Cuireann an tAire Heydon an chéad chruinniú ar siúl de Chruinniú Comhchéime nuabhunaithe na Muc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., cathaoirleacht ar chruinniú tionscnaimh Chruinniú Comhchéime nua na Muc inniu, an 28 Aibreán.
Dúirt an tAire Heydon, agus fáilte á cur aige roimh phríomhpháirtithe leasmhara, ionadaithe ó na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála, Teagasc, an Bord Bia, agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara san áireamh,
“Táim ag tnúth leis go bhfeidhmeoidh Cruinniú Comhchéime na Muc mar bhealach chun plé cuiditheach a dhéanamh le gach páirtí leasmhar chun forbairt na hearnála a chur chun cinn agus glacadh le cur chuige ardleibhéil i leith na ngíomhartha a threorú a leagtar amach don earnáil i gClár an Rialtais.”
Ag eascairt as obair Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Thionscal na Muc (PISG) le blianta beaga anuas, díreoidh an Cruinniú Comhchéime a obair ar na príomhfhorbairtí straitéiseacha san earnáil seo atá an-tábhachtach do thionscal agraibhia na hÉireann.
Dúirt an tAire Heydon agus obair an Dr Seán Brady, a d’fhóin mar Chathaoirleach an PISG, á haithint aige:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Brady as a thiomantas pearsanta agus an obair dhian a rinne sé fad a bhí iarracht chomhoibritheach á stiúradh aige chun cur i bhfeidhm na ngníomhartha a leagtar amach i dTuarascáil Pháirtithe Leasmhara Thionscal na Muc 2016 a thabhairt chun cinn.”
Luaigh an tAire Heydon go bhfuil sé mar uaillmhian aige go n-oibreoidh an Cruinniú Comhchéime seo as lámh an tionscail agus na gcomhpháirtithe feirmeoireachta i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus na dúshláin atá ag/roimh an earnáil.
Déanfar obair an Chruinnithe Comhchéime a chinneadh go príomha trí na príomhnithe straitéiseacha ardleibhéil a bhaineann leis an earnáil, Clár an Rialtais agus an Straitéis Agraibhia 2030 nua, nuair a thabharfar chun críche í.
Luaigh an tAire Heydon freisin an comhairliúchán poiblí ar Straitéis Agraibhia 2030 nua a seoladh le déanaí - agus spreag sé gach duine i láthair scrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí comhairliúcháin a foilsíodh ar láithreán gréasáin Gov.ie agus aighneachtaí a dhéanamh leis an gcomhairliúchán roimh an dáta deiridh an 15 Meitheamh i mbliana.
Leag an tAire an sceideal beartaithe amach do chruinnithe an Chruinnithe Comhchéime amach anseo a thiocfaidh le chéile ar bhonn ráithiúil go ceann 12 mhí. Baineadh comhaontú amach le baill an ghrúpa go ndíreofar ach go háirithe ar shláinte ainmhithe, leas ainmhithe, saincheisteanna comhshaoil agus saincheisteanna trádála i rith na tréimhse sin.
Nóta d’eagarthóirí:
Nuair a chuirtear san áireamh go raibh bonnluach easpórtála €330 milliún ar earnáil na muc in 2010, tá sárbhorradh tagtha ar luach na hearnála. D’ainneoin na bhfadhbanna a chruthaigh COVID-19 sa chéad leath den bhliain 2020, ba léir go raibh an earnáil thar a bheith athléimneach agus bhí méadú beag tagtha ar luachanna easpórtála (0.2%) bliain ar bhliain i ndiaidh go raibh luach beagán de bhreis ar €893 milliún orthu, arb ionann sin agus méadú 270% ar luach le deich mbliana anuas. Is é an tionscal an tríú hearnáil agraibhia is mó i ndiaidh déiríochta agus mairteola.
CRÍOCH