“Cé gur ‘seachtain sábháilteachta’ í gach aon seachtain, ar ndóigh, tugann seachtain thiomnaithe mar seo deis iontach do gach duine atá ag obair in earnáil na tógála a chur i gcuimhne dóibh féin a thábhachtaí agus atá cleachtais oibre shábháilte ó thús go deireadh tionscadail. Is léir go bhfuil freagracht orainn saol agus sláinte na n-oibrithe a chosaint ach, ina theannta sin, laghdaíonn bainistiú ceart sláinte agus sábháilteachta an baol go mbeadh oibrithe as láthair, go mbeadh moill ar thionscadail, go ndéanfaí éilimh, go mbeadh ionchúiseamh i gceist etc agus na costais eacnamaíochta ghaolmhara ar ghnó agus ar an Stát.”