Bunaíonn na hAirí Sláinte Grúpa Comhairleach COVID -19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, inniu go mbunófar Grúpa Comhairleach COVID -19.
Cuirfidh an grúpa comhairle ar an Aire Sláinte agus ar an Rialtas maidir leis an gcaoi is fearr chun ullmhacht mheántéarmach go fadtéarmach na hÉireann i gcoinne SARS-CoV-2 a uasmhéadú. Déanfaidh an Grúpa an méid seo a leanas:
Ón gcruinniú deireanach den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) do COVID -19 , tá Éire tar éis aistriú ó chéim éigeandála na paindéime go céim inar aistrigh an fócas ó rialáil agus srianta daonra go comhairle sláinte poiblí, breithiúnas pearsanta agus iompraíochtaí cosanta pearsanta.
Éilíonn an chéim nua seo de fhreagairt na hÉireann ar COVID -19 cur chuige atá bunaithe ar fhianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta, bunaithe ar an gcleachtas sláinte poiblí is fearr, le ballraíocht leathan, ildisciplíneach a chuimsíonn baill a bhfuil saineolas agus taithí ar leith acu i réimsí freagrachta straitéisí agus/nó oibríochta.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm Grúpa Comhairleach Covid-19 agus a bhallraíocht a fhógairt inniu. Tá réimse leathan saineolais sa ghrúpa iontach seo. Tá líon na ndaoine san ospidéal ag titim faoi láthair, rud atá ag cur daoine ar a suaimhneas. Ttá Covid-19 fós ina bhagairt, áfach, agus níl aon bhealach cinnte ann chun a fháil amach cad atá amach romhainn. Ní mór dúinn a bheith ullamh. Bainfidh Grúpa Comhairleach Covid an leas is fearr as saineolas náisiúnta, sonraí idirnáisiúnta agus fianaise.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an ghrúpa as a gcuid ama agus fuinnimh a thabhairt go deonach do fhreagairt leanúnach na hÉireann ar an bpaindéim seo."
Dúirt an tAire Feighan:
“Chruthaigh COVID-19 dúshláin fhollasacha dár gcóras sláinte poiblí. Tá sé ríthábhachtach anois go n-úsáidfimid an saineolas agus an fhianaise go léir atá ar fáil dúinn chun leanúint ar aghaidh ag cosaint ár seirbhíse sláinte agus ag ligean dúinn freagra a thabhairt ar aon rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le COVID-19 amach anseo.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an nGrúpa Comhairleach maidir le COVID-19 agus muid ag bogadh chuig an gcéad chéim eile dár gcomhfhreagairt ar COVID."
CRÍOCH
Baill de Ghrúpa Comhairleach COVID-19
Cathaoirleach - Príomhoifigeach Leighis | An Dr Tony Holohan |
Leas-Phríomhoifigeach Leighis | An Dr Ronan Glynn |
Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS | An Dr. Colm Henry |
Cathaoirleach an IEMAG | An tOllamh Philip Nolan |
Cathaoirleach ar Shainghrúpa Comhairleach COVID-19 HIQA | An tOllamh Máirín Ryan |
Cathaoirleach AMRIC | An Dr Eimear Brannigan |
Stiúrthóir, HPSC | An Dr Derval Igoe |
Stiúrthóir Réigiúnach Sláinte Poiblí | An Dr John Cuddihy |
Liachleachtóir Ginearálta | An Dr Tadhg Crowley |
Uachtarán RCPI | An tOllamh Mary Horgan |
Micribhitheolaí Comhairleach | An Dr Anne Rose Prior |
Comhairleoir ar Ghalair Thógálacha | An tOllamh Paddy Mallon |
Aonad Taighde Iompraíochta an ESRI | An tOllamh Pete Lunn |
Stiúrthóir, an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris | An Dr Cillian de Gascun |
Ollamh le Ceimic Fhisiceach | An tOllamh John Wenger |
Léachtóir Sinsearach sa Bhithcheimic | An Dr Anne Moore |
Ollamh le Bithcheimic agus Imdhíoneolaíocht | An tOllamh Luke O’Neill |
Ollamh, Cathaoirleach ar an Imdhíoneolaíocht Chomparáideach | An tOllamh Clíona O’Farrelly |
Ceann an Rannáin um Chosaint Sláinte, An Roinn Sláinte | An tUas. Fergal Goodman |
Ionadaí ó Roinn an Taoisigh | TBC |
Baill de Ghrúpa Comhairleach COVID-19