Cuireann an tAire McConalogue fáilte roimh an tús dearfach a cuireadh le Grúpa Oibre Chur Chun Feidhme TB
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí a chéad chruinniú inniu ag an nGrúpa Oibre Cur Chun Feidhme nua a bunaíodh mar chuid d'Fhóram Páirtithe Leasmhara TB Bólachta agus faoi chathaoirleacht an Dr Sean Brady, ag tosú le plé dearfach agus cuiditheach.
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, roimh an bplé cuiditheach ar conas na gníomhartha sa straitéis TB a chur i bhfeidhm a laghdóidh an bhagairt TB d’fheirmeoirí.
Dúirt sé,
“Is é an Clár um TB Bólachta a Dhíothú an clár sláinte ainmhithe is mó atá againn agus déantar níos mó ná naoi milliún tástáil TB aonair gach bliain ar níos mó ná 110,000 feirm. Tá leibhéil ghalair ag ardú ó 2016 agus tá siad ina mbagairt ar ár rochtain trádála freisin, le comhpháirtithe trádála ag lorg dearbhuithe go rialta go bhfuil ár gclár éifeachtach. Ar bhonn atrátha 12 mhí tá líon na bhfrithghníomhaithe ag 22,137 agus tá minicíocht tréada ag 4.19%. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an cruatan agus strus a bhaineann le cliseadh TB ag cur isteach ar 4,442 teaghlach feirme le 12 mhí anuas. Sin é an fáth go gcaithfidh páirtithe leasmhara dul i ngleic leis an tasc deacair agus dáiríre bearta ón Straitéis TB athnuaite a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Laghdóidh sé seo leibhéil ghalair chun leasa phobal na feirmeoireachta. Táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta inniu agus táim ag súil le torthaí an ghrúpa seo a fheiceáil nuair a thabharfaidh siad tuairisc don Fhóram."
Tá sraith cruinnithe leantacha beartaithe chun na hábhair atá faoi chaibidil a bhrostú.
Nóta d'eagarthóirí
Bunaíodh an Grúpa Oibre Cur Chun Feidhme faoin Straitéis nua um TB Bólachta a Dhíothú agus tá oifigigh ann ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ionadaithe ó na heagraíochtaí feirmeoireachta agus ó pháirtithe leasmhara eile. Rachfar i gcomhairle go fairsing leis an ngrúpa seo maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha ón Straitéis TB athnuaite. Freastalóidh DAFM, Eagraíochtaí Feirme agus ionadaithe ó na grúpaí a bhfuil baint dhíreach acu le cur chun feidhme an bheartais atá faoi chaibidil ag gach cruinniú.
Tuairisceoidh an Grúpa Oibre Cur Chun Feidhme don Fhóram Páirtithe Leasmhara TB.
CRÍOCH