D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, T.D. Tuarascáil an Dr Geoffrey Shannon, “Tuarascáil ar Bhailiúchan DNA Mharthanóirí Thuama”
("Report on the Collection of Tuam Survivors' DNA")
. D’iarr an tAire Zappone ar an Dr Shannon machnamh a dhéanamh ar cén gníomhartha a d’fhéadfadh bheith indéanta faoi na dlíthe reatha mar fhreagairt d’iarraidh ó roinnt grúpaí ionadaíocha chun tús a chur le samplaí DNA a bhailiú láithreach i gcomhthéacs phróifíl aoise agus stádas sláinte na marthanóirí. Ba é an cuspóir a bheadh ag samplaí a bhailiú ná chun iad a chur i gcomparáid lena chéile ní ba dhéanaí in aghaidh aon phróifílí DNA a d’fhéadfaí a ghineadh ó na hiarsmaí daonna a aimsíodh ag an suíomh i dTuaim agus, más féidir, sainaithint dhearfach a dhéanamh.