Fógraíonn an tAire Ryan comhaontuithe nua comhair fuinnimh leis an Ríocht Aontaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, dhá Mheabhrán Tuisceana nua inniu le Claire Coutinho, Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe um Shlándáil Fuinnimh agus Aeráidneodracht ag an Roinn um Shlándáil Fuinnimh agus Aeráidneodracht. Leis na Meabhráin sin, méadófar comhar le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt, iniúchfar deiseanna le haghaidh idirnasc breise leictreachais agus feabhsófar slándáil na soláthairtí gáis.
Leis an gcéad Mheabhrán Tuisceana maidir le ‘Comhar i leith an Aistrithe Fuinnimh, Foinsí Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus Idirnasc Leictreachais’, éascófar tuilleadh comhair ar na deiseanna atá ann idirnasc breise leictreachais a chruthú idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain Mhór.
Leis an dara Meabhrán Tuisceana maidir le ‘Comhar le haghaidh Shlándáil an tSoláthair Gáis Nádúrtha’, léirítear an caidreamh fuinnimh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, ar caidreamh é a bhíonn ag éirí níos cuidithí i gcónaí. Is é cuspóir an Mheabhráin Tuisceana sin treisiú leis na cleachtais agus leis an gcomhar atá ar bun idir an dá Stát agus idir na Ranna ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha. Leagtar amach ann an dóigh a n-oibreoidh an dá Stát le chéile i gcás laghdú nó cur isteach ar an soláthar.
Cumasaítear le hIdirnascairí Leictreachais trádáil leictreachais idir tíortha, agus beidh ról ríthábhachtach ag an trádáil sin maidir lenár dtodhchaí chomhroinnte fuinnimh. Féachfar ar a indéanta atá sé tionscadal comhpháirteach idirnascaire ilchuspóirigh a sheoladh, i measc deiseanna eile a iniúchfar.
Toradh eile a bheidh ar an Meabhrán Tuisceana is ea go méadófar comhroinnt faisnéise idir Éire agus an Ríocht Aontaithe ar an aistriú fuinnimh agus ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite ar talamh agus amach ón gcósta, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin.
Ag fáiltiú dó roimh fhógairt an dá Mheabhrán Tuisceana, dúirt an tAire Ryan:
"Ní aithníonn an t-athrú aeráide aon teorainneacha. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis i gcomhar lenár gcomharsana is gaire chun leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar mhaithe lenár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus ar mhaithe le slándáil fuinnimh a mhéadú. Is fiúntach agus tráthúil araon atá sé ár leibhéil chomhair a mhéadú leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, i ndáil le heangacha amach ón gcósta agus i ndáil le hidirnasc breisithe mar gheall ar an stádas atá ag an Ríocht Aontaithe mar cheannaire domhanda i réimse na forbartha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus mar gheall ar an acmhainn shuntasach fuinnimh in-athnuaite atá ag Éirinn.
"Tá an Ríocht Aontaithe ar an gcomhpháirtí fuinnimh is gaire atá ag Éirinn agus tá sí ar cheann amháin de na comhpháirtithe fuinnimh is tábhachtaí atá againn. Dá bhrí sin, bainfidh Éire tairbhe shuntasach as na pleananna atá i bhfeidhm chun iniúchadh a dhéanamh ar idirnasc breise a fhorbairt idir ár margadh leictreachais uile-oileáin agus an Bhreatain Mhór. Léiríonn sé sin na tairbhí a bhaineann le hidirnasc breisithe, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair a mhéadú, feabhas a chur ar iomaíocht sa mhargadh mórdhíola, agus sinn a chumasú leictreachas in-athnuaite barrachais a onnmhairiú le linn tréimhsí rósholáthair.
"Sa todhchaí, is le leictreachas in-athnuaite a fhreastalófar ar fhormhór ár riachtanas fuinnimh. Mar sin féin, de réir mar a aistrímid i dtreo na todhchaí sin, imreoidh gás nádúrtha ról ríthábhachtach cúltaca i gcóras fuinnimh na hÉireann. Fáiltím roimh an deis atá ann socruithe agus caidreamh seanbhunaithe a athdhearbhú agus a neartú leis an Ríocht Aontaithe de réir mar a oibrímid chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú agus chun ár ngeilleagar a dhícharbónú ag an am céanna."
Dúirt Claire Coutinho, Rúnaí na Ríochta Aontaithe um Shlándáil Fuinnimh:
"Mar dhá náisiún atá tiomanta d’athléimneacht fuinnimh a mhéadú agus d’aeráidneodracht a bhaint amach, is lá stairiúil é seo don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn de réir mar a oibrímid níos dlúithe dá chéile ar mhaithe lenár spriocanna comhroinnte fuinnimh a bhaint amach.
"Is í an Ríocht Aontaithe an ceannaire domhanda i réimsí na slándála fuinnimh agus na haeráidneodrachta go fóill, agus í ag cur dlús le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus soláthairtí dúchasacha fuinnimh agus ag obair i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
"A bhuí leis na comhaontuithe a rinneadh inniu, doimhneofar ár gcomhpháirtíocht fuinnimh le hÉirinn chun fuinneamh níos saoire, níos glaine agus níos sláine a sholáthar dár gcuid tithe agus gnólachtaí agus chun ár ngeilleagair a fhás."
CRÍOCH
Is ionann toilleadh idirnaisc na hÉireann agus 500 MW faoi láthair, a thagann ó nasc aonair le margadh na Ríochta Aontaithe. Tá an toilleadh le méadú faoi níos mó ná faoi thrí go 1,700 MW faoin mbliain 2027. Áireofar leis sin idirnasc díreach a thabhairt ar ais idir Éire agus an tAontas Eorpach tríd an 'Idirnascaire Ceilteach'.
Áirítear na nithe seo leis na príomhghnéithe de bheartas nua na hÉireann maidir le hidirnasc leictreachais:
o tionscadal eile leis an bhFrainc atá de bhreis ar an Idirnascaire Ceilteach
o nasc leis an Spáinn
o nasc breise leis an mBreatain Mhór tar éis na bliana 2030 i gcomhthéacs an Mheabhráin Tuisceana
o nasc leis an mBeilg nó leis an Ísiltír agus
o aon idirnasc eile a theastaíonn chun tacú le leictreachas in-athnuaite a onnmhairiú i gcomhthéacs úsáidí eile amhail hidrigin ghlas
Is ón Ríocht Aontaithe a fhaigheann Éire an chuid is mó dá gás nádúrtha, agus tiocfaidh méadú air sin sna blianta atá romhainn de réir mar a mheathann soláthar gáis dhúchasaigh na hÉireann ó gháscheantar na Coiribe. Tá dlúthchomhar ar bun cheana féin leis an Ríocht Aontaithe ar leibhéal na Roinne, ar leibhéal an Rialálaí agus ar leibhéal an Oibritheora Córais Tarchurtha maidir le pleanáil agus tástáil éigeandála gáis. Tá Prótacal Comhpháirteach le haghaidh Scoitheadh Lóid ag Pointe Idirnaisc Moffat i gcás éigeandálaí sa soláthar gáis i bhfeidhm ag Líonraí Gáis Éireann agus National Gas, a oibríonn an córas tarchurtha gáis sa Bhreatain Mhór. Leagtar amach sa phrótacal sin go dtarlóidh sé, i gcás ganntanas sa soláthar gáis nádúrtha sa Ríocht Aontaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthairtí in Éirinn, gurb é prionsabal na comhréireachta an prionsabal sáraitheach a chuirfear i bhfeidhm. I gcás cur isteach ar sholáthairtí gáis, cuirfear aon laghduithe i bhfeidhm ar bhonn comhréireach ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann. Leis an Meabhrán Tuisceana, cumasaítear dúinn leanúint leis an gcomhar atá ar bun leis an Ríocht Aontaithe ar nithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha agus an comhar sin a neartú.
Rinne an Roinn athbhreithniú ar shlándáil soláthair fuinnimh chórais leictreachais agus gháis nádúrtha na hÉireann. Cé go raibh an t-athbhreithniú sin dírithe ar an tréimhse go dtí an bhliain 2030, rinneadh é i gcomhthéacs aistriú inbhuanaithe a chinntiú go dtí an bhliain 2050. Áireofar moltaí chun tacú agus treisiú arís eile le slándáil soláthair fuinnimh na hÉireann leis an bPacáiste Slándála Fuinnimh a fhoilseofar go luath.
Is é an Climate Action Plan 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat amharc ar CAP23 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide nó trí chuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction.