Óstálann an tAire Humphreys an Fóram Réamhbhuiséid
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’óstáil an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, Fóram Réamhbhuiséid bliantúil na Roinne i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu.
Tugann an fóram seo deis uathúil d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, d’ionadaithe ceardchumainn agus gnó chun saincheisteanna beartais a phlé agus a dtosaíochtaí a chur i láthair don Bhuiséad atá le teacht.
In éineacht leis an Aire Humphreys bhí Joe O’Brien, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail, Comhtháthú agus Carthanas.
D’fhreastail ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí agus grúpaí pobail ar an bhFóram. Ba í Mary Kennedy, craoltóir, a rinne modhnóireacht ar an ócáid.
Agus í ag labhairt ag an bhFóram, d’aithin an tAire Humphreys an chaoi ar chuidigh an t-ionchur ón lucht freastail ar an bhFóram Réamhbhuiséid bliantúil léi féin agus lena hoifigigh tosaíocht a thabhairt do thionscnaimh Bhuiséid roimhe seo.
Chuir an Fóram cúig cheardlann théamacha ar fáil a thug deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tosaíochtaí a phlé.
Agus í ag labhairt leis an bhFhóram, dúirt an tAire Humphreys:
“Tugann an imeacht seo deis uathúil dom an fhianaise agus an anailís bheartais a chloisteáil ó na heagraíochtaí a mholann chomh paiseanta sin ar son a dtoghcheantair agus na daoine ar a bhfreastalaímid – cibé an pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas nó daoine eile a bhíonn ag brath ar thacaíochtaí leasa shóisialaigh atá i gceist.”
Agus é ag labhairt ag an bhFóram freisin, dúirt an tAire O’Brien:
“Ócáid thar a bheith tábhachtach is ea an Fóram i gcónaí – tugann sé deis d’eagraíochtaí a gcuid tosaíochtaí a leagan amach don bhuiséad atá le teacht agus mar sin cuidíonn sé leis an Aire Humphreys agus mé féin dul i mbun caibidlíochta Buiséid agus an cás is láidre a dhéanamh chun acmhainní breise a chur san áireamh i bpacáiste Leasa Shóisialaigh an Bhuiséid.”
Nóta do Dheasca na bPictiúr:
Pictiúir seolta ar leithligh ag Maxwell Photography.
Nóta d’Eagarthóirí:
Liosta eagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ag an bhFóram Réamhbhuiséid 2025