Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 3 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €48.4 milliún do 163,327 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu.
Tá na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo faoi ÍDP anuas ar na 175,281 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí an Mheithimh.
Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist inniu, Dé Máirt, an 3 Lúnasa.
Ag caint di inniu faoi fhigiúirí na seachtaine seo, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
”Tar éis go bhfuil fáilteachas taobh istigh á chur ar fáil arís, is iontach a thabhairt faoi deara go bhfuil níos mó gnólachtaí oscailte arís anois de réir mar a dhruideann na seachtainí is gnóthaí den séasúr saoire linn.
”Tá an méid daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu anois ar an leibhéal ísle leibhéal ó thosaigh an phaindéim agus tá níos mó daoine ag filleadh gach seachtain ar an obair.
”Is ábhar mór spreagtha é freisin a thabhairt faoi deara go bhfuil fógraíocht á déanamh go gníomhach ag go leor gnólachtaí d’fhoireann nua agus go bhfuil foireann nua á fostú acu. De réir mar a chruthaítear poist nua, is mian liomsa, agus mo chomhghleacaithe sa rialtas, a chinntiú go mbíonn daoine atá dífhostaithe faoi láthair, an oiliúint, na scileanna, agus an mhuinín acu chun glacadh leis na róil nua seo.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Léirigh an méid a tharla roimhe seo dúinn nach ngluaiseann an geilleagar, nuair a thagann téarnamh air, ar an luas céanna i measc gach duine. Agus, dar ndóigh, dá fhaide a bhíonn duine dífhostaithe, is deacra a d’fhéadfadh sé a bheith post a aimsiú.
”Tá deis oibre tuillte ag gach duine agus tá tacaíocht an Stáit agus a sheirbhísí chun an obair sin a aimsiú tuillte ag gach duine. Tá Bealaí chun Oibre dírithe air sin – cabhrú le daoine post a aimsiú agus é a choimeád.
”Bainfidh ríthábhacht le haghaidh a thabhairt ar na geilleagrach sa straitéis Bealaí chun Oibre maidir lenár dtéarnamh geilleagrach iomlán. Is é croíchuspóir na straitéis seo cabhrú leo siúd ar imir víreas COVID-19 tionchar ar a bhfostaíocht agus leis na daoine a chaill a bpoist roimh an bpaindéim, chun ullmhú d’fhostaíocht agus fostaíocht a bhaint amach.
”Déanfaidh mé féin agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas gach rud is féidir linn chun cabhrú le daoine obair a fháil in earnálacha a chuirfidh á dtéarnamh chun cinn agus ina mbainfimid borradh inbhuanaithe fadtéarmach amach.”
Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu (60,730). Is iad Corcaigh (14,629) agus Gaillimh (8,740) an dara agus an tríú contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Is í an earnáil ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ná Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (37,723) agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (25,368) agus gníomhaíochtaí Seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta (18,350).
Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 2 Lúnasa, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 10 Lúnasa.
Beidh an ráta uasta €350 an tseachtain seo á fháil ag 46% díobh siúd a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.
Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo caite ag daoine a dhún a n-éileamh agus cuirtear na daoine seo san áireamh sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo.
Is iad na trí earnáil is mó inar chuir fostaithe deireadh lena nÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia, Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola agus Tógáil.
Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil inniu ag 2,024 duine, i gcomparáid le 1,642 duine an tseachtain seo caite.
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 7, 8 agus 9.
Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad.
Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.
Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.