Cuireann McConalogue tús le hidirphlé earnála ar fud na tíre - An tAire chun cuairt a thabhairt ar fheirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia ar fud na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, tús le hidirphlé earnála ar fud na tíre inniu an 7 Iúil.
Tabharfaidh an tAire cuairt ar fheirmeoirí, iascairí, foraoiseoirí agus táirgeoirí bia ar fud na bpobal feirmeoireachta agus cósta ag tosú le cuairt ar chuan agus iascairí Bhinn Éadair agus ar fheirm Whyte i dtuaisceart Co. Bhaile Átha Cliath agus ag críochnú i nGaillimh an 30 Iúil.
Tabharfaidh an tAire cuairt ar chalafoirt agus ar chuanta mar Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus An Caisleán Nua chomh maith le táirgeoirí feirmeoireachta agus bia a bhfuil ról ríthábhachtach acu in earnáil onnmhairiúcháin na hÉireann ar fiú €14bn í.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Ba bhliain dheacair ach stairiúil í dár bhfeirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia. Tugaim moladh mór do gach duine san earnáil as bia a choinneáil ar ár mboird agus iad ag cinntiú freisin go leanann ár n-earnáil onnmhairiúcháin ag fás agus ag forbairt. Bhí Covid-19, an Breatimeacht agus leasuithe ar an CBT againn agus muid ag dul i ngleic lenár n-uaillmhianta i ndáil le hathrú aeráide chomh maith.
“Is í Éire príomhchathair bia inbhuanaithe an domhain agus ní bheifí in ann é seo a bhaint amach gan iad siúd a bhíonn ag gabháil na n-iasc, ag bleán na mbó, ag breith na n-uan agus ag baint na mbarr. Anois na srianta maolaithe, tá an deis á thapú agam bualadh le daoine go pearsanta, buíochas a ghabháil leo go pearsanta agus cloisteáil conas is féidir liom cabhrú lena saol a dhéanamh níos éasca.
“Caithfidh mé an samhradh ag éisteacht leis an oiread daoine agus is féidir inár n-earnáil mhór chun a ndearcaí agus a dtuairimí a fháil, mar atá déanta agam le linn mo chuid ama mar Aire go dtí seo. Is leosan an earnáil agus ba mhaith liom an oiread tuairimí agus is féidir a chloisteáil."
“Is iad ár bhfeirmeoirí, iascairí, foraoiseoirí agus táirgeoirí bia cnámh droma ár ngeilleagair tuaithe agus tá sé ríthábhachtach do thaobh tíe na hÉireann go ndéanann ár Rialtas a dtuairimí a mheas agus go dtacaíonn siad leo” a dúirt sé.