Fáilte curtha ag an Rialtas roimh chinneadh Mhaoirseoirí CE vótáil ar son tograí chun saincheist atá gan réiteach le fada an lá a réiteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fháiltigh an Rialtas roimh chinneadh na maoirseoirí agus na maoirseoirí cúnta Fostaíochta Pobail (CE) vótáil ar son tograí chun saincheist atá gan réiteach le fada an lá a réiteach, saincheist a d’eascair as moladh na Cúirte Oibreachais maidir le soláthar pinsin.
Rachaidh an socrú, a comhaontaíodh le ceardchumainn SIPTU agus Fórsa, chun tairbhe breis is 2,200 duine atá fostaithe ag scéimeanna CE chomh fada siar le 2008.
Tá costas iomlán de bhreis is €24 milliún luaite leis.
Faoi théarmaí an tsocraithe, nuair a shlánaítear aois scoir, gheobhaidh maoirseoirí agus maoirseoirí cúnta CE íocaíocht ex-gratia aonuaire maidir leis an méid ama a raibh siad fostaithe ag scéimeanna CE ón mbliain 2008 ar aghaidh.
Beidh daoine a chuaigh ar scor ón mbliain 2008 ar aghaidh in ann iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí láithreach baill nuair a bheidh an scéim bunaithe an bhliain seo chugainn.
Beidh na híocaíochtaí seo á riar ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
D’fháiltigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, roimh an gcinneadh vótáil ar son an chomhaontaithe.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys le linn di fáiltiú roimh an gcomhaontú:
“Tá ról lárnach ag Maoirseoirí agus ag Maoirseoirí Cúnta CE i bpobail ar fud na tíre. Cúis áthais dom gur éirigh linn teacht ar réiteach inniu maidir le saincheist atá gan réiteach le fada an lá.
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Pobail, tá mé tiomanta don tsamhail Fostaíochta Pobail agus tá taithí phearsanta agam ar an obair iontach atá á déanamh ag scéimeanna áitiúla CE ar fud na tíre.
“Bhí tús áite á thabhairt agam do réiteach na saincheiste seo ó ceapadh mé ar dtús agus bhí neart plé agam leis an Aire McGrath agus lena oifigigh sular éirigh linn teacht chomh fada leis an bpointe seo.
“Cuirfidh mo roinn obair i gcrích anois chun socruithe riaracháin a bhunú chun an socrú comhaontaithe a chur chun feidhme d’fhonn a chinntiú go mbeidh íocaíochtaí á n-eisiúint chuig oibrithe cáilithe CE in 2022.
“Níos túisce an tseachtain seo, d’fhógair mé athchóirithe ar CE, a bhfuiltear ag súil leo le fada, ar fháiltigh scéimeanna áitiúla rompu. Is fianaise é comhaontú an lae inniu maidir le saincheist atá gan réiteach ó mbliain 2008 ar a thiomanta is atá mé do thacú le scéimeanna CE agus leis na seirbhísí tábhachtacha atá á gcur ar fáil acu do phobail áitiúla agus do dhaoine ar fud na tíre atá dífhostaithe go fadtéarmach.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McGrath:
“Cúis áthais dom gur thángthas a réiteach ar an tsaincheist seo i ndeireadh na dála.
“Tuigim go rímhaith go soláthraíonn Maoirseoirí agus Maoirseoirí Cúnta Scéimeanna Fostaíochta Pobail seirbhísí riachtanacha do phobail ar fud na tíre.
“Cabhraíonn siad le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach slí a aimsiú chun fostaíocht lánaimseartha a fháil, agus chomh maith leis sin, tacaíonn siad le gníomhaíochtaí laethúla raon eagraíochtaí spóirt, pobail agus deonacha.
“Is mian liom aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht dhearfach ionadaithe na gCeardchumann le míonna beaga anuas, agus cúis áthais dom go raibh ar chumas an dá roinn rialtais oibriú i ndlúthchomhar lena chéile chun an tsaincheist seo a réiteach. Táimid ag súil anois le leanúint leis an gcéim forfheidhmiúcháin.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Brien freisin:
“Fáiltím roimh chomhaontú na gceardchumann maidir le tograí a rachaidh chun tairbhe breis is 2,200 oibrí CE ar fud na tíre.
“Is socrú cothrom agus cothromaithe ar cheist chasta é an comhaontú seo. Táim airdeallach ar an méid ama agus iarrachta a bhí mar bhonn le comhaontú an lae inniu, am agus iarracht gach duine a bhí páirteach sa phróiseas.
“Anois tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí tús áite don obair a bhaineann leis an socrú seo a chur chun feidhme sna míonna amach romhainn.”