Ceadaíonn an tAire Donnelly tograí uaillmhianacha chun amanna feithimh ortaipéideacha péidiatraiceacha a mhaolú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá pleananna uaillmhianacha ceadaithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD ó Sláinte Leanaí Éireann agus ó Ospidéal Optaipéideach na Ceapaí chun amanna feithimh a laghdú do leanaí agus d’ógánaigh atá ag feitheamh le obráid ortaipéideach péidiatraiceach le haghaidh riochtaí mar Spina Bifida agus Scolóis. Áiríonn an plean sainmhaoiniú imfhálaithe do Pháistí na Ceapaí.
Tar éis iarratas ón Aire i mí Eanáir, d’fhorbair an FSS agus na hospidéil a bhí i gceist, plean chun amanna feithimh do sheirbhísí ortaipéideacha a fheabhsú.
Cuireadh na sonraí in iúl do ghrúpaí othar ag cruinniú tráthnóna inné.
Dúirt an tAire Donnelly:
“An tseachtain seo caite, bhí roinnt cruinnithe agam leis na foirne cliniciúla ó Chromghlinn, Sráid an Teampaill, agus Ospidéal Ortaipéideach na Ceapaí, in éineacht le bainistíocht shinsearach na n-ospidéal seo agus FSS, chun forbairt plean liosta feithimh ortaipéideach do leanaí in Éirinn a phlé.
“Tá an plean ceadaithe agam agus fáiltím roimh an sprioc chun a chinntiú nach mbeidh aon othar scolóise ag fanacht níos mó ná 4 mhí ar obráid faoi dheireadh na bliana seo. Is fachtóir ríthábhachtach é am chun a chinntiú go mbíonn toradh dearfach ag leanaí a bhfuil riochtaí cosúil le Scolóis agus Spina Bifida orthu óna n-obráidí.”
Leagtar amach na spriocanna seo a leanas sna pleananna:
Cuirfear roinnt gníomhaíochtaí spriocdhírithe i bhfeidhm: