I gcomhráití le Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter agus an Stiúrthóir nua, Maureen Kennelly, mhol sí an cinneadh a ghlac an Chomhairle Ealaíon Sainghrúpa Comhairleach a cheapadh chun freagra a thabhairt ar an ngéarchéim d'earnáil ealaíon na hÉireann agus an tuarascáil tráthúil ón nGrúpa Survive, Adapt, Renew, atá agus a bheidh ag cur treoir luachmhar ar fáil maidir leis an tslí chun cinn. Mhol an tAire an ról ceannasaíochta atá glactha ag an gComhairle chomh maith cúrsaí comhionnannais, cearta daonna agus ilchineálachta rud a thacaíonn sí le go mór, ag rá go bhfuil ról ríthábhachtach ag an earnáil cultúrtha i gcur chun cinn na luachanna seo.