Cuairt tugtha ag an gCoimisinéir Iascach Sinkevičius ar Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga agus cruinnithe reáchtáilte le hionadaithe ó Thionscal Iascaireachta na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug Coimisinéir an AE um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach, Virginijus Sinkevičius, cuairt i dteannta leis an Aire Charlie Mc Conalogue T.D., ar Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga mar chuid dá chuairt dhá lá ar Éirinn.
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., cuireadh don Choimisinéir teacht chomh fada le Na Cealla Beaga chun bualadh le hionadaithe ón tionscal iascaireachta agus léargas pearsanta a fháil ar an ngníomhaíocht atá ar bun i gceann de na cuanta iascaigh is mó in Éirinn agus chun na mórcheisteanna suntasacha AE a bhaineann le Tionscal Iascaireachta na hÉireann a phlé.
Bhuail an Coimisinéir, i dteannta leis an Aire McConalogue, le hionadaithe ó na heagraíochtaí móra in Éirinn atá ag obair san earnáil iascaireachta. D’fhreastail ionadaithe ó Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart & Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc an Deiscirt & an Oirthir, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Eagraíocht Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann, Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann agus na Fóraim Náisiúnta Iascaigh Chladaigh ar an gcruinniú leis an Aire agus leis an gCoimisinéir.
Le linn dó a bheith sna Cealla Beaga, bhí deis ag an gCoimsinéir Sinkevicius tamall a chaitheamh ag breathnú ar éisc á dtabhairt i dtír ag árthach peiligeach ag an Ionad Iascaigh Cuain.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
“Cúis áthais dom fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Sinkevičius ar a chéad chuairt oifigiúil go hÉirinn. Chomh maith leis sin, is mian liom buíochas a ghabháil lenár n-ionadaithe tionscail as a rannpháirtíocht dhearfach inniu. Bhí bliain go leith dúshlánach againn ar fad. Bhí Earnáil Bia Mara na hÉireann i measc ceann de na hearnálacha a raibh an tionchar is suntasaí ag BREXIT orthu. Deis ba ea an cruinniú seo do lucht an tionscail na dúshláin sin a mhíniú go soiléir don Choimisinéir agus deiseanna a shainaithint a chabhródh le hearnáil láidir a atógáil agus tacú leis an earnáil sin amach anseo. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh muinín a chothú i measc lucht an tionscail agus a chinntiú go mbaintear lántairbhe as gach deis atá ar fáil ionas gur féidir linn todhchaí inbhuanaithe a fhorbairt don tionscal agus do na pobail chósta atá ag brath ar an tionscal.”
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Coimisinéir cuairt ar thionscadal atá á mhaoiniú ag FLAG ag Cooley Oysters Ltd i gCairlinn, Co. Lú, mar chuid dá chuairt.