Cuireann an tAire McConalogue sraith cruinnithe Halla Baile ar siúl le hiascairí agus Pobail Chósta timpeall an chósta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cuireadh d’iascairí agus iad siúd a bhfuil baint acu le hiascaireacht i bpobail chósta Lú agus Bhaile Átha Cliath; Chill Mhantáin, Loch Garman agus Phort Láirge; Chorcaí agus Chiarraí; an Chláir, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Shligigh; agus Dhún na nGall bheith i dteannta leis le haghaidh sraith cruinnithe fíorga Halla Baile. Cuirfear na cruinnithe ar bun i gcaitheamh na tréimhse an 6 Bealtaine go dtí an 14 Bealtaine.
Dúirt an tAire McConalogue, “Is mian liom cloisteáil go díreach uathu siúd sa phobal a n-imríonn paindéim COVID-19 agus Brexit tionchar orthu agus éisteacht lena smaointe faoi thodhchaí a bpobal. Táim ag tnúth le rannpháirtíocht dhearfach agus éisteacht le moltaí a bhaineann go sonrach le gach pobal cósta maidir le conas tacú leis an earnáil bhia mara agus le gníomhaíochtaí gaolmhara eile sna pobail seo a bhraitheann ar iascaireacht agus ar imir dúshláin shubstainteacha tionchar orthu le bliain anuas agus iad a fhás.”
Sheol an tAire cuirí chuig iascairí, ionadaithe pobail chósta agus ionadaithe áitiúla an Oireachtais/
Nótaí don Eagarthóir:
Tá na cruinnithe Halla Baile thíos:
• Halla Baile Fíorga d’Iascairí agus Pobail Chósta i Lú agus Baile Átha Cliath leis an Aire McConalogue, Déardaoin, an 6 Bealtaine 2021 ó 5.30-7pm
• Halla Baile Fíorga d’Iascairí agus Pobail Chósta i gCill Mhantáin, Loch Garman agus Port Láirge leis an Aire McConalogue, Dé Máirt, an 11 Bealtaine 2021 ó 5.30-7pm
• Halla Baile Fíorga d’Iascairí agus Pobail Chósta i gCorcaigh agus Ciarraí leis an Aire McConalogue, Dé Céadaoin, an 12 Bealtaine 2021 ó 5.30-7pm
• Halla Baile Fíorga d’Iascairí agus Pobail Chósta sa Chlár, Gaillimh, Maigh Eo agus Sligeach leis an Aire McConalogue, Déardaoin, an 13 Bealtaine 2021 ó 5.30-7pm
• Halla Baile Fíorga d’Iascairí agus Pobail Chósta i nDún na nGall leis an Aire McConalogue, Dé hAoine, an 14 Bealtaine 2021 ó 4.30-6pm
Is féidir le daoine clárú d’aon cheann de na himeachtaí trí ríomhphost a sheoladh chuig coastaltownhall@agriculture.gov.ie agus sonraí logála isteach a fháil. Cuir d’ainm, láthair, agus an ceangal atá agat le hiascaireacht sa phobal áitiúil in iúl i do ríomhphost, le do thoil, agus scríobh do chontae sa líne ábhair freisin.
CRÍOCH