Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh thairiscint de Rannpháirtíocht na gComhlachtaí Ionadaíochta ar Scéim na Saoire le Pá le haghaidh Fostaithe na Seirbhíse Sláinte le COVID Fadmharthanach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte Stiofán Ó Donnghaile fáilte inniú roimh thairiscint de rannpháirtíocht an FSS le Comhlachtaí Ionadaíochta na hEarnála Sláinte maidir le Scéim na Saoire le Pá d’Fhostaithe na Seirbhíse Sláinte Poiblí atá neamh-infheidhme chun oibre tar éis infhabhtaithe COVID.
Tá an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gafa le moltaí le haghaidh scéim d’fhostaithe na eirbhíse sláinte phoiblí.
Dúirt an tAire Ó Donnghaile:
"Aithníonn an Rialtas ról na n-oibritheoirí cúraim sláinte i rith na paindéime. Rinne siad i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí de dhualgas orthu a dhéanamh, ag obair i dtimpeallachtaí tosaigh le nochtadh chliniciúi COVID-19, ag cur cóir leighis ar othair le COVID-19. Tholg an-chuid de hoibritheoirí tosaigh na hearnála sláinte poiblí sin COVID-19 agus tá siad fós ag fulaignt ó COVID-19 fadmharthanach."
Tá an FFS ag plé le Comhlachtaí Ionadaíochta na hEarnála Sláinte anois maidir leis an scéim mholta.
Dúirt an tAire Ó Donnghaile freisin:
"Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil cabhair ar fáil d’oibritheoirí tosaigh cúraim sláinte incháilithe, ag obair i rith ceann de na tréimhsí is dúshlánaí den phaindéim, agus atá in easnamh fós ón áit oibre go fadtéarmach, agus nach mothaíonn siad tréigthe maidir leis an athrú go dtí Saoire Speisialta Le Pá. Tá siúl agam go mbeidh an rannpháirtíocht leis na comhlachtaí ionadaíochta socraithe go tapaí."