Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 5 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 9 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 4 de na básanna seo i Márta, 3 bhás i bhFeabhra agus 1 bhás in Eanáir*.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 69-94 bliain.
Tá 4,405 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 4 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 522 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 222,169** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 426 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 102 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 34 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 2 Márta, tugadh 460,637 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 222,169 cás deimhnithe.
***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 04Már2021)*** | Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 04Már2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 19Fea2021 go dtí meán oíche an 04Már2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 19Fea2021 go dtí meán oíche an 04Már2021) |
Éire | 522 | 518 | 185.1 | 8,815 |
An Longfort | 18 | 13 | 393.9 | 161 |
Uíbh Fhailí | 11 | 19 | 383.5 | 299 |
An Iarmhí | 10 | 17 | 272.6 | 242 |
Lú | 13 | 21 | 263.8 | 340 |
Baile Átha Cliath | 280 | 224 | 259.5 | 3,497 |
Luimneach | 14 | 20 | 239.1 | 466 |
Laois | 10 | 8 | 211.3 | 179 |
An Mhí | 28 | 27 | 208.7 | 407 |
Cill Dara | 28 | 23 | 204 | 454 |
Maigh Eo | 6 | 12 | 187 | 244 |
Gaillimh | 13 | 21 | 185.2 | 478 |
Dún na nGall | 19 | 16 | 177.8 | 283 |
Ceatharlach | 0 | 4 | 166.9 | 95 |
Tiobraid Árann | <5 | 11 | 161.7 | 258 |
Muineachán | 7 | 5 | 159.6 | 98 |
An Clár | <5 | 11 | 142.2 | 169 |
Port Láirge | <5 | 6 | 142 | 165 |
An Cabhán | 9 | 6 | 137.8 | 105 |
Ros Comáin | <5 | 6 | 113.1 | 73 |
Cill Mhantáin | 5 | 8 | 95.5 | 136 |
Liatroim | 0 | 1 | 87.4 | 28 |
Sligeach | 7 | 4 | 77.8 | 51 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 73.6 | 73 |
Loch Garman | <5 | 5 | 68.8 | 103 |
Ciarraí | <5 | 5 | 59.6 | 88 |
Corcaigh | 26 | 23 | 59.5 | 323 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.