Aistriú chun Óglaigh na hÉireann a athrú ó bhonn agus an méadú is mó ar bhuiséad Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an Stát fógartha ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá fógartha ag an Aire Cosanta, Simon Coveney, i ndiaidh an chruinnithe Comh-Aireachta Dé Máirt, gur cheadaigh an rialtas aistriú chuig ‘Leibhéal Uaillmhéine 2’ (LU2), mar a leagtar amach sa chreat acmhainneachta arna cheapadh ag an gCoimisiúin um Óglaigh na hÉireann.
Is é a bheidh mar thoradh air seo méadú ar bhuiséad Óglaigh na hÉireann ó €1.1 billiún go €1.5 billiún, i bpraghsanna 2022, faoi 2028, an méadú is mó ar mhaoiniú Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an Stát. Leis seo, beifear in ann an t-athrú ollmhór agus an infheistíocht in earcaíocht agus i dtrealamh atá de dhíth agus a d’aithin an Coimisiún a dhéanamh.
Leis an aistriú chuig LU2, éileofar 2,000 pearsanra breise (idir phearsanra sibhialta agus phearsana míleata) sa bhreis ar líon an phearsanra atá san eagras faoi láthair, arb é sin 9,500. Tosaíodh ar obair ar an aistriú seo cheana féin, leis an bhfeachtas earcaíochta ‘BE MORE’ a fógraíodh le déanaí.
Ar roinnt de na tionscnaimh shonracha atá ann, tá pleanáil d’acmhainní míleata radair a thosú láithreach, lena n-áirítear an príomhradar agus Oifig do Ghnóthaí Cúltaca a bhunú arb é is cuspóir thosaíochta léi plean athnuachana d’Fhórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann a fhorbairt.
Is é a dúirt an Taoiseach Micheál Martin, i ndiaidh an chinnidh ón gComh-Aireachta:
“Leis an bPlean Gníomhaíochta atá á sheoladh againn inniu, déantar gealltanas soiléir maidir lenár n-uaillmhian chun cosanta – ar an mbealach céanna agus a neartaíonn Óglaigh na hÉireann an tír, caithfimid a chinntiú go neartóimid Óglaigh na hÉireann.
Leis an infheistíocht seo, arb í an infheistíocht aonair is mó a rinneadh ó bunaíodh an Stát, léirítear gealltanas láidir an rialtais chun tacú le haistriú Óglaigh na hÉireann chuig fórsa míleata nua-aimseartha atá aclaí, agus a bhfuil an acmhainneacht, an cultúr agus na luachanna iomchuí aige le bheith ina léiriú ar an ionad oibre nua-aimseartha agus ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.”
Ceadaíodh Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil (PGA) freisin ina leagtar amach freagairt an rialtas don tuarascáil ó Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann a foilsíodh le déanaí. Tá an PGA foilsithe anois ar láithreáin gréasáin Óglaigh na hÉireann agus na Roinne Cosanta.
Le linn dó tagairt a dhéanamh don chaoi ar aithin an Coimisiún gá práinneach le hathrú ó bhonn ó thaobh Acmhainní Daonna agus cultúr laistigh d’Óglaigh na hÉireann, mhínigh an tAire Eamon Ryan:
“Chun dlús a chur leis an bpróiseas athraithe AD agus cultúir, d’iarr an tAire Coveney ar bhainistíocht mhíleata próiseas earcaíochta oscailte a a chur chun cinn, mar ábhar tosaíochta, chun roinnt post nua a líonadh lena n-áirítear 2 post sibhialtaigh, arb iad sin Ceann Bunathraithe agus Ceann AD Straitéiseach chun an t-athrú ó bhonn agus an t-athrú cultúir atá ag teastáil go géar laistigh d’Óglaigh na hÉireann a bhrú chun cinn.”
Thug an tAire Coveney ar aird go ndearna an Coimisiún roinnt moltaí a bhaineann le struchtúir phá atá ann cheana, agus bhí áthas air gur chomhaontaigh an rialtas dul chun cinn láithreach a dhéanamh ar na moltaí seo a leanas:
• an riachtanas go ndéanfadh Saighdiúir Singil 3 Réalta/Maraí Infheidhme ‘an t-am a bhualadh’ le linn na chéad trí bliana ag an gcéim sin a bhaint
• an ráta iomlán Liúntais Seirbhíse Míleata (LSM) is infheidhme do chéim gach pearsanra ar Saighdiúirí Singil 3 Réalta/Maraithe Infheidhme iad a íoc; agus
• rochtain láithreach a chur ar fáil do phearsanra iontrála dírí sa tSeirbhís Chabhlaigh ar an Scéim Tiomantais Seirbhíse Farraige
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Coveney:
“I gcomhréir le gach gné a bhaineann le raon Ionadaíochta, beidh cur chun feidhme moltaí den sórt sin ina ábhar comhairliúcháin le Cumainn Ionadaíochta Óglaigh na hÉireann.”
Taobh amuigh de sin, dúirt an tAire Coveney:
“Tá na struchtúir chur chun feidhme agus mhaoirseachta atá leagtha amach in PGA tábhachtach, agus táthar le plean mionsonraithe cur chun feidhme a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana seo.”
Thug an rialtas an obair shuntasach atá ag dul ar aghaidh i roinnt réimse dá dtagraítear sa tuarascáil ón gCoimisiún ar aird freisin, lena n-áirítear an obair seo a leanas:
• Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách (GAN) maidir le fadhbanna dínite agus cothromais in Óglaigh na hÉireann a bhunú agus roinnt beart láithreach a thabhairt isteach chun tacaíochtaí a thabhairt ar feitheamh thoradh GAN.
• deiseanna a chur ar fáil chun acmhainní cosanta na bhfórsaí agus comhsholáthar a fhorbairt a chuirfear ar fáil trí bheith rannpháirteach sa Bhuanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint. tá níos lú ná seachtain caite ó cheadaigh an Dáil an togra ón Aire Coveney chun Óglaigh na hÉireann a dhul isteach i 4 tionscadal nua PESCO
• comhaltas comhlach de Chomhdháil na gCeardchumann do Chumainn Ionadaíochta Óglaigh na hÉireann, agus an tairiscint a rinneadh le déanaí agus ar glacadh léi ar thoiliú sealadach choinníollaigh don dá Chumann a bhreithniú
• dul i mbun idirchaidrimh le hOmbudsman Óglaigh na hÉireann maidir le sainchúram a oifige
Ba ghealltanas tábhachtach a rinneadh i bPlean an Rialtais é Coimisiún neamhspleách um Óglaigh na hÉireann a bhunú. Ar an 15 Nollaig 2020, bhunaigh an rialtas an Coimisiún agus chomhaontaigh sé Téarmaí Tagartha agus comhaltas an Choimisiúin. Foilsíodh an tuarascáil ón gCoimisiún ar an 9 Feabhra de bhliain seo[2].
Cheadaigh an rialtas PGA a fhoilsiú lena ndéantar foráil don mhéid seo a leanas:
• Glactar le 48 moladh le cur chun feidhme
• Glactar le 55 moladh i bprionsabal a bhfuil tuilleadh breithnithe de dhíth maidir leis an gcur chuige barrmhaith chun sprioc an Choimisiúin a bhaint amach
• Tá 17 moladh inmhianaithe agus éileofar orthu tuilleadh meastóireachta a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara, ar na himpleachtaí acmhainne, beartais, airgeadais agus reachtacha sular féidir cinneadh maidir le cur chun feidhme a bhreithniú; agus
• Beidh gá le 10 moladh a thabhairt ar ais chuig an Rialtas ag tráth níos déanaí (féach cuid 3 thíos)
Mar a leagtar amach sa PGA, cuimseofar na grúpaí seo a leanas sna struchtúir chur chun feidhme:
• Bord Stiúrtha Ardleibhéil, arb é Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh a bheidh ina chathaoirleach air
• Grúpa Maoirseachta Cur Chun Feidhme (GMCCF), faoi chathaoirleacht neamhspleách, a dhéanfaidh maoirseacht ar chur chun feidhme agus a dhéanfaidh dul chun cinn ar chur chun feidhme a chur chun cinn; agus
• Oifig Bainistithe Cur Chun Feidhme (OBCCF) a chuirfidh cur chun feidhme ó lá go lá chun cinn le tacaíocht ó dhuine gairmiúil agus ó fhoireann bhunathraithe shároilte, a mbeidh baill foirne ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha araon uirthi
Is é an príomhfhócas a bheidh ag an OBCCF an Plean Cur Chun Feidhme a fhorbairt. Cáipéis bheo a bheidh inti agus táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean Cur Chun Feidhme faoi dheireadh 2022.
Leis an PGA déantar foráil go dtabharfar 10 moladh ar ais chuig an Rialtas. Baineann 4 cinn de na moltaí sin leis na hathruithe atá beartaithe ar struchtúir Óglaigh na hÉireann agus, go háirithe, ar Cheannas agus Rialú ardleibhéal Óglaigh na hÉireann a athchóiriú trí phost Cheann Cosanta (CC) a chruthú, a dtacóidh Leas CC leis, a mbeidh an t-údarás iomchuí maidir le ceannas agus rialú míleata Óglaigh na hÉireann acu.
Lorgaíodh comhairle dlí ón Ard-Aighne. D’fhéadfadh soiléiriú ar ról an Aire agus an ról a bheidh ag an Roinn Cosanta amach anseo a bheith ag teastáil i ndiaidh na comhairle sin a fháil. Cuimseofar sa chinneadh a dhéanfaidh an Rialtas amach anseo maidir le Ceannas agus Rialú ardleibhéal Óglaigh na hÉireann gach moladh ón gCoimisiún maidir le réimse talún, réimse aeir, réimse farraige agus cibiréimse a athstruchtúrú, lena n-áirítear poist nua Ceann Seirbhíse, an post nua Ceannasaithe Comhfhórasa agus struchtúir thacaíochta eile lena mbaineann a chruthú.
Dhírigh an Coimisiún aird ar an aistriú radacach cultúir atá ag teastáil in Óglaigh na hÉireann ag gach leibhéal. Bhí imní air go háirithe faoin gcultúr atá le feiceáil go soiléir ar fud Óglaigh na hÉireann, cultúr atá fearúil agus ina bhfuil tuiscint theoranta ar éagsúlacht den uile chineál. Beidh an Ceann nua Bunathraithe agus Ceann AD Straitéiseach freagrach go díreach don Cheann Foirne agus tacóidh foirne sibhialta-míleata leo chun na poist ag gráid shinsearacha a chur san áireamh, arb iad sin post Comhairleora Inscne agus post Oifigigh um Bunathrú Digiteach, a bheidh i gceannas ar chlár um bunathrú digiteach.
Fuair an Coimisiún amach gurb ionann an easpa próisis fhoirmiúil pleanála do chumas forbartha agus bearna shuntasach lena gcuirtear bac ar éifeachtúlacht Óglaigh na hÉireann ó thaobh a róil a chomhlíonadh, cé go bhfuil réimse áisitheoirí i bhfeidhm chun tacú le pleanáil i ndáil le forbairt acmhainneachta cosanta. Bunófar Brainse Forbartha Cumais (sibhialta-míleata) laistigh den Roinn Cosanta, ina gcuirfear béim mhór ar dheiseanna a fhiosrú maidir le tuilleadh rannpháirtíochta a ghlacadh i gcumas forbartha AE agus i dtionscnaimh comhsholáthair, agus leabófar anailís ar réitigh ghlasa chosanta agus ar fhaire na fáistine chun teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a aithint laistigh den phróiseas pleanála i ndáil le forbairt acmhainneachta.
Tá an creat um ‘Leibhéal Uaillmhéine’ (LU), atá leagtha amach ag an gCoimisiún chun leibhéal na n-acmhainní[3] atá ag teastáil ó Óglaigh na hÉireann a chinneadh, dírithe ar 3 leibhéal LU.
Is ionann LU1 agus acmhainní reatha Óglaigh na hÉireann lena n-áirítear trealamh agus bonneagar a athchur agus a nuachóiriú ar bhonn rialta mar is cuí. Cé go bhféadfaí roinnt athchóirithe agus athstruchtúraithe in Óglaigh na hÉireann a chur chun feidhme, fuair an Coimisiún amach nach gcoinneoidh na príomhacmhainní cos leis an timpeallacht slándála atá ag éirí níos dúshlánaí, le héagsúlú agus leathnú bagairtí agus le castacht sa timpeallacht oibriúcháin nua-aimseartha atá ag dul chun donais. De réir dhearcadh an Choimisiúin, ní thagann an leibhéal uaillmhéine seo leis ráitis beartais cosanta atá i bPáipéar Bán 2015 atá níos uaillmhéine, rud a fhágann nach féidir le hÓglaigh na hÉireann an Stát a chosaint ar bhealach fónta i gcoinne gníomh leanúnach ionsaithe ó fhórsa míleata coinbhinsiúnach, agus ar dócha nach dteastódh gealltanas chomh mór céanna i ndáil le hoibríochtaí tacaíochta síochána idirnáisiúnta, bainistithe géarchéime agus faoisimh dhaonnúil de bharr srianta acmhainneachta. De réir an Choimisiúin, má fhantar ar an leibhéal seo cuirfear srian dian le hacmhainneacht Óglaigh na hÉireann a gcuid gealltanas thar lear a choinneáil agus na leibhéil tacaíochtaí cuidithe leis an gcumhacht shibhialta (CCS) agus cuidithe leis an údarás sibhialta (CUS) atá ag teastáil a chur ar fáil. Bheadh maoiniú breise cosanta €47 milliún in aghaidh na bliana agus an líon iomlán foirne ag teastáil chun an leibhéal uaillmhéine seo a bhaint amach.
Mhol an Coimisiún go ndéanfaí céim in airde chuig LU2 sa ghearrthéarma a bhreithniú ar feitheamh na díospóireachta beartais níos mionsonraithe agus an chinnidh a theastaíonn i leith leibhéil uaillmhéine níos airde a bhaint amach. Is ionann LU2 agus acmhainní feabhsaithe, agus is éard a bheadh i gceist leis sin tuilleadh a chur leis an acmhainneacht atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí tosaíochta sonracha atá ann ó thaobh an chumais atá againn ionsaí ar cheannas na hÉireann a láimhseáil agus seirbhís a dhéanamh in oibríochtaí tacaíochta síochána, bainistithe géarchéime agus faoisimh dhaonnúil níos déine thar lear. Le cinneadh an Rialtais bogadh go LU2, beifear in ann beartas reatha a thabhairt chun fíre, mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán (2015) agus sa Nuashonrú ar an bPáipéar Bán (2019), agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí tosaíochta ó thaobh acmhainní reatha Óglaigh na hÉireann maidir le leasanna ceannasacha na hÉireann a chosaint, seirbhís a dhéanamh ar mhisin ard-déine thar lear agus tairbhe a dhéanamh do theacht aniar agus do shlándáil náisiúnta.
Áirítear ar na príomhéifeachtaí acmhainneachta a chuirfí ar fáil trí LU2 a bhaint amach:
• cosaint fheabhsaithe trúpaí don Arm, go háirithe i bhfianaise róil níos deacra thar lear
• ról mar rogha chomhpháirtí d’oibríochtaí idirnáisiúnta tacaíochta síochána a choinneáil
• feasacht staide fheabhsaithe chun tacú le slándáil náisiúnta trí Phictiúr Aeir Aitheanta a fhorbairt
• acmhainní cibearchosanta Óglaigh na hÉireann a bheidh láidrithe go mór
• láithreacht mhéadaithe ar farraige trí thús a chur, ar bhonn céimnitheach, le loingis na Seirbhíse Cabhlaigh a fheidhmiú ar leibhéal barrmhaith trí dhá fhoireann a chur ar oibríochtaí, agus dá réir sin sochar an Stáit ar an infheistíocht shuntasach airgid a bhaineann le hárthaí a sholáthar a uasmhéadú
• acmhainní feabhsaithe aeir lena leathnófar acmhainn réime straitéiseach orgánach sciathán dobhogtha an Aerchóir chuig an Afraic agus chuig an Meánoirthear, mar shampla, mar aon lena acmhainn a fheabhsú chun tacú le húdaráis áitiúla, mar shampla, nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le falscaithe nó le héigeandálaí aeráide eile dá leithéid, atá ag éirí níos coitianta
• leanúint de ghnáth-thascanna CCS agus CUS Óglaigh na hÉireann a chomhlíonadh, agus tairbhe shuntasach a dhéanamh do theacht aniar náisiúnta; agus
• athbheochan Fhórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann
Shainaithin an Coimisiún glanmhéadú ar eagras na mBuan-Óglach, lena n-áirítear baill foirne sibhialtacha, de thuairim is 2,000 pearsanra, a d’fhágfadh gurbh ionann an líon iomlán agus thart ar 11,500 (sa bhreis ar an gcohórt fostaithe sibhialtacha atá ann cheana) chun LU2 a bhaint amach. Ar deireadh thiar, bheadh an líon breise faoi réir pleanáil, cinnteoireacht agus bainistiú réamhghníomhach mionsonraithe laistigh de chur chuige Straitéiseach AD amach anseo, le soláthar foirne ina thosaíocht a mbeadh laghduithe i réimse áirithe agus méaduithe i réimse eile ar fud na seirbhísí mar thoradh air, ar bhonn leagan amach nua mionsonraithe an fhórsa agus an athbhreithnithe ar thascanna. Tá Óglaigh na hÉireann freagrach as earcú a dhéanamh agus i láthair na huaire tá siad ag forbairt plean straitéiseach earcaíochta chun an méadú seo ar líon na mball foirne a thabhairt chun fíre. Meascán de phearsanra míleata agus pearsanra sibhialtach a bheidh ann.
I dtuarascáil an Choimisiúin, cuireadh caiteachas míleata na hÉireann i gcomparáid le tíortha comparáide roghnaithe, agus cuireadh in iúl é mar chéatadán d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) gach tíre (Caibidil 10, Tábla 10.4). Sa tábla thíos, chuir an Coimisiún caiteachas na hÉireann san áireamh mar chéatadán d’Ollioncam Náisiúnta chomh maith, mar go measann an Phríomh-Oifig Staidrimh gur fearr an meastachán é sin ar mhéid gheilleagar na hÉireann, agus dá bhrí sin, go gcuirtear ‘anailís chóimheasa’ níos fearr ar fáil leis maidir le saincheisteanna fioscacha amhail caiteachas ar chosaint.
Tír | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 |
Éire | 0.3% | 0.3% | 0.3% | 0.3% | 0.3% | 0.3% |
Éire (% de OIN*) | 0.55% | 0.52% | 0.5% | 0.48% | 0.48% | 0.5% |
Tíortha Comparáide Roghnaithe - % d’OTI | ||||||
An Ostair | 0.7% | 0.7% | 0.8% | 0.7% | 0.7% | 0.8% |
An Bheilg | 0.9% | 0.9% | 0.9% | 0.9% | 0.9% | 1.1% |
An Danmhairg | 1.1% | 1.2% | 1.1% | 1.3% | 1.3% | 1.4% |
An Fhionlainn | 1.4% | 1.4% | 1.4% | 1.4% | 1.3% | 1.5% |
An Ísiltír | 1.1% | 1.2% | 1.2% | 1.2% | 1.3% | 1.4% |
An Iorua | 1.5% | 1.6% | 1.7% | 1.7% | 1.9% | 1.9% |
An Phortaingéil | 1.8% | 2.0% | 1.7% | 1.8% | 1.8% | 2.1% |
An tSualainn | 1.1% | 1.1% | 1.0% | 1.0% | 1.1% | 1.2% |
¹ Is ionann SIPRI agus Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin, ar institiúid idirnáisiúnta neamhspleách í atá tiomnaithe do thaighde a dhéanamh ar choimhlint, ar airm, ar rialú arm agus ar dhí-armáil.
Díol suntais is ea é go bhfuil méaduithe ar an gcaiteachas atá geallta ar chosaint amach anseo fógartha ag gach ceann de na 8 tír chomparáide thuas le déanaí i bhfianaise an chogaidh san Úcráin. Má chuirtear i bhfeidhm iad na méaduithe sin, cuirfear méadú suntasach ar an gcéatadán d’Olltáirgeacht Intíre a chaithfear i gcomparáid leis na figiúirí luaite thuas.
Tá bunathrú tagtha ar an tírdhreach cosanta ar fud na hEorpa de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar cuireadh tús leis go gairid i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin. Fearacht thíortha eile an AE, ní mór d’Éirinn dul i dtaithí ar an saol nua mar atá ó thaobh cúrsaí slándála. Bheadh díospóireacht aibí, ómósach maidir le beartas cosanta amach anseo in Éirinn ina cúnamh don oiriúnú riachtanach sin, agus, sa chomhthéacs seo, moltar go dtosódh an Roinn Cosanta ag pleanáil i gcomhair Athbhreithnithe Straitéisigh Cosanta i dtreo dheireadh na bliana seo lena gcumasófar díospóireacht níos leithne ar bheartas foriomlán cosanta an Stáit.
Rinne an Coimisiún roinnt moltaí maidir le struchtúir phá agus tá sé i gceist ag an Aire na bearta seo a leanas a chur chun cinn láithreach:
• an riachtanas go ndéanfadh Saighdiúir Singil 3 Réalta/Maraí Infheidhme ‘an t-am a bhualadh’ le linn na chéad trí bliana ag an gcéim sin a bhaint
• an ráta iomlán Liúntais Seirbhíse Míleata (LSM) is infheidhme do chéim gach pearsanra ar Saighdiúirí Singil 3 Réalta/Maraithe Infheidhme iad a íoc; agus
• rochtain láithreach a chur ar fáil do phearsanra iontrála dírí sa tSeirbhís Chabhlaigh ar an Scéim ####Tiomantais Seirbhíse ar Farraige
Beidh na moltaí seo a leanas a bhaineann le struchtúir phá faoi réir tuilleadh measúnaithe a gcuirfear tús leis roimh dheireadh na bliana seo:
• ar an mbonn go n-íocfar an ráta iomlán LSM is infheidhme dá chéim le gach pearsanra, cuirfear deireadh le LSM agus déanfar an ráta iomlán is infheidhme a chomhtháthú i mbunphá
• bearta dleachta farraige nach bhfuil chomh casta céanna a chur in áit na liúntas farraige atá ann cheana; agus
• Incrimintí Fadseirbhíse a thabhairt isteach chuig scálaí pá gach céime de phearsanra liostáilte
Tharraing an Coimisiún aird ar ról suntasach na Roinne Cosanta i ndáil le dul chun cinn an chláir oibre athraithe a chumasú, chun tacú le dul chun cinn an chláir oibre athraithe agus chun maoirseacht a dhéanamh air. Tharraing sé aird freisin ar an gcaoi a mbeidh acmhainní breise ag teastáil ón Roinn go ceann 5 bliana nó mar sin.
Taobh amuigh de sin, bhí an Roinn ina hábhar d’Athbhreithniú Acmhainneachta Eagraíochta (AAE). Tháinig an t-athbhreithniú seo chun cinn de bharr Phlean Athnuachana Státseirbhíse an Rialtais agus ba í Foireann Athbhreithnithe Acmhainneachta ón Oifig Athchóirithe agus Seachadta laistigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thug faoin athbhreithniú. Cuireadh an tuarascáil ar fáil don uile bhall foirne sa Roinn agus cuireadh plean gnímh i dtoll a chéile laistigh den Roinn. Tá an tuarascáil agus an plean gníomhaíochta á n-ullmhú lena bhfoilsiú anois tar éis dóibh a bheith faoi bhreithniú ag an Rialtas le déanaí.
[3] Sa chomhthéacs seo, thug an Coimisiún sainmhíniú ar ‘acmhainní’ mar “trealamh, agus i gcás cibearchosanta go háirithe, ... pearsanra.”