Cuireann an tAire McConalogue Líonra na bhFeirmeoirí agus Leas Ainmhithe (LFLA)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Dr Ciara Feeney Reid, Cathaoirleach na Comhairle Comhairleach um Leas Ainmhithe Feirme (CCLAF), in éineacht leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. chun tús a chur le Líonra na bhFeirmeoirí agus Leas Ainmhithe (LFLA).
Comhlíonann an tionscnamh nua seo an gealltanas i Straitéis Leas Ainmhithe 2021-2025, na Roinne, trí athnuachan agus athbhrandáil a dhéanamh ar an gCóras Réamhrabhaidh (CRR) roimhe seo.
“Gabhaim comhghairdeas leis an Dr Feeney Reid agus le comhaltaí na Comhairle Comhairleach um Leas Ainmhithe Feirme (CCLAF) as tús a chur leis an Líonra na bhFeirmeoirí agus Leas Ainmhithe (LFLA). Bhí bród orm tús a chur leis an Straitéis nua um Leas Ainmhithe anuraidh, agus tá an-áthas orm ceann dá gníomhartha a fheiceáil curtha i gcrích, buíochas le hobair chomhaltaí an CCLAF.
“D’aithin an CCLAF an tábhacht a bhaineann le leanúint ar aghaidh ó rath an Chórais Réamhrabhaidh roimhe seo trí bhéim athnuaite a chur ar an gcomhoibriú faoi choimirce an LFLA athbhrandála agus athspreagtha.”
Tionscnamh a thug an FAWAC isteach ar dtús sa bhliain 2004 a bhí sa Chóras Réamhrabhaidh, a raibh baint ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag na geallsealbhóirí leis. Ba é cuspóir an chórais seo ná creat a chur ar fáil inar féidir fadhbanna leasa ainmhithe feirme a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu sula n-éiríonn siad ródhona. Is tionscnamh leasa ainmhithe an-rathúil é seo, agus thug an cur chuige dearfach a ghlac na rannpháirtithe feasacht níos fearr ar na fachtóirí éagsúla a bhaineann le fadhbanna leasa ainmhithe agus d'éascaigh sé idirghabháil a dhéanamh ag céim níos luaithe, rud a chabhraíonn le heachtraí níos tromchúisí a sheachaint.
Lean an tAire:
“Tá leas ainmhithe ag éirí mar cheist níos tábhachtaí do shaoránaigh na hÉireann, agus táimid níos feasaí i gcónaí ar an idirghaol idir leas ainmhithe agus sláinte agus folláine an duine. Iarrann an LFLA go nglacfar glacadh leis an éiteas “Sláinte amháin, Leas Amháin” tríd an idirghaol seo a aithint agus trí chuidiú le pobal na feirme imní faoi leas ainmhithe a sheachaint agus a mhaolú trí idirghníomhú dearfach le líonra grúpaí an LFLA. Is obair do gach éinne an phobail í caighdeáin arda leasa ainmhithe a chur ar fáil; dóibh siúd ar leo ainmhithe, a thugann aire dóibh nó atá freagrach as ainmhithe, cibé acu ar an bhfeirm nó sa bhaile.
“Is féidir linn le chéile a chinntiú, mar phobal, go dtugaimid an meas, an cúram agus caighdeáin arda na leasa atá tuillte acu dár n-ainmhithe compánacha, feirme agus fiáine.”
Dúirt an Dr Reid Feeney-Reid:
“Sé aidhm iomlán na hathnuachana ná feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar mhealltacht pobal na feirme chun dul i dteagmháil le LCLA, ag aithint an nasc idir leas an duine agus leas ainmhithe agus an tábhacht a bhaineann leis an idirghabháil luath nuair a thagann fadhbanna chun solais. Sé atá mar phríomhaidhm ag LFLA ná cabhrú le ceisteanna leasa ainmhithe a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu chomh maith le cosc a chur ar aon chás deacair dul in olcas trí chomhoibriú agus trí chumarsáid.”
Teideal an Ghrianghraif:
An tAire Charlie McConalogue T.D. agus an Dr Ciara Feeney Reid, cathaoirleach na Comhairle Comhairleach um Leas Ainmhithe Feirme