an Aire McConalogue ar Ionad Prátaí na Roinne i nDún na nGall
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inné thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cuairt ar ionad prátaí na Roinne ag ‘Feirm Tops’, Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall, chun léargas a fháil ar an infheistíocht is déanaí atá déanta san ionad.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,
“Cúis áthais dom cuairt a thabhairt ar Tops chun léargas a fháil ar an obair thábhachtach atá á déanamh ag comhaltaí foirne mo Roinne féin chun tacú leis an earnáil prátaí intíre”.
Soláthraíonn ionad na Roinne ag Feirm Tops miontiúbair don tionscal prátaí síl a úsáidtear le haghaidh iolraithe chun síolta a sholáthar atá le deimhniú ag an Roinn. Chomh maith leis sin, tá seirbhís tástála víris á soláthar le haghaidh scéim deimhnithe na bprátaí síl agus tá an tIonad ag feidhmiú mar choimeádaí an bhainc géinte náisiúnta prátaí, agus tá breis is 700 cineál práta á gcoimeád. Tá tuilleadh forbartha déanta san Ionad trí úsáid a bhaint as infheistíocht a cuireadh ar fáil le haghaidh áiseanna breise chun miontiúbair a tháirgeadh. Cuireann sé seo ar chumas an tionscail táirgeadh prátaí síl a mhéadú.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue nuair a bhí sé ag breathnú ar an teach gloine nua san Ionad,
“beidh an infheistíocht is déanaí i bhFeirm Tops mar bhonn le méadú suntasach ar tháirgeadh miontiúbar le haghaidh saothróirí prátaí síl agus is fianaise é ar thacaíocht shuntasach a bheith á cur ar fáil don earnáil”.
Chomh maith leis sin, bhí an méid seo a leanas le rá aige,
“is ionann deireadh a chur le síolta a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus deis chun earnáil intíre na bprátaí síl a athbheochan. Cuirfidh mé an oiread tacaíochta agus is féidir liom ar fáil chun tacú le hathbheochan agus forbairt na hearnála, ach ní mór go mbeadh breis forbartha ar réimse na bprátaí síl á stiúradh ag an earnáil, agus is faoi gach duine san earnáil atá sé anois tréaniarracht a dhéanamh lántairbhe a bhaint as an deis seo.”
CRÍOCH