Cuireann Airí ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte roimh fhoilsiú an Phlean Forbartha Náisiúnta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an triúr Airí ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte inniu roimh fhoilsiú an Phlean Forbartha Náisiúnta leasaithe. Leagfar amach sa PFN leasaithe leithdháiltí nua rollacha caipitil cúig bliana na Roinne. Tacóidh an PFN le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus comhshaoil fud fad na tíre.
‘Fad a thagaimid as an bpaindéim agus a leanaimid ag déileáil leis na dúshláin a chruthaíonn Brexit, ceadaíonn an PFN dúinn forbairt na hearnála agraibhia a leagan amach’, a dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue.
Is iad na tosaíochtaí infheistíochta straitéisí don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara:
An Clár um Fhorbairt Tuaithe agus Infheistíocht ar an bhFeirm
Soláthróidh Clár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe (RDP) 2014-2020 na hÉireann, a síneadh go dtí an bhliain 2022 tacaíocht €1.5 billiún do phobail tuaithe in Éirinn i rith na saolré an chláir atá fágtha. Buntacóidh Plean Straitéiseach CBT na hÉireann (PSCBT) don tréimhse 2023-2027 le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar earnáil feirmeoireachta agus bhia na hÉireann trí thacú le hioncaim inmharthana feirme agus barr feabhais a chur ar iomaíochas, trí chreatlach shocheacnamaíoch cheantair thuaithe a fheabhsú, agus trí chur le cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta agus AE.
‘Tá súil agam go gcabhróidh an Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm faoi PS CBT 2023-2027 na hÉireann le feirmeoirí a lorgaíonn infheistiú i dtionscadail chaipitil ar a bhfeirmeacha. Méadóidh infheistíocht éifeachtúlacht chomhshaoil san earnáil trí ghlacadh le teicneolaíochtaí nua, tacú le feirmeoirí óga teacht ar airgeadas chun gur fearr is féidir leo infheistiú i bhfiontar a bhfeirme agus é a fhorbairt agus sláinte agus leas ainmhithe, agus sábháilteacht ar fheirmeacha a fheabhsú’, a dúirt an tAire McConalogue.
Ionad Iascaigh Cuain agus Clár Forbartha Bia Mara
Tosaíodh tionscadail mhóra forbartha i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Binn Éadair agus na Cealla Beaga agus cé gur cuireadh beagán de mhoill orthu go léir mar gheall ar shrianta Covid 19, tá súil leis go gcríochnófar iad go luath in 2022. Tá obair ullmhúcháin á déanamh do thionscadail eile, tionscadal mór dreidireachta san áireamh i mBinn Éadair a bhfuil céim phleanála bainte amach acu faoi láthair.
‘Ar an iomlán, samhlaítear go dtosófar clár infheistíochta caipitil a mhéid le €180 milliún i measc na sé Ionad Iascaigh Cuain go léir, ag Binn Éadair, Dún Mór, Baile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, Ros an Mhíl agus na Cealla Beaga, a chuimsíonn forbairtí nua leanúnacha sábháilteachta agus cothabhála agus riachtanacha a fhaide le 2025. Beidh feabhsúcháin leanúnacha ag teastáil ina dhiaidh sin.’
Bronnfaidh Clár Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann 2014-20 an chuid dheireanach dá bhuiséad €240 milliún in 2021. Seolfar an Clár Forbartha Bia Mara 2021-27 in 2022 ag a bhfuil cistí €142 milliún an AE ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) agus cistí comhfhreagracha ón Rialtas. Déanfaidh an Clár Forbartha Bia Mara an méid seo a leanas:
• Cabhrú le fiontair bhia mara sna hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála bia mara chun oiriúnú do thionchair Brexit agus Covid, aschur bia mara a fhás, luach a chur le táirgí bia mara, iomaíochas fiontair bhia mara a fheabhsú agus a margaí a fhorbairt.
• Tacú le stoic éisc a chaomhnú, gnáthóga agus bithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a athchóiriú agus le hathrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó san earnáil bhia mara.
• Forbairt agus scaipeadh eolais agus teicneolaíochta san earnáil bhia mara a chistiú chun dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a thapú maidir le borradh inbhuanaithe na hearnála bia mara.
• Cabhrú le pobail chósta chun a ngeilleagair a éagsúlú agus a fhás.
Foraoiseacht
Acmhainn ríthábhachtach í an fhoraoiseacht do gheilleagar na hÉireann. Anuas ar a ról geilleagrach, sóisialta agus áineasa, glacann foraois na hÉireann le ról buntábhachtach chun cabhrú le hathrú aeráide a mhaolú, trí cheapadh carbóin i bhforaois agus breoslaí agus amhábhair in-athnuaite a sholáthar.
Tugtar cuntas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019 ar 34 gníomh ardleibhéil lena mbaineann fobhearta gaolmhara a bhaineann go sonrach leis an earnáil foraoise, sprioc 8,000 heicteár, ar an meán, d’fhoraoisiú sa bhliain a bhaint amach san áireamh. Tá na spriocanna a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide ar aon dul leis an leibhéal d’uaillmhian don fhoraoisiú a shonraítear sa Chlár Foraoiseachta 2014-2020, agus tá méadú incriminteach ag teacht ar spriocanna foraoisithe aníos go dtí 8,100 heicteár sa bhliain go dtí 2020.
Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, Pippa Hackett,
‘Tá an Clár Foraoiseachta 2014-2020 cistithe 100% ag an státchiste agus fuarthas faomhadh le síneadh a chur leis a fhaide le deireadh 2022 ón gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le riachtanais aistrithe cúnaimh Stáit. Cuimsítear infheistíocht Stáit €482 milliún sa chlár san earnáil foraoiseachta i gcaitheamh a shaolré.
‘Cinnteoidh an Plean Forbartha Náisiúnta seo go mbeidh clár caipitil a chistítear go poiblí don fhoraoisiú ann i ndiaidh shaolré an Chláir Foraoiseachta reatha 2014-2020; agus cuirim fáilte roimhe sin. Cabhróidh seo linn na spriocanna foraoisithe a bhaint amach atá sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.’
Rochtain ar Airgeadas
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon T.D., atá freagrach as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua:
‘Beidh páirt lárnach ag nuálaíocht níos fearr laistigh agus lasmuigh de gheata na feirme chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil i dtaobh uaillmhian Fís don Bhia 2030. Beidh an teacht cuí ag teastáil ón earnáil agraibhia ar airgeadas chun na spriocanna seo a shásamh. Leanfaidh an rialtas le monatóireacht a dhéanamh ar inrochtaineacht na hearnála ar airgeadas agus ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir lena riachtanais ina leith seo.’
Déanfaidh an Roinn breithniú ar a úsáid a bhaint as roinnt dá cistiú PFN chun an líonra saotharlann réigiúnach a athfhorbairt agus tionscadail phíolótacha Díleáiteora Anaeróbaigh. Tá céimeanna an-luatha den phleanáil bainte amach ag an dá thionscadal agus níor sannadh costais ná amlínte críochnúla go fóill.
Dúirt an tAire McConalogue, mar fhocal scoir:
“Is uaillmhianach do na spriocanna agus teastaíonn infheistíocht chun an uaillmhian seo a bhaint amach. Lorgóidh infheistíochtaí caipitil san earnáil agraibhia le tacú le forbairt inbhuanaithe na hearnála i gcomhréir leis an uaillmhian in Fís don Bhia 2030. Cabhróidh Comhbheartas Talmhaíochta agus Comhbheartas Iascaigh an AE leis na cuspóirí seo a bheidh ag oibriú i ndiaidh 2020 agus a bhfuil súil leis go ndíreoidh siad ar na hearnálacha seo ar bhealach a sholáthraíonn inbhuanaitheacht fheabhsaithe gheilleagrach, chomhshaoil agus shóisialta, agus béim ar leith ar ghníomhartha a dhéanann athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Is é leithdháileadh PFN na Roinne do na blianta a fhaide le 2025:
2020 2021 2022 2023 2024 2025
Grúpaí Vóta Aire Croíchaipiteal Croíchaipiteal Caipiteal Caipiteal Caipiteal Caipiteal
€ milliún € milliún € milliún € milliún € milliún € milliún
Talmhaíocht, Bia agus Mara 274 271 281 284 287 290