Glao ar Thograí Taighde sa Talmhaíocht 2019 ó Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu Glao ar Thograí Taighde i réimsí roghnaithe a bhaineann le hagraibhia faoi Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire.
Dúirt an tAire:
"Bhí Comhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire lárnach ó thaobh taighdeoirí as Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, agus taighdeoirí as na Stáit Aontaithe a thabhairt le chéile chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna agus réitigh eolaíocha a chur ar fáil i leith fadhbanna comhchoiteanna san earnáil agraibhia. Tríd an gclár, cuirtear deis ar leith ar fáil do thaighdeoirí chun smaointe nua a fhorbairt agus feidhmeanna nua a aimsiú dá gcuid oibre trí chuid de na heolaithe is iomráití ina réimsí féin sna trí dhlínse a thabhairt le chéile. Trí thaighdeoirí a bheith ag obair go dlúth lena chéile, cuidítear leo smaointe nua a fhorbairt, feidhmeanna nua a aimsiú dá gcuid oibre, modhanna nua a fhoghlaim agus teacht a fháil ar mhaoiniú, rud a chuirfidh méadú leis na deiseanna gairme atá ar fáil dóibh."
Is éard is aidhm le Glao ar Thograí Taighde sa Talmhaíocht 2019 ó Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire eolas a mhéadú sna heolaíochtaí bunúsacha agus feidhmeacha araon atá bainteach le talmhaíocht, agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus bainteacha trína gcuirtear eolas ar fáil d'úsáideoirí deiridh atá bunaithe ar eolaíocht, rud a chuirfidh ar chumas dóibh cinntí eolacha agus praiticiúla a dhéanamh.
Leag an tAire Creed béim ar a thiomantas leanúnach maidir le deiseanna maoinithe trasnáisiúnta atá ailínithe go straitéiseach a aithint chun cuidiú le dul i ngleic le dúshláin náisiúnta chomh maith le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn in earnáil agraibhia na hÉireann agus dúirt:
"Baineann ríthábhacht le comhoibriú, chun réitigh a fháil ar fhadhbanna an tsaoil nithiúil agus chun poist agus fás a chruthú. Déanfaidh fógra an lae inniu rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscnaimh taighde idirnáisiúnta agraibhia atá roghnaitheach agus tábhachtach ó thaobh straitéise de a neartú agus tá mo roinnse an-sásta leanúint de thacaíocht a chur ar fáil don chomhaontas smaointe agus spriocanna seo idir na trí thír."
Tá tuilleadh eolais maidir leis an gclár maoinithe ar fáil ag an nasc seo a leanas www.agriculture.gov.ie/research/trans-nationalresearchfunding/us-irelandresearchanddevelopmentpartnership.
CRÍOCH
Is cuid de Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann Comhpháirtíocht Taighde & Forbartha SAM-Éire ina bhfuil rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, rialtas na hÉireann agus rialtas Thuaisceart Éireann ag oibriú le chéile ar mhaithe le dul chun cinn eolaíoch a dhéanamh trí dheontais a chur ar fáil do thaighde ar bhonn iomaíoch.
Seoladh an Chomhpháirtíocht in 2006 agus go dtí seo tá maoiniú faighte ag 49 tionscadal faoin gcomhpháirtíocht i raon réimsí lena n-áirítear sláinte, ICT, fuinneamh agus inbhuanaitheacht.
Is é an Tionscnamh Talmhaíochta agus Taighde Bia (AFRI) an clár ceannródaíoch maidir le deontais iomaíocha do na heolaíochtaí talmhaíochta i SAM. Ó 2016 tá méadú tagtha ar scóip na Comhpháirtíochta chun talmhaíocht a áireamh ar bhonn píolótach trínar féidir le taighdeoirí in institiúidí incháilithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann nascadh le taighdeoir atá lonnaithe i SAM iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú taighde faoi Ghlaonna bliantúla Institiúide Náisiúnta Bia agus Talmhaíochta (NIFA) an USDA.
Is ó chláir iomaíocha maoinithe taighde Talmhaíochta agus Bia na Roinne a thagann an maoiniú a chuireann DAFM ar fáil do thionscnaimh ar éirigh leo faoi Ghlaonna na Comhpháirtíochta Taighde agus Forbartha SAM-Éire.
Tacófar leis na sé réimse tosaíochta seo a leanas mar chuid den Ghlao ar Thograí Taighde sa Talmhaíocht 2019 ó Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire: