Cuireann an tAire Heydon tús le sraith cuairteanna ar shaoráidí agraibhia, foraoiseachta agus taighde mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tús curtha ag Martin Heydon, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, le sraith cuairteanna ar shaoráidí agraibhia, foraoiseachta agus taighde mara ar fud na hÉireann. Tá sé i gceist ag an Aire bualadh le taighdeoirí agus le mic léinn iarchéime atá ag obair ar thionscadail atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus éisteacht go díreach leis an dul chun cinn eolaíoch atá á dhéanamh i raon réimsí beartais atá ábhartha don Roinn agus don earnáil agraibhia níos leithne. Tapóidh an tAire an deis freisin chun torthaí an taighde seo atá maoinithe ag an DAFM a thabhairt chun suntais, go háirithe iad siúd a chuireann le hinbhuanaitheacht na hearnála ina gnéithe uile, ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus sóisialta de, agus a chuidíonn le heolas a chur ar fáil do chinnteoireacht agus do bheartas ar fud an rialtais agus an tionscail.
Thosaigh an tAire Heydon le cuairt ar Fhoras na Mara in Órán Mór, áit ar chuir an tUasal Niall McDonagh, Stiúrthóir Seirbhísí Beartais, Nuálaíochta agus Taighde ar an eolas é maidir le tionscadail thar raon leathan réimsí lena n-áirítear pleanáil chaomhnaithe uiscí cósta agus feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus sábháilteacht táirgeadh sliogéisc.
Ina dhiaidh sin chas an tAire le Teagasc ag an Ionad Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe agus Féaraigh i mBaile Átha an Rí, Gaillimh. Bhuail an tAire ansin le taighdeoirí, baill foirne agus mic léinn a scrúdaíonn cuir chuige nua maidir le táirgiúlacht, inbhuanaitheacht agus iomaíochas chórais táirgthe caorach na hÉireann a mhéadú. Bhuail sé freisin leis an Dr. Niall Farrelly, ar bronnadh os cionn €2.2 milliún air le déanaí ó Ghlao Taighde Iomaíoch 2021 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara chun straitéisí oiriúnaithe, maolaithe agus cosanta a imscrúdú chun acmhainneacht a mhéadú i bhforaoisí na hÉireann.
Dúirt an tAire:
“Mar Aire Stáit le freagracht ar leith as taighde agus nuálaíocht, tá áthas orm an deis seo a thapú an taighde iontach atá á dhéanamh ar fud na tíre, arna mhaoiniú ag mo Roinnse, a fheiceáil. Táim ag súil go háirithe le bualadh leis na taighdeoirí, na mic léinn agus na teicneoirí a bhfuil baint acu leis na tionscadail seo agus a raibh orthu déileáil le réimse dúshlán agus iad ag déanamh a gcuid taighde le linn phaindéim COVID”.
“Leagtar amach sa Straitéis Fís don Bhia 2030 fís d'Éirinn a bheith ar thús cadhnaíochta ar domhan i gCórais Bhia Inbhuanaithe agus tá ceann amháin de na ceithre Mhisean tiomnaithe do thaighde, do nuálaíocht, do theicneolaíocht agus do chaipiteal daonna. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil an taighde atá á mhaoiniú ag mo Roinn ag cur go leordhóthanach leis an Misean seo. Mar aon le mo chuairteanna ar Fhoras na Mara agus ar Theagasc Baile Átha an Rí, tá mé ag tapú an deis cuairt a thabhairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfaighidh mé níos mó amach faoi raon tionscadal taighde ar shábháilteacht bia agus ar dhramhaíl bia atá ar siúl ansin.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon
“bhí an earnáil agraibhia chun tosaigh i gcónaí i dtaighde agus i nuálaíocht eolaíochta. I bhfianaise na ndeiseanna agus na ndúshlán atá roimh an earnáil sna deich mbliana atá romhainn, creidim go mbeidh infheistíocht i dtaighde ar mhaithe leis an bpobal ina chumasóir ríthábhachtach don earnáil a bhaineann leas as na deiseanna sin agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin”.
Críoch.