An tAire Heydon i gceannas ar Mhisean Trádála Agraibhia mór go dtí an Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fócas ar lorg easpórtála agraibhia na hÉireann a éagsúlú
Ón 6 - 10 Samhain, beidh an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Forbairt Margaidh Nua ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., i gceannas ar mhisean trádála Aireachta go dtí an Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha i gcomhar le Bord Bia, Córais Bia Inbhuanaithe Éireann, Teagasc agus Fiontraíocht Éireann.
Is margaí atá ag méadú iad margaí na Malaeisia agus na nOileán Filipíneach do tháirgí agraibhia na hÉireann, agus luach €241 milliún ag díolachán iomlán táirgí agraibhia sa bhliain 2022, roinnte idir €68 milliún agus €173 milliún faoi seach. Tá méadú 24% agus 178% faoi seach tagtha ar luach na n-easpórtálacha agraibhia go dtí an Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha ón mbliain 2018, dáta an mhisin trádála dheireanaigh go dtí an Mhalaeisia.
Ag labhairt roimh an Misean Trádála, dúirt an tAire Heydon:
“Is misean trádála suntasach dhá thír é seo ina bhfuil deiseanna sa dá thír luach na n-easpórtálacha agraibhia agus agrai-theicneolaíochta a mhéadú agus an caidreamh idir ár dtíortha a neartú. Tá margadh baile sofaisticiúil ag an Malaeisia agus tá a thábhachtach ag méadú do tháirgeoirí Éireannacha, go háirithe san earnáil déiríochta, agus tá naisc stairiúla fhada ag Éirinn agus na hOileáin Fhilipíneacha idir a muintir agus leibhéal trádála atá ag dul i méid.
“Beidh sé seo ar an gcéad mhisean trádála agraibhia Éireannach go dtí na hOileáin Fhilipíneacha riamh agus táim ag tnúth le bheith ag obair le comhghleacaithe ar an talamh sa dá thír chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhargaí ansin. Tiocfaidh dhá thrian den fhás eacnamaíoch domhanda ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise anois agus amach anseo. Agus daonra de 33 agus 144 milliún sa Mhalaeisia agus sna hOileáin Fhilipíneacha faoi seach, mar aon lena meánaicmí atá ag dul i méid, is margaí iad seo a aithníodh mar mhargaí a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu dár dtáirgí agraibhia Éireannach atá ar ardchaighdeán, sábháilte agus inbhuanaithe.”
Chuir an tAire Heydon leis an méid sin ag rá:
“Tá sé ríthábhachtach go mbainfeadh an dá thaobh tairbhe as an trádáil. Dá bhrí sin, tá dhá fhócas ar leith agam ar an Misean Trádála seo; chun tacú lenár n-earnáil easpórtála i bhforbairt margaidh nua mar aon le saineolas a roinnt ar chórais bia atá sábháilte, inbhuanaithe agus conas is féidir linn oibriú le chéile lenár n-óstaigh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na córais seo sa dá thír.”
Le linn na cuairte 4 lá, buailfidh an tAire Heydon le hAirí sa dá Rialtas chun saincheisteanna comhchúraim lena n-áirítear saincheisteanna rochtana margaidh a phlé. Tacóidh an tAire Heydon le Bord Bia, le Fiontraíocht Éireann agus lena gcliantchuideachtaí Éireannacha araon agus iad ag forbairt caidrimh le príomhchustaiméirí. Ina theannta sin, rachaidh saineolaithe Chóras Bia Inbhuanaithe Éireann agus saineolaithe Teagasc i dteagmháil lena gcomhghleacaithe faoi na réimsí aistrithe eolais agus taighde.
Chomh maith leis sin, glacfaidh an tAire Heydon páirt i seimineáir AE ar Thrádáil Déiríochta agus Feola faoi stiúir Bhord Bia le linn an mhisin trádála chomh maith le Bricfeasta Gnó Fhiontraíocht Éireann a dhíreoidh ar réitigh agrai-theicneolaíochta agus agra-nuálaíochta na hÉireann.
Dúirt Jim O’Toole, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, a bheidh in éineacht leis an Aire Heydon ar an Misean Trádála:
“Aithníodh an Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha mar phríomh-mhargaí déiríochta agus feola trí staidéar tosaíochta margaidh Bhord Bia. Bíonn na margaí seo ag brath ar iompórtálacha, agus dá bharr sin tugann an misean trádála seo deis iontach dúinn cur le próifíl thionscal bia na hÉireann.
Is eol dúinn ó thaithí go bhfuil sé ríthábhachtach do chuideachtaí caidreamh trádála a fhorbairt, gnéithe an mhargaidh a fhoghlaim agus a treoir a fháil ón léargas a fhaightear ar thomhaltóirí agus ar an margadh.
Is é ár bpríomhsprioc ar an misean trádála seo ná feasacht a chothú faoi Éirinn mar fhoinse déiríochta a tháirgtear ar bhonn sábháilte agus ar bhonn inbhuanaithe, chun cur lenár dtuiscint ar mhargadh na feola agus chun deiseanna tráchtála breise a chruthú d’easpórtálaithe na hÉireann.”
Nóta d’Eagarthóirí
Easpórtálacha Agraibhia na hÉireann 2022 go dtí:
An Mhalaeisia | €68,147,000 | 26,242 tona | lena n-áirítear €63 milliún Déiríochta. |
Na hOileáin Fhilipíneacha | €173,286,000 | 72,576 tona | lena n-áirítear Déiríocht €72.5 milliún, mairteoil €50.5 milliún, feoil muice €24 milliún, saill ainmhíoch €13.5 milliún agus bia ainmhithe €9.5 milliún. |
Comparáid easpórtála 2018-2022
Ean-Nol | 2018 | Ean-Nol | 2022 | |||
---|---|---|---|---|---|---|
Táscaire | €000 | Tonaí | €000 | Tonaí | (+ / -) Luach | Y-go-Y |
Móriomlán | 117,059 | 74,455 | 241,432 | 98,818 | 124,374 | 106.25% |
Na hOileáin Fhilipíneacha | 62,304 | 41,550 | 173,286 | 72,576 | 110,981 | 178.13% |
An Mhalaeisia | 54,755 | 32,905 | 68,147 | 26,242 | 13,392 | 24.46% |