Fógraíonn an tAire Rabbitte maoiniú €200,000 le haghaidh socrúchán tacaíochta ar fheirmeacha sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, inniu maoiniú nua €200,000 in 2024 don Chlár Feirmeoireachta Sóisialta Éireann le haghaidh socrúchán tacaíochta ar fheirmeacha sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas.
Cuireann feirmeoireacht shóisialta deis ar fáil do dhaoine am a chaitheamh ar fheirm theaghlaigh i dtimpeallacht shláintiúil, thacúil agus ionchuimsitheach. Thacaigh an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2023 le 2,200 lá socrúcháin do 203 duine faoi mhíchumas ar 60 feirm shóisialta ar fud na hÉireann. Faoin gclár seo, is féidir le daoine a roghnú páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhféadfadh spéis a bheith acu iontu amhail cúram ainmhithe, garraíodóireacht agus cothabháil ghinearálta clóis feirme, nó gníomhaíochtaí laistigh amhail bácáil agus déanamh subh.
Agus an maoiniú á fhógairt aici, dúirt an tAire Rabbitte “Is cúis mhór áthais dom a fhógairt go bhfuair an Clár Feirmeoireachta Sóisialta Éireann maoiniú le haghaidh socrúchán tacaíochta ar fheirmeacha sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas. Tugann an maoiniú seo deis do dhaoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i dtacaíocht phobail nádúrtha ina gceantair áitiúla. Chonaic mé féin an mhaitheas a dhéanann sé agus tá ríméad orm a bheith in ann tacú le Feirmeoireacht Shóisialta don dara bliain.
“Baineann roinnt buntáistí le feirmeoireacht shóisialta, lena n-áirítear dóibh siúd a ghabhann le sláinte choirp agus folláine, comhcheangailteacht shóisialta, sealbhú scileanna, muinín, cumas agus fuinneamh. Tá an-áthas orm go ligfidh an maoiniú seo do dhaoine páirt a ghlacadh i socrúcháin ar fud na hÉireann agus go dtacóidh sé leo a bheith mar bhaill ghníomhacha agus neamhspleácha ina bpobail féin,” a dúirt an tAire Rabbitte mar fhocal scoir.
Dúirt Bainisteoir an Tionscadail Náisiúnta um Fheirmeoireacht Shóisialta Éireann, Brian Smyth,
“Cuirtear fáilte mhór roimh an maoiniú seo a thagann díreach ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) tríd an FSS toisc go ligeann sé do dhaoine rochtain ar thacaíocht a fháil ina bpobail féin. Táimid fíorbhuíoch den Aire Rabbitte as sin mar tuigeann sí an luach a bhaineann leis an tacaíocht phobail agus leis an iomchuimsitheacht do dhaoine a roghnaíonn gnáth-fheirmeacha sóisialta chun bualadh le daoine eile agus chun cóngas a bhunú leis an dúlra, le go leor gníomhaíochtaí éagsúla ina bpobail féin le haghaidh deiseanna nua agus a gcuireann lena saol.”
CRÍOCH
Nóta do na hEagarthóirí
Cuireann Feirmeoireacht Shóisialta socrúchán tacaíochta atá beartaithe agus spriocdhírithe ar fáil do dhaoine ar fheirm lena n-úsáidtear buanna nádúrtha na ndaoine, an suíomh, na gníomhaíochtaí agus an pobal chun tacaíocht a thabhairt do dhuine a c(h)uspóirí féin a bhaint amach. Tá sé bunaithe ar an rogha a dhéanann an duine sin am a chaitheamh le feirmeoirí agus a dteaghlaigh i dtimpeallacht nádúrtha na feirme, ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí luachmhara agus fiúntacha, agus ag cur ceangal agus caidreamh sóisialta, agus déanfaidh an dá rud sin an tionchar a neartú ar bhealach níos láidre. Tá thart ar 200 feirm shóisialta cláraithe le Feirmeoireacht Shóisialta Éireann, an Líonra náisiúnta le haghaidh feirmeoireachta sóisialta in Éirinn, agus tá thart ar 140 de na feirmeacha sin gníomhach ag aon uair amháin. Leis an líonra sin, ghlac níos mó ná 850 duine páirt i bhfeirmeoireacht shóisialta in 2023.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Feirmeoireachta Sóisialta Éireann Feirmeoireacht Shóisialta Éireann