Oifig um Achomhairc Talmhaíochta - Seoladh an Áis Iarratais Ar Líne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, roimh an nuacht go bhfuil áis achomhairc ar líne seolta ag an Oifig Neamhspleách um Achomhairc Talmhaíochta.
“I bhfianaise an mhéadaithe ar líon na scéimeanna atá ar fáil d’fheirmeoirí agus feasacht mhéadaithe ar theicneolaíochtaí agus úsáid córas ar líne san fheirmeoireacht, tá ríméad orm a fháil amach go bhfuil an áis seo curtha ar fáil ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’fheirmeoirí achomharc a dhéanamh,” a dúirt an tAire McConalogue.
De réir na Rialachán Achomharc Talmhaíochta, ní mór achomharc in aghaidh cinneadh a rinne an tAire nó Oifigeach don Aire a dhéanamh chuig an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta laistigh de 3 mhí ó dháta chinneadh an Aire. Roimhe seo cuireadh gach iarratas achomhairc isteach i gcóip chrua tríd an bpost cláraithe nó de láimh. Tá áis ar líne ar fáil anois inar féidir le hachomharcóirí, atá míshásta le cinneadh a rinne an tAire nó Oifigeach don Aire, achomharc a chur isteach.
Thug an tAire faoi deara
“de réir an Achta Achomharc Talmhaíochta 2001, go bhfuil dualgas ar an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta a chinntiú go gcomhlíontar a feidhmeanna chomh héifeachtach agus chomh gasta agus is féidir i gcomhréir le cothroime agus ceartas nádúrtha” agus thug le fios chomh maith “go dtacóidh an áis ar líne leis an iarracht seo agus cuideoidh sé le feirmeoirí achomharc bailí agus tráthúil a dhéanamh”.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
• Soláthróidh an t-aistriú chuig córas gan pháipéar eispéireas níos soláimhsithe ar fáil, atá saincheaptha do chustaiméirí chun cliaint a threorú tríd an bpróiseas, rud a fhágann go mbeidh sé níos tapúla agus níos áisiúla. Tá sé mar aidhm aige na gnáth-earráidí a tharlaíonn ar na hiarratais pháipéir gach bliain a chosc, rud a chuideoidh le deireadh a chur le moilleanna próiseála de bharr achomhairc neamhiomlána. Áirítear ar bhuntáistí an chórais ar líne;
• Áirithe i rabhaidh a chuideoidh le hearráidí áirithe a sheachaint agus achomharc á dhéanamh, ar nós béim a chur ar an bhfaisnéis éigeantach a theastaíonn agus eolas sodhealaithe a sholáthar chun an t-úsáideoir a threorú tríd an bpróiseas.
• Boscaí eolais feadh an phróisis chun na téarmaí éagsúla a mhíniú.
• Nuair a bheidh measúnú déanta agat seoltar admháil, uimhir thagartha agus achoimre ar d’iarratas comhlánaithe chugat le ríomhphost le haghaidh do thaifid.
• Áirítear leis áis chun ionadaithe de rogha an achomharcóra a údarú, cóip den chomhfhreagras a bhaineann leis an achomharc a fháil.
• An rogha roghanna éisteachta achomhairc éagsúla a roghnú, mar shampla, cianéisteacht ó bhéal, éisteacht phearsanta nó d’achomharc a chinneadh gan éisteacht ó bhéal.
• Ceisteanna Coitianta ar líne chun cabhrú le hachomharcóirí agus iad ag críochnú a n-achomharc.
• Trí achomharc a chur isteach ar líne, féadfaidh an t-achomharcóir litreacha fiosrúcháin a fháil agus freagra a thabhairt orthu trí ríomhphost.
• Bhunaigh an tAire Talmhaíochta an Oifig Achomharc Talmhaíochta in 2002 chun seirbhís achomharc neamhspleách a sholáthar d’fheirmeoirí atá míshásta le cinntí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le Scéimeanna ainmnithe a oibríonn an Roinn. Leagann an tAcht Achomharc Talmhaíochta 2001, mar aon leis na Rialacháin um Achomhairc Talmhaíochta 2002, arna leasú, síos feidhmeanna an Stiúrthóra agus na Oifigeach Achomhairc, na cinntí ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith agus na nósanna imeachta atá le leanúint maidir le hachomhairc. Tá dualgas ar Oifigigh Achomhairc de réir reachta a bheith neamhspleách i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus achomhairc á gcinneadh. Cuireann an Oifig tacaíocht riaracháin ar fáil freisin don Choiste Achomharc Foraoiseachta reachtúil (CCB) agus don Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe (ALAB) ag a cheanncheathrú i gCúirt Chill Mhinsí, Port Laoise.
Tá an áis iarratais ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ag: