Taoiseach le freastal ar Chonradh-AE de chuid na Stát Arabach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Oifig Preasa an Rialtais
Tá an Taoiseach, Leo Varadkar TD, ag freastal ar Chruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Conradh na Stát Arabach, a thosnóidh níos déanaí inniu (Domhnach 24 Feabhra) i Sharm El-Sheikh, Éigipt.
Tá Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk agus Uachtarán na hÉigipte Abdel Fattah al-Sisi ag déanamh comhchathaoirleacht ar an gcruinniú mulliagh a bheidh ar an gcéad chruinniú mullaigh riamh idir cheannairí ón dá réigiún. Déanfaidh ionadaithe ó 28 ballstát den AE agus 21 baill ón gConradh Arabach breithneoireacht ar conas comhoibriú a threisiú maidir le saincheisteanna chomónta lena n-áirítear iltaobhachas éifeachtach, síocháin réigiúnach agus cobhsaíocht, cearta daonna, frithsceimhlitheoireacht, trádáil, forbairt eacnamaíochta agus gníomhú ar son na haeráide.
Tosnóidh an Cruinniú Mullaigh um thráthnóna le searmanas oscailte agus séisiún iomlánach, agus dinnnéar oifigiúil ina dhiaidh. Leanfaidh sé ar aghaidh maidin amárach (Luan 25 Feabhra) le dhá shésiún iomlánach eile, ag críochnú tar éis lóin le Searmas Dúnta.
Déanfaidh an Taoiseach ráiteas foirmeálta le linn na seisiún iomlánach, agus tapóidh sé an deis tionscnaíochtaí agus peirspictíocht na hÉireann ar réimse saincheisteanna maidir le polasaí eachtrannach a shoiléiriú. Tógfaidh sé an deis freisin chun sraith de chruinnithe déthaobhacha a chur ar bun le ceannairí ón AE agus ceannairí Arabacha.
Ag labhairt roimh an Chruinnithe Mhullaigh, dúirt an Taoiseach:
“Is é seo an chéad uair go bhfuil ceannairí ó bhallstáit an AE agus ón gConradh Arabach tar éis teacht le chéile i bhformáid mar seo chun plé a dhéanamh ar thionscnaíochtaí roinnte. Tá nascanna láidre ag Éirinn le roinnt stát den gConradh Arabach, trí thrádáil, ár n-iarrachtaí síochánaíochta sa Mheán Oirthear agus ár bpobail easaoránach shuntasacha sa Mhurascaill. Anuas ar sin, osclóimid ambasáidí nua go luath san Amman agus sa Rabat.
“Cé nach n-aontaímid faoi gach rud, tabharfaidh an Cruinniú deis thábhactach le haghaidh plé oscailte ar conas is féidir linn an chompháirtíocht Euro-Arabach a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha, a chuimsíonn comhoibriú ar imirce, slándáil agus frithsceimhlitheoireacht.’’
“Cé nach bhfuil an Breatimeacht ar an gclár oibre don gCruinniú Mullaigh, tabharfaidh an eachtra an deis dom na forbairtí is déanaí a phlé le go leor de mo chontrapháirteanna a bheidh i láthair.”