Buaileann an tAire Donnelly le Grúpa um Beathú Cíche na Carraige Duibhe chun an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche a cheiliúradh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu bhuail an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD leis an ngrúpa um beathú cíche in Ionad Cúraim Phríomhúil na Carraige Duibhe chun an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2021 a cheiliúradh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is iontach an rud é na grúpaí tacaíochta a fheiceáil ar fud na tíre,an ceann ar thug mé cuairt air sa Charraig Dhubh san áireamh, agus iad ag tabhairt comhairle agus cúnamh praiticiúil do mhná agus iad ag tosú amach leis an mbeathú cíche.
“Is é téama na bliana seo ná ‘Na Glúnta atá romhainn a Chothú: Tacú leis an mbeathú cíche tríd an phaindéim agus ina dhiaidh sin’, agus tá sé go hálainn go mbeidh máithreacha agus naíonáin nua ábalta dul ar ais go dtí na cruinnithe pearsanta seo, cé go raibh áthas orm a chloisteáil cé chomh tábhachtach is a bhí na cruinnithe fíorúla don tseirbhís seo i rith na paindéime.
Níos luaithe i mbliana, mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Gnímh Náisiúnta um Beathú Cíche, fógraíodh go mbeadh cistiú breise de €1.58 milliún á chur ar fáil do FSS chun 24 sainchomhairleoirí lachta breise a mhaoiniú, agus ar an mbealach sin, tacú le gach aonad máithreachais sa tír.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá cultúr in Éirinn bheith ag beathú le buidéil agus tá sé tábhachtach feabhas a chur ar ár rátaí beathú cíche chun sláinte leanaí agus máithreacha a fheabhsú. Ní mór tacú le máithreachta maidir leis seo.
“Tá sé tábhachtach tacaíocht agus eolas a thabhairt do mhná agus go mbeidh rochtain ar shaineolas acu sula dtosaíonn siad ar an mbeathú cíche agus ina dhiaidh sin, chun go mbeidh an tús is fearr is féidir ag leanaí sa saol.
“Ciallaíonn na sainchomhairleoirí lachta nua seo, agus is cúis áthais dom é, go mbeidh clúdach náisiúnta iomlán againn, mar go dtí seo ní raibh suas le 70% den tír ábalta an tacaíocht seo a thairiscint inár n-aonad máithreachais ná sa phobal.”
Deireadh