Fáiltíonn an tAire roimh iarratais don phátrúnacht ar thrí bhunscoil nua a bhunófar i 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Oideachais Norma Foley TD cuireadh inniu do chomhlachtaí pátrúnachta scoile/do chomhlachtaí ionchasacha pátrúnachta iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht bunscoileanna nua atá le bunú i Meán Fómhair 2021.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá éiginnteacht, ar go leor bealaí, ag baint leis na hamanna seo do phobail scoile. Is cúis áthais dom a fhógairt, áfach, go dtosóidh tús an phróisis phátrúnachta do na scoileanna seo ionas gur féidir linn ullmhú dá n-oscailt i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Léirigh an próiseas pátrúnachta iar-bhunscoile atá idir lámha faoi láthair go bhfuil tuismitheoirí agus pátrúin gafa leis an bpróiseas in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna atá le hoscailt i 2021 ar an mbealach is nádúrtha agus is féidir, agus go mbíonn deis ag pátrúin iarratas a dhéanamh chun na scoileanna nua a reáchtáil, agus go mbíonn deis ag tuismitheoirí a rogha a léiriú maidir le pátrún."
Leanann cuireadh an lae inniu ón bhfógra ó 2018 go mbunófaí 47 scoil nua chun freastal ar fhás déimeagrafach thar na tréimhse ceithre bliana ó 2019 go 2022.
Le déanaí, chríochnaigh an Roinn an chéad chéim ar athbhreithniú nuashonraithe ar dhéimeagrafaic ag leibhéal na bunscoile, agus airdeall tugtha d’eolas nuashonraithe ar dhéimeagrafaic agus ar fhorbairt chónaithe bhreise. I ndiaidh an athbhreithnithe seo cheadaigh an tAire Oideachais roinnt athruithe ar liosta na mbunscoileanna atá le bunú i 2021, mar seo a leanas:
Scoileanna atá le bunú i 2021, mar atá pleanáilte, sna limistéir phleanála scoile a leanas:
• Domhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath13
• Áth Cliath 2_Áth Cliath 4
• An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh
Rinneadh bunú na scoileanna seo a iarchur ó 2021:
• Bré/Sruthán na Coille Seangánach
• Cluain Dolcáin_Áth Cliath 22
• Garrán na mBráthar_Cathair Chorcaí
• Nás na Rí
• Cill Chainnigh/Cathair, Ceantair an Iarthair
Leanfar leis an obair phleanála agus ullmhúcháin san idirlinn do chóiríocht na scoileanna thuasluaite.
Déantar próiseas pátrúnachta a reachtáil nuair a bhíonn cinneadh déanta go bhfuil gá le scoil nua.
Dá réir sin, cuirfear tús le próiseas pátrúnachta anois don trí bhunscoil a bhunófar in 2021 le freastal ar na limistéir phleanála scoile seo a leanas:
Limistéar Pleanála Scoile | Méid na Scoile* |
Domhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath13 | 8 seomra ranga |
Áth Cliath 2_Áth Cliath 4 | 8 seomra ranga |
An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Thuaidh | 8 seomra ranga |
Mar thoradh ar bhearta a cuireadh i bhfeidhm chun fáil ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2019, ainmníodh dhá cheann de na scoileanna nua, i nDomhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath 13 agus Áth Cliath 2_Áth Cliath 4, mar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Dá réir sin, cé nach n-iarrfar ar thuismitheoirí sna limistéir seo rogha teanga a léiriú, moltar do thuismitheoirí a rogha pátrúnachta do na scoileanna a chur in iúl.
Ba chóir do phátrúin ionchasacha foirm iarratais a chomhlánú, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne:
agus í seo a sheoladh chuig an Roinn ar ríomhphost faoi 11a.m. ar an 19 Samhain 2020.
Cuirfidh an fhaisnéis san fhoirm sin eolas ríthábhachtach ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí maidir le rogha a léiriú, ceann de na príomhchinntithigh don phátrúnacht.
Agus cuireadh á thabhairt aici inniu d’iarratais ó phátrúin leasmhara/pátrúin ionchasacha, dúirt an tAire Foley: “Beidh roghanna tuismitheoirí do gach ceann de na pátrúin, ó thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí a bhfuil cónaí orthu sna limistéir phleanála scoile atá i gceist, mar aon le méid éagsúlachta an tsoláthair atá ar fáil faoi láthair sna réimsí seo, ríthábhachtach do chinntí thoradh an phróisis seo.
“Tá áthas ar leith orm go bhfuil dhá cheann de na trí bhunscoil nua seo ainmnithe mar bhunscoileanna lán-Ghaeilge sula reáchtáiltear an CPPL, ag soláthar rogha trí mheán na Gaeilge, nach raibh ar fáil go dtí seo, do thuismitheoirí sna limistéir phleanála scoile seo” .
Rinneadh an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) a fhorbairt chun eolas oibiachtúil a sholáthar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí le rogha eolach a dhéanamh maidir le rogha samhail phátrúnachta agus teanga teagaisc d’oideachas a linbh, lena n-áirítear an rogha atá acu dá leanbh oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla i gcás na scoile nua do limistéar pleanála An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh. Osclófar an CPPL do roghanna tuismitheoirí a luaithe agus a bhíonn an próiseas iarratais pátrúnachta críochnaithe.
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis machnamh a dhéanamh ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn faoi na hiarratais a bhíonn faighte.
Déanfar na scoileanna a bhunú de réir na riachtanas agus na gcritéar a fógraíodh don chéad uair, i mí an Mheithimh 2011, faoi phátrúnacht scoileanna nua. Tá na riachtanais agus na critéir seo foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne agus cuirfear iad ar fáil freisin d’iarratasóirí ionchasacha. Caithfidh pátrúin iarratasóra a dheimhniú go gcomhlíonfaidh siad gach ceann de na riachtanais agus na critéir ionas gur féidir a gcuid iarratas a phróiseáil.
CRÍOCH
Sonraí maidir le trí bhunscoil nua atá le bunú i 2021 agus faoina dtabharfar faoi phróiseas pátrúnachta
Contae | Limistéar/Limistéir Phleanála Scoile ar a bhfreastalófar | Méid na Scoile | An Bhliain a Osclófar | An Suíomh Teanga |
ContaeÁtha Cliath | Domhnach Míde_Binn Éadair_Áth Cliath13 | 8 seomra ranga | 2021 | Ainmnithe mar Ghaelscoil |
ContaeÁtha Cliath | Áth Cliath2_Áth Cliath4 | 8 seomra ranga | 2021 | Ainmnithe mar Ghaelscoil |
ContaeÁtha Cliath | An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Thuaidh | 8 seomra ranga | 2021 | Le socrú mar chuid den CPPL |
Na chéad chéimeanna eile
Nuair a dheimhnítear na pátrúin iarratasóra, osclóidh an Roinn an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) do phróiseas pátrúnachta bunscoile 2021. Cuirfidh sé seo eolas oibiachtúil ar fáil do gach tuismitheoir a thabharfaidh deis dóibh rogha eolach a dhéanamh faoin samhail phátrúnachta agus teanga teagaisc d’oideachas a linbh.
Ina dhiaidh sin cuirfidh an Roinn tuairisc phátrúnachta ar fáil do bhreithmheas an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) agus cuirfidh an GBSN tuairisc mar aon le moltaí ar fáil don Aire dá bhreithmheas.
An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte.
Is iad baill an GBSN ná:
• Joe Hamill Uasal (Cathaoirleach), Rúnaí ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
• An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
• An tOllamh Sarah Moore, Ollamh Teagaisc agus Foghlama, Ollscoil Luimnigh.
Notaí faoi Iarchuir
Eascraíonn na hiarchuir ó raon tosca, go príomha nár tharla forbairt chónaithe bhreise phleanáilte go fóill i bhforbairtí ón gCiste Gníomhachtaithe Tithíochta um Bonneagar Áitiúil (LIHAF) ag na leibhéil a rabhthas ag súil leo in 2018, agus/nó go bhfuil acmhainn sna scoileanna atá ann cheana sa limistéar/in aice leis an limistéar a mheastar leordhóthanach le freastal ar an éileamh déimeagrafach i 2021, agus dá bhrí sin nach gá do na scoileanna tosú i 2021. Leanfar le pleanáil agus ullmhúchán na suíomh agus na bhfoirgneamh do na scoileanna seo i gcomhréir le soláthar na tithíochta sna ceantair atá i gceist.
Nóta faoi bhearta chun rochtain ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sna limistéir ina bhfuil bunscoileanna nua le bunú ó 2019 go 2022, fógraíodh an 3 Meán Fómhair, 2019 go bhfuil cúig cinn de na bunscoileanna nua atá le bunú ó 2020-2022 ainmnithe don oideachas trí mheán na Gaeilge, mar seo a leanas:
Limistéar Pleanála Scoile | Bliain |
Domhnach Bat | 2020 |
An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard* | 2020 |
Domhnach Míde_Binn Éadair_D13 | 2021 |
Áth Cliath 2_Áth Cliath 4 | 2021 |
An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Coill na Silíni | 2022** |
** Fógraíodh go mbeadh dhá bhunscoil nua le bunú sa Naigínn_Cill Iníon Léinín_DLR / Coill na Sílíní - ceann amháin in 2020 agus an dara ceann i 2022 agus ceann acu ainmnithe mar ghaelscoil. Mar thoradh ar an bpróiseas CPPL do scoil 2020, is scoil í seo a bheidh ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Dá réir sin, ainmneofar scoil 2022 mar ghaelscoil.
Rinneadh an t-athrú tar éis bhunú an Chórais Phíolótaigh Próiseála Pátrúnachta Ar Líne (CPPL) do bhunscoileanna i Meán Fómhair 2019 agus rannpháirtíocht na Roinne le comhlachtaí pátrúnachta scoile agus páirtithe leasmhara eile. Beidh na cúig scoil nua ag freastal ar limistéir ina bhfuil an daonra ag fás, mura bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge ann cheana nó má tá níos mó ná bunscoil nua le bunú idir 2019 agus 2022.
Tá an chéim seo mar chuid de chreat ina n-áirítear:
• Teanga na bunscoile nua a ainmniú mar Ghaeilge i gcúinsí áirithe;
• Tástáil (ar bhonn píolótach) ar an bhféidearthacht freastal ar éileamh do sholáthar trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge trí, mar shampla, dhá bhunscoil 8-seomra ranga a sholáthar (ceann trí mheán an Bhéarla agus ceann trí mheán na Gaeilge) i bhfoirgneamh/ar champas roinnte seachas bunscoil amháin 16-seomra ranga a sholáthar, faoi réir tosca ar nós éileamh agus cúinsí an tsuímh;
• Iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht bunscoileanna lán-Ghaeilge atá ann cheana a mhéadú chun freastal ar éileamh nach rabhthas ag súil leis i gceantar;
• Deiseanna a sholáthar do phátrúin bunscoileanna atá ann cheana chun an teanga teagaisc a athrú ó Bhéarla go Gaeilge, mar a shamhlaítear mar chuid den phróiseas Athchumraithe Scoileanna don Éagsúlacht.