Ainmniúchán an Uasail Gregory Sparks mar Chathaoirleach Ainmnithe ar an Vhi
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtas earcaíochta oscailte arna stiúradh ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), tá an tUasal Gregory Sparks ainmnithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar Chathaoirleach Ainmnithe ar an Vhi.
Mar is gnách le ceapachán den sórt sin ar Bhord Stáit, cuirfidh an tAire in iúl do Chathaoirleach an Chomhchoiste um Shláinte go bhfuil sé ar intinn aige an tUasal Sparks a ainmniú mar Chathaoirleach. Tá rogha ag an gCoiste, más mian leis, cuireadh a thabhairt don Chathaoirleach Ainmnithe faisnéis a thabhairt dá chomhaltaí. Tar éis sin, is féidir leis an gCoiste a thuairimí ar an gceapachán beartaithe a chur faoi bhráid an Aire le go ndéanfaidh sé breithniú orthu sula ndéanfaidh an tAire an ceapachán foirmiúil.
Tá taithí shuntasach ag Gregory Sparks leis an Vhi go dtí seo, tar éis dó a bheith ina bhall dá Bhord ar feadh roinnt blianta chomh maith le tacú leis an eagraíocht i bhforbairt a plean straitéisigh.
D’fhóin an tUasal Sparks freisin ar roinnt bord san earnáil phríobháideach, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta, i raon éagsúil réimsí, lena n-áirítear na hearnálacha sláinte, meáin agus cumarsáide, agus neamhbhrabúis, ag soláthar taithí shuntasach dóibh ar fhreagracht airgeadais chorparáideach. Ba chuntasóir cairte é a phríomhghairm bheatha i gcleachtas, agus d’oibrigh sé i, agus d’fheidhmigh sé mar chomhairleoir do, comhlachtaí i raon earnálacha. Ina theannta sin, tá taithí aige laistigh den earnáil sláinte mar sholáthraí seirbhíse sláinte agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Ospidéal an Choim ar feadh roinnt blianta.