Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag iarraidh ar dhaoine a bheith sábháilte agus stoirm Éowyn ag druidim isteach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu ar feirmeoirí, iascairí agus daoine i gceantair thuaithe réamhchúraimí a ghlacadh agus ullmhú do Stoirm Éowyn atá ag druidim linn. Tá sé tábhachtach go nglacfar céimeanna roimh ré chun na rioscaí do dhaoine, do bheostoc agus do réadmhaoin a laghdú nuair a thiocfaidh an stoirm.
Tá an Roinn ag impí ar gach duine cloí go dlúth le comhairle na n-údarás, ag tabhairt faoi deara gur cheart d’fheirmeoirí a sheiceáil go bhfuil foirgnimh agus réada scaoilte socair. Trína chinntiú go mbíonn dídean, beatha agus rochtain ar uisce ag beostoc, is féidir obair le linn dálaí contúirteacha a sheachaint.
Ba cheart do gach coimeádaí ainmhithe ullmhú le haghaidh gearradh cumhachta féideartha ar a n-áitreabh. Ba cheart go gcinnteodh feirmeacha a úsáideann bonneagar uathoibrithe amhail beathaitheoirí nó córais aerála go bhfuil córais chúltaca ar nós gineadóirí leictreachais ag oibriú i gceart.
Tugtar rabhadh d’fheirmeoirí go bhféadfadh eachtra thromchúiseach a bheith mar thoradh ar oibriú amuigh faoin aer le linn dálaí stoirmiúla. Níor cheart d'fheirmeoirí a sábháilteacht a chur i mbaol trí iarracht a dhéanamh deisiúcháin a dhéanamh nó crainn nó brainsí tite a bhaint le linn dálaí stoirmiúla. Tar éis na stoirme, níor cheart ach d'oibreoirí a bhfuil na scileanna agus an trealamh cosanta pearsanta acu chun an obair a dhéanamh go sábháilte tabhairt faoi chrainn nó brainsí tite a bhaint.
Tá baol ar leith ag baint le sreanga leictreachais tite agus sreanga atá i dteagmháil le crainn dhamáistithe nó gar dóibh i ndiaidh stoirme. Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an BSL láithreach sa chás go bhfuil sreanga leictreachais ina mbaol don tsábháilteacht.
Tugann an Roinn dá haire freisin go bhfuil an cabhlach iascaireachta an-leochaileach i ndálaí stoirmiúla, agus meastar go mbeidh na dálaí is déine ann feadh chósta an iarthair. Ba cheart d'iascairí cúram ar leith a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil soithí curtha i mbeart go daingean roimh an stoirm agus na rabhaidh aimsire a leanúint.
Maidir le saincheisteanna leasa ainmhithe a bhaineann leis an drochaimsir, coinnigh i dteagmháil le do chomhairleoir talmhaíochta nó déan teagmháil le Líne Chabhrach Leasa Ainmhithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ach glaoch ar: 01 6072379.
Faigh tuilleadh eolais faoi conas a bheith sábháilte ar shuíomh gréasáin an rialtais Bí Ullamh don Gheimhreadh.