Fáilte curtha ag an Aire Ring agus Canney roimh leithdháileadh Bhuiséad 2020 d'fhorbairt tuaithe agus pobail
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Uasal Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus an tAire Stáit, an tUasal Seán Canney TD inniu (Déardaoin an 10 Deireadh Fómhair) roimh na leithdháiltí maoinithe atá curtha ar fáil don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar chuid de Bhuiséad 2020.
Beidh méadú ar an maoiniú foriomlán don Roinn ó €291 milliún in 2019 go dtí €308 milliún in 2020. Trí seo, déanfar cláir bharrthábhachtacha a chur ar fáil do cheantair faoin tuath in Éirinn agus do phobail ar fud na tíre a éascú; agus cuirfear tacaíocht bhreise €17 milliún ar fáil chun tacú le ceantair tosaíochta.
Bainfear úsáid as an maoiniú breise chun tacú leis na hearnálacha agus pobail ar fud na tíre is mó a bhféadfadh an Breatimeacht tionchar a imirt orthu, agus chun tacaíochtaí ar fud an réimse forbartha pobail a fheabhsú – go háirithe do phobail faoi mhíbhuntáiste.
Faoi Bhuiséad 2020 déanfar:
• Infheistíocht i gclár LEADER a mhéadú, trína dtacaítear le fás geilleagrach tuaithe, ó €30 milliún go dtí €40 milliún.
• maoiniú breise a chur ar fáil don chlár trasteorann PEACE, agus maoiniú á mhéadú ó €5 milliún chuig €7 milliún;
• pacáiste €3 milliún de thacaíochtaí spriocdhírithe don earnáil pobail agus dheonach, agus d'eagraíochtaí agus daoine aonair i bpobail faoi mhíbhuntáiste; agus
• infheistíocht i leabharlanna a mhéadú ó €6.2 milliún chuig €7.2 milliún.
Dúirt an tAire Ring inniu: “I bhfianaise an chomhthéacs inar aontaíodh an Buiséad seo – Measaim go léiríonn an maoiniú atá faighte ag mo Roinn tiomantas leanúnach an Rialtais chun tacú le forbairt tuaithe agus pobail ar fud na hÉireann. Trí mhaoiniú dár gcláir agus scéimeanna tábhachtacha a choinneáil, ciallaíonn sé go leanfaimid de thionchar dearfach agus láidir a imirt ar cheantair faoin tuath in Éirinn agus ar phobail ar fud na tíre.”
Dúirt an tAire Ring chomh maith: “Cuirtear fáilte faoi leith roimh an méadú €17 milliún sa bhuiséad, a cuireadh ar fáil d'fhonn roinnt tionscnamh spriocdhírithe a chur san áireamh trína gcuideofar chun tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú agus teacht aniar a fhorbairt tuilleadh inár bpobail agus ar fud na hearnála pobail agus deonaí.”
Chuir an tAire Canney fáilte roimh fhógra an Bhuiséid inniu agus dúirt: “Táimid sásta freisin go mbeidh an Roinn in ann leanúint de réimse iomlán na gclár agus scéimeanna atá ag déanamh difear mór ar an talamh. Tá ríméad orm a fheiceáil go mbeidh maoiniú breise ar fáil don fhorbairt pobail agus go háirithe, go dtacófar tuilleadh le rannpháirtíocht áitiúil i gcinnteoireacht ar fud na tíre trí mhaoiniú ón Rialtas.
CRÍOCH
Príomhbhearta Bhuiséad 2020:
• Tríd an maoiniú atá curtha ar fáil cinnteofar go gcoinneoidh an Roinn a réimse scéimeanna agus clár ar éirigh thar barr leo ag imeacht, agus go gcoimeádfar leibhéil maoinithe ina leith sin.
• Maidir le Forbairt Tuaithe, áirítear leis na scéimeanna sin an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (€53 milliún in 2020); Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte (€15 milliún); an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (€10 milliún); an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (€10 milliún); agus an clár CLÁR (€5 milliún).
• Tiocfaidh méadú ar leithdháileadh LEADER ó €30 milliún in 2019 go dtí €40 milliún in 2020. Tríd an gclár seo, spreagtar forbairt tuaithe áitiúil ar fud trí théama, forbairt eacnamaíochta, ionchuimsiú sóisialta agus timpeallacht na tuaithe. Déantar infheistíocht in earnálacha ar nós turasóireacht áitiúil agus earnálacha bia – agus tá ríthábhacht ag baint leis i ndáil le cuidiú le tionchar an Bhreatimeachta i gceantair faoin tuath in Éirinn a mhaolú.
• I measc na bpríomhchlár sa réimse Forbartha Pobail áirítear an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Pobail (SICAP) agus an Clár um Sheirbhísí Pobail. B'ionann an leithdháileadh don dá chlár seo in 2019 agus €43.2 milliún agus €46.2 milliún faoi seach. Tá an maoiniú seo á chothabháil do 2020 – agus cuirfear €1.5 milliún breise ar fáil lena úsáid ar fud an dá chlár seo chun roinnt eagraíochtaí nua a mhaoiniú agus chun tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil do phobail faoi mhíbhuntáiste.
• Chomh maith leis sin tá €1.2 milliún á chur ar fáil chun tacú leis na bearta sa “Straitéis chun an Earnáil Pobail agus Dheonach a fhorbairt in Éirinn ” a chur i bhfeidhm. Áireofar leis seo tacaíochtaí breisithe do na struchtúir trína spreagtar rannpháirtíocht áitiúil maidir le cinnteoireacht – na Líonraí Rannpháirteachta Pobail agus na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil. Tá €300,000 eile le leithdháileadh chun tacú leis an “Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn”, a foilsíodh le gairid, a chur ar fáil.
• Léiríonn na hinfheistíochtaí spriocdhírithe d'fhorbairt pobail thuas pacáiste maoinithe €3 milliún trína gcuideofar le heagraíochtaí, pobail agus daoine aonair ar fud na tíre. Cuireann seo leis an maoiniú reatha – lena n-áirítear €12.6 milliún do thacaíochtaí don earnáil pobail agus forbartha agus €12.5 milliún i maoiniú na gcuntas díomhaoin do réimse bearta.
• Chomh maith leis sin cuirfear €1 milliún breise ar fáil chun leabharlanna a fhorbairt – agus méadófar an maoiniú ó €6.2 milliún chuig €7.2 milliún. Bainfear úsáid as seo chun infheistíocht a mhaoiniú i dteicneolaíochtaí digiteacha nua agus chun tacú tuilleadh le leathnú My Open Libraries.
• Beidh méadú maoinithe €2 milliún i gceist don chlár PEACE, ó €5 milliún go dtí €7 milliún. Is é an aidhm atá leis an gclár seo caidrimh trasphobail a fheabhsú agus pobail scoilte a imeascadh tuilleadh i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na Teorann.
• Chomh maith leis sin, tríd an maoiniú a chuirtear ar fáil don Roinn déantar gníomhaireachtaí na Roinne a éascú, is iad sin an Rialálaí Carthanais, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann chun leanúint den obair thábhachtach a dhéanann siad.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le gach clár atá á riar ag an Roinn a fháil ag http://www.gov.ie/drcd