Plean Teanga don Eachréidh, Co na Gaillimhe ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D. go bhfuil plean teanga don Eachréidh, Co na Gaillimhe ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga. Fágfaidh sé seo go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean sa limistéar. Cuirfidh sé seo ar chumas Coiste Pleanála Teanga an Eachréidh, ceanneagraíocht an limistéir, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga don limistéar.
Ag fógairt an phlean teanga agus an allúntais bhliantúil ina leith dúirt an tAire Stáit Chambers: “De thoradh an plean teanga seo a bheith ceadaithe anois faoin bpróiseas pleanála teanga, beifear in ann dul ar aghaidh agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga sa limistéar. Is céim mhór chun tosaigh é seo don cheantar ó thaobh chaomhnú na Gaeilge de agus táim cinnte de go mbainfidh an pobal áitiúil leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean. Tréaslaím le Coiste Pleanála Teanga an Eachréidh as an obair mhór atá déanta acu chun an plean a ullmhú agus guím gach rath orthu lena chur i bhfeidhm".
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Phróisis Pleanála Teanga faoi ghnímh 2.1 agus 2.3 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an plean teanga á cheadú.
Nóta don Eagarthóir
• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta Tá 19 limistéar ceadaithe go dáta, le LPT an tEachréidh san áireamh, agus 3 cinn á mheas ag an Roinn. Tá 3 phlean eile á mheas ag an Údarás agus plean amháin á ullmhú.
• Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe (18 nOifigeach Pleanála Teanga, 3 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta)
• Tá dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe – An Daingean & Leitir Ceanainn
• Tá ullmhú plean teanga ar bun i sé cinn de bhailte faoi láthair - An Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbháin & Trá Lí agus tá plean teanga i leith Chathair na Gaillimhe á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair
• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin