An tAire Sláinte chun cabhrú le hothair rochtain a fháil ar tháirgí cannabais leighis ordaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAIre Sláinte Stephen Donnelly inniu nach mbeidh ar othair a bhfuil táirgí cannabais leighis ordaithe dóibh taisteal níos mó chun na hÍsiltíre chun a gcógas a bhailiú.
Roimh phaindéim COVID-19, thaisteal othair nó baill dá dteaghlach chun na hÍsiltíre chun a n-oidis cannabais leighis a bhailiú. Chuir údaráis san Isíltír cosc ar onnmhairiú olaí cannabais ar bhonn tráchtála ach ligfidh siad dóibh oidis aonair a líonadh ó stáit an AE.
Bunaíodh seirbhís seachadta ón Ísiltír go hÉirinn chun cuidiú le hothair cliniceoirí ceadúnaithe a gcuid táirgí cannabais ordaithe a fháil in Aibreán 2020. Bhí sé seo ar bhonn sealadach mar ghealll ar na srianta maidir le taisteal a bhaineann le COVID-19. Déanfar é seo go buan anois.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donnelly:
“Ta go leor othar agus a dteaghlaigh tar éis scéalta a roinnt liomsa agus le hoifigigh i mo Roinn faoin gcaoi ar chuir an tionscnamh seo feabhas mór ar a saol. Labhair siad faoin strus a bhaineann le taisteal go rialta agus na rioscaí sláinte a bhaineann leis sin, chomh maith lena n-imní go rithfidís as a gcógais.
“Táim chomh sásta gur rud san am atá thart na fadhbanna seo anois. Ní bheidh gá a thuilleadh leo taisteal thar lear d’fhonn a dtáirgí cannabais ordaithe a bhailiú. Ina áit sin, is féidir leo díriú ar a sláinte agus a bhfolláine. Tagann leas na n-othar agus a dteaghlach ar dtús agus táim sásta a chur ar a suaimhneas nach mbeidh orthu a gcuid cógas a fhoinsiú go pearsanta a thuilleadh."
Cuirfidh oifigigh sa Roinn Sláinte na socruithe i gcrích maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh an tseirbhís bhailiúcháin agus seachadta ar bhonn buan sa todhchaí.
CRÍOCH
Ceadúnú aireachta do channabas leighis
Is féidir le dochtúirí an bealach ceadúnaithe aireachta a úsáid chun oideas a dhéanamh amach do channabas leighis dá n-othair, más mian leo é sin a dhéanamh.
De réir chomhairle an Phríomhoifigigh Leighis, caithfidh deonú ceadúnais do channabas chun críocha leighis a bheith bunaithe ar iarratas iomhchuí a chur faoi bhráid na Roinne Sláinte, a fhormhuiníonn comhairleoir atá freagrach as bainistíocht an othair agus atá sásta monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na cóireála le himeacht ama.
Faigheann formhór na n-othar de chliniceoirí ceadúnaithe a dtáirgí ordaithe ó Chógaslann Transvaal sa Háig san Ísiltír.
Is é an cliniceoir cóireála amháin a dhéanann an cinneadh leighis aon chóireáil a ordú nó gan aon chóireáil a ordú, lena n-áirítear cóireáil cannabais, d’othar aonair, i gcomhairle lena n-othar. Níl aon ról ag an Aire Sláinte sa phróiseas cinnteoireachta cliniciúla seo.
Ón 6ú Aibreán, tá roinnt bailiúchán eagraithe ag an Roinn Sláinte ón Ísiltír d’othair cliniceoirí a bhfuil ceadúnas aireachta acu faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí mar gheall ar shrianta taistil COVID-19 agus riachtanais coraintín.