Buaileann an tAire Sláinte le cuideachtaí meán sóisialta chun mífhaisnéis frithvacsaínithe a phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail Simon Harris TD, an tAire Sláinte, le cuideachtaí meán sóisialta – Facebook, Twitter agus Google ina measc – inniu (Dé Luain) chun plé a dhéanamh ar na bearta atá ar bun acu chun mífhaisnéis frithvacsaínithe a chomhrac ar ardáin mheán sóisialta.
Shainaithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an drogall roimh vacsaíniú mar cheann amháin de na deich bpríomhbhagairt ar an tsláinte dhomhanda sa bhliain 2019.
Chuir an tAire na hábhair imní atá aige in iúl,
“Obair amú a bheidh sa dul chun cinn a rinneamar cheana féin ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a laghdú agus, i gcásanna áirithe, a dhíothú mura dtéimid i ngleic le mífhaisnéis agus bréagaisnéis, go háirithe ar na meáin shóisialta, faoi na tairbhí a bhaineann le vacsaíní agus faoina shábháilte atá siad agus má bhaineann an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis sin an bonn ónár gcláir um imdhíonadh.
Dúirt sé freisin,
“Tá na meáin shóisialta ina n-uirlis thar a bheith cumhachtach is féidir a úsáid chun daoine a threorú chuig foinsí faisnéise fíorasaí faoin vacsaíniú, rud a chumasaíonn do dhaoine cinntí eolacha a dhéanamh. Is sa chomhthéacs sin a bhuail mé leis na cuideachtaí meán sóisialta inniu”.
Mhol an tAire na cuideachtaí meán sóisialta ar a bheith réamhghníomhach agus ar bhearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus chuir sé fáilte roimh a dtiomantas do bheith ag obair leis an Roinn Sláinte chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.
Dúirt sé freisin, áfach:
“D’aithin na cuideachtaí féin go bhfuil freagracht orthu i leith a gcuid úsáideoirí i réimse na sláinte poiblí. Cé go ndearna roinnt díobh bearta chun mífhaisnéis vacsaínithe a chomhrac cheana féin, d’aithin siad go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh go fóill agus chomhaontaigh siad dul i dteagmháil leis an Roinn faoi obair an Chomhaontais Vacsaíní agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tionscnaimh eile a chur ar aghaidh.
“Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go bhfaighidh daoine faisnéis chruinn inchreidte faoin tsláinte phoiblí.”
CRÍOCH