Seolann an tAire Humphreys an tSeachtain Oibre agus Scileanna Tógála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, tús na Seachtaine Oibre agus Scileanna Tógála inniu ina mbeidh sraith imeachtaí earcaíochta á gcur ar siúl ag an Roinn ag roinnt láithreacha timpeall na tíre.
Cuireadh tús leis an tseachtain le móraonach mór gairmeacha beatha, printíseachtaí agus oiliúna tógála i Staid Thamhlachta, ar thug an tAire cuairt air.
Freastalóidh 28 fostóir ar an imeacht seo anuas ar roinnt soláthraithe seirbhíse eile, OT Bhaile Átha Cliath, BOOanna áitiúla agus eagraíochtaí ar nós CIF agus WorldSkills Ireland.
Beidh seomra taispeántais ag an imeacht seo freisin ina mbeidh an deis ag cuardaitheoirí poist a fhreastalóidh ar an imeacht triail a bhaint as roinnt ceirdeanna ar innill réaltachta fíorúla (VR).
Díreoidh an tseachtain ar earcaíocht, printíseachtaí, mná sa tógáil agus do ghnólacht féin a thosú.
Leanann an t-imeacht an tionscnamh #TógáilDonTodhchaí (#FutureBuilding) a fógraíodh le déanaí agus atá tiomnaithe d’oibrithe tógála a earcú. Bunaíodh aonad trasfheidhmiúil, ina bhfuil foireann ón Roinn Coimirce Sóisialaí, SOLAS agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann a bhfuil saineolas acu i ngníomhachtú, earcaíocht agus oiliúint le soláthar na gné seo den Straitéis Bealaí chun Oibre Straitéis a bhrostú.
Le haghaidh a thabhairt ar sprioc Tithíocht do Chách an Rialtais a sholáthar, is é sin, 33,000 áit chónaithe nua a sholáthar in Éirinn gach bliain go dtí 2030, meastar gur gá don earnáil tógála 27,500 oibrí nua breise a earcú sna chéad 5 bliana eile amach romhainn.
Aithníonn an tAire Humphreys na dúshláin a bhaineann le hoibrithe atá oilte cheana féin a earcú a ó Éirinn agus thar lear agus le grúpa oibrithe a chinntiú trí roghanna printíseachta, oideachais agus oiliúna.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tabharfaidh an tseachtain oibre agus scileanna tógála seo deis ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta leis an tógáil a thaispeáint mar rogha gairm bheatha.
“Tá 40 imeacht ar na bacáin ag roinnt láithreacha timpeall na tíre agus i mBaile Átha Cliath, agus imeachtaí i bpearsan iad go leor díobh ar a mbeidh fostóirí atá ag iarraidh folúntais a líonadh ag freastal agus imeachtaí eile a bheidh á gcur ar siúl ar líne.
“Idir móraonach gairmeacha beatha tógála i mBaile Átha Cliath ag seisiúin bheaga áitiúla phrintíseachtaí in ionaid oiliúna BOO a bheidh sna himeachtaí.
“Tá ár dTionscnamh #TógáilDonTodhchaí á chur chun cinn ag na hoifigigh i mo Roinn anuas ar chomhghleacaithe sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais faoi Straitéis Bealaí chun Oibre an Rialtais.”
Cuirfear deireadh leis an tseachtain le Lá Eorpach na bPost ar Líne ina mbeidh an díriú ar Phoist Ghlasa in Éirinn, poist tógála san áireamh.
Seo a leanas Sceideal na nImeachtaí.