Treisíonn an tAire Martin naisc chultúrtha idir Éirinn agus an Airgintín le linn chuairt Lá Fhéile Pádraig
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Gheall Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go neartóidh sí naisc idir Éirinn agus an Airgintín ina príomhóráid le linn a cuairte ar an Airgintín i Meiriceá Laidineach roimh cheiliúradh domhanda Lá Fhéile Pádraig.
Dúirt an tAire Martin gur theastaigh uaithi go ndéanfadh an dá thír naisc a athnuachan trí cheol, rince, scannánaíocht nó litríocht agus go bhfuil ról ag an gcultúr Éireannach ar fud an domhain maidir le hÉirinn a nascadh leis na 70 milliún duine atá inár ndiaspóra.
Dúirt an tAire é seo le linn a haithisc in Ollscoil Del Salvador (USAL), Buenos Aires. Le linn a cuairte, beidh cruinnithe tábhachtacha ag an Aire le hAirí sinsearacha, le mná atá ina bparlaiminteoirí agus ina n-ambasadóirí, le pobal Gael-Airgintíneach gnó agus le pobail spóirt agus cultúrtha na hÉireann.
Cuireann an chuairt deis ar fáil chun naisc stairiúla na hÉireann le fada an lá leis an Airgintín agus a pobal Éireannach a athnuachan. Tá tuairim is 600,000 duine de bhunadh na hÉireann ina gcónaí san Airgintín, an pobal is mó de bhunadh na hÉireann lasmuigh de na tíortha ina labhraítear an Béarla.
Ag labhairt inniu in USAL, dúirt an tAire Martin:
“Céad bliain ó bunaíodh an Stát, leanaimid ag cothú ár n-oidhreacht chultúrtha, ár dteanga san áireamh. Ní mar phíosaí iarsmalainne le staidéar a dhéanamh orthu agus le caomhnú, ach mar léiriú beo ar chultúr na hÉireann le roinnt go muiníneach ar stáitse domhanda agus muid ag bogadh isteach i gcéad bliain eile den neamhspleáchas.
“Is náisiún muid a bhfuil meas againn ar na healaíona agus ar na healaíontóirí, a chuireann an chruthaitheacht chun cinn i ngach gné dár saol laethúil, agus a thuigeann an ról atá ag an gcultúr chun caidirimh a thógáil ag gach leibhéal. Ag am ina bhfuil na fórsaí atá ag iarraidh sinn a dheighilt ag scriosadh saolta an oiread sin daoine san Úcráin agus in áiteanna eile, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go leanfaimid ag cothú agus ag cur chun cinn na nithe sin a cheanglaíonn sinn inár ndaonnacht choiteann.”
Cabhróidh cuairt an Aire le hiarrachtaí na hÉireann caidrimh a neartú sa réigiún, mar chuid de Straitéis do Mheiriceá Laidineach go dtí 2025 a sheol an Rialtas le déanaí.
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Mar gheall ar na spéiseanna céanna atá againn, d’fháilteoinn roimh spéis ó lucht eagraithe ealaíon san Airgintín i gcuairt ealaíontóirí Éireannacha le tacaíocht ó Chultúr Éireann ionas gur féidir linn ár naisc a neartú, bíodh sé trí cheol, rince, scannánaíocht nó litríocht.”
Ag labhairt le haíonna ag an léacht speisialta, dúirt an tAire chomh maith:
“Neartaíonn sé an tábhacht a bhaineann le nasc a choinneáil trí chultúr na hÉireann le diaspóra domhanda agus le sliochtaigh na hÉireann. Ar ndóigh tá i bhfad níos mó Éireannach ina gcónaí thar lear ná ar an oileán.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach tacú le cultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta le hÉirinn a nascadh leis na 70 milliún duine atá inár ndiaspóra Éireannach agus tuigimid go bhfuil a dtaithí, a scéalta agus a n-oidhreacht mar chuid lárnach dár gcultúr.”
Is í an Airgintín an comhpháirtí is sine atá ag Éirinn sa réigiún. Bhí sé ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a thug aitheantas do neamhspleáchas Stát na hÉireann.
Agus comhoibriú taidhleoireachta, eacnamaíoch, oideachais agus cultúrtha á cur chun cinn idir an dá thír le linn na cuairte, seolfaidh an tAire taispeántas freisin ag ceiliúradh 100 bliain de chairdeas idir Éirinn agus an Airgintín. Freastalóidh an tAire ar fhéile shráide speisialta faoin aer chomh maith chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig in Buenos Aires.
Tá óráid an Aire Martin in Ollscoil Del Salvador (USAL) ar fáil anseo