Cuireann an tAire McConalogue fáilte roimh an dul chun cinn tábhachtach san iarratas TCG do Mhairteoil Fhéar-Chothaithe na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., fáilte inniu roimh an dul chun cinn tábhachtach maidir leis an iarratas ar stádas Tásc Geografach faoi Chosaint (TGC) do Mhairteoil Fhéar-Chothaithe na hÉireann.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Táim thar a bheith sásta gur tugadh an comhairliúchán idir mo Roinnse agus Bord Bia lenár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus sa RA chun críche ráthúil le comhaontú go gclúdóidh an limistéar geografach atá clúdaithe san iarratas Éire agus Tuaisceart Éireann araon.”
“Bhí sé mar aidhm i gcónaí agam an t-iarratas TGC a leathnú go hOileán uile na hÉireann, agus tá an cheist seo pléite agam le mo Chomh-Aire Talmhaíochta Edwin Poots roinnt uaireanta. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair dhian atá déanta ag gach éinne a raibh baint acu leis an gcomhaontú seo a bhaint amach, ina measc oifigigh mo Roinne agus de chuid Bord Bia, agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann sa Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA), sa Choimisiún Beostoic agus Feola, agus sa Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe (DEFRA) de chuid an RA. Cuirfear an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoin gcomhaontú anois, agus tá súil agam gur féidir na céimeanna atá fágtha a chur ar aghaidh go tapa, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach an próiseas clárúcháin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir.”
Dúirt Michael Murphy, Príomhfheidhmeannach eatramhach Bhord Bia:
“Cuirím fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas a bhaint amach go dtí seo. Chuir Bord Bia tús leis an iarratas seo ar TGC toisc go dtugann sé deis shuntasach dúinn luach a chur le honnmhairithe mairteola na hÉireann go dtí na príomh-mhargaí atá bunaithe ar cháil na ardchaighdeán againn as ár gcóras táirgeachta féar-chothaithe ar leith. Táimid ag cur ár gcur chuige chun cinn anois maidir leis an TGC do Mhairteoil Fhéar-Chothaithe na hÉireann a chur i bhfeidhm inár margaí Eorpacha, agus sinne ag feitheamh ar chríochnú ráthúil i bpróiseas an iarratais. In éineacht lenár gcuid fheirmeoirí, lenár gcuid onnmhaireoirí agus lenár gcuid chustaiméirí, ba mhaith linn a chinntiú gur féidir an TGC a chur i bhfeidhm d'fhonn aitheantas an tomhaltóra a mhéadú maidir le tréithe agus cáil ar leith Mairteoil Fhéar-Chothaithe na hÉireann mar tháirge réigiúnach na hEorpa atá faoi chosaint.“
Déanfar an tsonraíocht leasaithe a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara go luath, agus cuirfear in iúl don Choimisiún Eorpach í, agus tabharfaidh an Coimisiún comhairle ar na chéad chéimeanna eile. Mar gheall ar an athrú ar an limistéar geografach lena bhaineann, beidh gá le tréimhse eile an fhoilsithe agus an chomhairliúcháin ar leibhéal an AE/tríú tír.
Faoi réir scéimeanna cáilíochta an AE, cosnaítear ainmneacha na dtáirgí siúd a bhfuil nasc intreach acu idir a gcuid cháilíochtaí nó a gcuid saintréithe agus an tionscnamh geografach. Áirítear lena leithéid:
Tásca geografacha faoi chosaint (TGC) do tháirgí talmhaíochta, d’earraí bia agus d’fhíonta
Tar éis próisis chomhairliúcháin fhairsing againn le geallsealbhóirí in Éirinn, chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara iarratas TGC ar Mhairteoil Fhéar-Chothaithe na hÉireann ó Bhord Bia, thar ceann na dtáirgeoirí, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí Shamhna na bliana 2020.
Idir mí Bhealtaine agus mí Dheireadh Fómhair na bliana 2021, d’fhreagair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Bord Bia na fiosrúcháin ón gCoimisiún Eorpach mar chuid d’iniúchadh an Choimisiúin ar an iarratas.
Ar an 8 Nollaig 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an t-iarratas ar TGC ar ghnás cur in éadan trí mhí de chuid an AE/tríú tíre.
Tar éis don RA ráiteas cur in éadan réasúnaithe a chur isteach ar an 14 Aibreán 2022, thug an Coimisiún Eorpach cuireadh don dá pháirtí dul i ngleic leis an gcur in éadan an TGC. Tá mion-phlé idir na páirtithe i gceist ar siúl ó mhí Aibreáin.
Tá tuilleadh eolais faoi Thásca Geografacha, lena n-áirítear Tásc Geografach faoi Chosaint, ar fáil anseo ag: https://www.gov.ie/en/publication/a7412-geographical-indications-protected-food-and-drink-names/