Cuireann an tAire McConalogue imní in iúl faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag costais ionchuir atá ag ardú ar mhargaí talmhaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, a imní in iúl inniu faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag costais ionchuir atá ag ardú ar an margadh thar raon earnálacha táirgí talmhaíochta.
Ag labhairt dó ag Comhairle Agrifish an lae inniu sa Bhruiséil, áit ar dhírigh na príomhphléití ar staid reatha na margaí talmhaíochta, dúirt an tAire McConalogue:
"Tá imní orm faoi na forbairtí diúltacha sa mhargadh leasacháin agus na costais mhéadaitheacha a bhaineann le hionchuir eile. Tá táirgeoirí ag tabhairt aghaidh ar mhéaduithe suntasacha ar phraghas ionchuir i mbreosla, leasacháin, beatha agus fuinneamh, a chuirfidh corrlaigh faoi bhrú suntasach má chothaítear iad le himeacht ama. Ní mór dúinn gach fachtóir ábhartha a scrúdú, lena n-áirítear eisiúint dleachtanna frithdhumpála ar leasacháin."
Bhí trádáil ar mhargaí talmhaíochta mar ghné den phlé maidir le Comhdháil Aireachta an WTO atá le teacht, a bheidh ar siúl sa Ghinéiv go gairid. Dúirt an tAire:
“Mholfainn don Choimisiún a bheith aireach maidir le tograí le haghaidh clár oibre amach anseo i ndáil le tacaíocht intíre. Ní féidir an bonn a bhaint dár n-athchóirithe CBT a bhí saothraithe go maith." Chuir an tAire béim freisin ar an ngá le fóirdheontais dícháinithe breosla d’iascach a chothabháil.
I measc na nithe eile a pléadh ag an gComhairle bhí conclúidí nua ón gComhairle maidir le Straitéis Foraoiseachta an AE. D’fháiltigh an tAire roimh an gcomhaontú maidir leis an Straitéis nua, a bheidh mar phointe tagartha lárnach i bhforbairt beartais a bhaineann le foraoisí.
“Tá Éire anois tar éis tús a chur lena Straitéis Náisiúnta Foraoise nua féin a ullmhú”, a d’fhógair an tAire McConalogue. “Cuirfidh ár Straitéis san áireamh Straitéis Foraoiseachta an AE, straitéis Bithéagsúlachta an AE agus an uaillmhian atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas.”