Tús curtha le híocaíochtaí cothromaíochta TBII & TIAFI agus TIFFÓ
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil tús curtha inniu leis na híocaíochtaí cothromaíochta faoin Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) 2023 agus faoin Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TIAFI).
Is tacaíocht ioncaim dhíreach d’fheirmeoirí é TBII, agus is beart é TIAFI a bunaíodh chun dáileadh níos cothroime íocaíochtaí a chur chun cinn.
Le cur i bhfeidhm na n-íocaíochtaí cothromaíochta TBII agus TIAFI, is é €749 milliún an méid iomlán a íocadh faoin Scéim 2023 agus tá 113,911 feirmeoir ag fáil íocaíochta faoin scéim seo anois. Ó inniu ar aghaidh, eiseofar €264 milliún d'fheirmeoirí mar íocaíocht chothromaíochta.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Ó bhí mí Dheireadh Fómhair ann, tá €485 milliún íoctha againn i réamhíocaíochtaí TBII agus TIAFI le 109,104 feirmeoir. Tá réamhíocaíocht 70% faighte ag thart ar 93% de na feirmeoirí incháilithe go léir. Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois leis na híocaíochtaí cothromaíochta 30% faoin TBII agus TIAFI agus go bhfuil siad de réir an sceidil.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá eisiúint éifeachtach íocaíochtaí scéime mar phríomhthosaíocht domsa agus do mo Roinn. Is tacaíocht ríthábhachtach é an €749 milliún atá íoctha go dtí seo faoin TBII agus TIAFI 2023 do theaghlaigh feirme ar fud na tíre agus don gheilleagar tuaithe ina iomláine.”
Dheimhnigh an tAire freisin go gcuirfear tús inniu le híocaíochtaí faoin Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí (TIFFÓ) 2023 chomh maith.
Dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm go bhfuil íocaíochtaí faoin TIFFÓ á n-eisiúint freisin mar tá ról ríthábhachtach ag na híocaíochtaí sin maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí óga.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn ag próiseáil, mar ábhar práinne, na cásanna go léir atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a phléitear aon fhiosrúcháin atá fós gan réiteach.”
Mhol an tAire d'fheirmeoir ar bith a bhfuil ceisteanna ón Roinn aige/aici atá fós gan réiteach, freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun íocaíocht a éascú.
Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíocht TBII nó TIFFÓ glaoch a chur ar an Líne Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheist a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login , áit ar féidir leo teacht ar mhiondealú mionsonraithe ar íocaíochtaí freisin.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Cuirtear an Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) in ionad Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (SÍB). Tá TBII ceaptha chun tacaíocht dhíreach ioncaim a chur ar fáil d'fheirmeoirí na hÉireann le taca a chur faoina gcuid inbhuanaitheachta agus inmharthanachta.
Is scéim nua í Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TIAFI) ar a dtugtar “tús-ualú” go minic. Bunaíodh é chun cistí CBT a athdháileadh ó fheirmeacha níos mó go feirmeacha meánmhéide agus go feirmeacha níos lú. Íoctar TIAFI le gach feirmeoir gníomhach ar a gcéad 30 heicteár.
Is íocaíocht í an Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga (TIFFÓ) a dhéantar le feirmeoirí faoi 40 bliain d’aois a bhfuil oideachas sa talmhaíocht acu chun cabhrú leo dul i mbun feirmeoireachta. Féadfar é a íoc ar feadh suas le 5 bliana. Is scéim leantach í ar Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus is féidir le feirmeoirí óga athrú go dtí an scéim nua ar feadh na tréimhse atá fágtha dá dtéarma incháilitheachta 5 bliana.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé 5 lá a thógáil go dtí go bhfuil na híocaíochtaí i gcuntais na bhfeirmeoirí.