Rialtais na hÉireann agus na Breataine Bige ag tabhairt tús áite d’iompar lasta agus daoine i ndiaidh cruinnithe cuiditheach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí cruinniú cuiditheach ag an Aire Stáit ag an Roinn Iompair, James Lawless, tráthnóna Dé Domhnaigh, le Rialtas na Breataine Bige, Rúnaí Comh-aireachta ar Iompar agus An Bhreatain Bheag Thuaidh Ken Skates, agus Rúnaí Comh-aireachta ar Gheilleagar, Fuinneamh agus Pleanáil, Rebecca Evans, ar na deacrachtaí le Calafort Holyhead i ndiaidh stoirme Darragh.
D’aontaigh na hAirí go gcomhoibreodh siad le chéile go hiomlán go ceann 10 lá láithreach, chun cinntiú gur féidir lasta agus daoine a iompar chomh héifeachtach agus is féidir trasna Mhuir Éireann le raon calafort éagsúla ó Holyhead a úsáid.
D’aontaigh na hAirí go bhuil an t-ábhar seo mar thosaíocht don dá Rialtas. Beidh oifigigh agus Airí i dteagmháil go laethúil le linn na seachtaine seo, ag comhroinnt eochairmhír sonraí agus eolas ar lasta agus áirithintí paisinéirí agus ag obair go dlúth le comhlachtaí calafort agus carrchalaidh chun seoltaí breise, éagsúla agus níos minicí a chinntiú nuair is féidir.
Tá na hAirí aontaithe freisin ar an dtábhacht atá le hoibritheoir calafoirt Holyhead faisnéis iontaofa agus suas chun dáta a chur ar fáil don phobal agus don earnáil lóistíochta de réir mar a leantar leis an obair chun an calafort a athoscailt.
Dheimhnigh na Rúnaithe Comh-aireachta freisin go bhfuil maolú ligthe ag an Ríocht Aontaithe ar an méid uaireanta an chloig oibre atá ceadaithe do thiománaithe tarlaithe a dhéanamh, rud atá déanta ag Éire an deireadh seachtaine seo chomh maith.
Tiocfaidh na Rúnaithe Comh-aireachta Skates agus Evans le chéile le hAirí Ryan agus Lawless i gcruinniú le Irish Ferries agus Stena Line Ferries inniu ag 1in.
Buailfidh Rúnaí Skates freisin le Rúnaí Stáit na Breataine Bige, Jo Stevens, MP, agus Aire Iompair na Ríochta Aontaithe Heidi Alexander, MP ar an ábhar céanna.