Dámhachtainí deontais os cionn €1 mhilliún faoi dhá Líonra Limistéar Taighde Eorpach trasnáisiúnta fógartha ag an Aire Heydon.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., inniu go mbeidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag bronnadh dámhachtainí ar fiú os cionn €1 mhilliún iad ar lucht taighde as Éirinn atá ag obair i gcomhar ar chúig thionscadal taighde trasnáisiúnta. Is ó Ghlaonna iomaíocha taighde cómhaoinithe a eascraíonn na deontais seo faoi Líonraí Limistéar Taighde Eorpach (ERA-Nets) agus baineann siad le teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus le nuálaíochtaí sonraí sa chóras agraibhia, agus feabhas a chur ar shláinte ainmhithe trí ardáin teicneolaíochta agus diagnóisice vacsaíne núaí.
Is éard a dúirt an tAire agus na dámhachtainí á bhfógairt aige,
"Tá ríméad orm na cúig dheontas nua do lucht taighde as Éirinn a fhógairt, dámhachtainí a chuirfidh ar a gcumas dul i mbun comhpháirtíochta agus i mbun comhoibrithe lena gcomhghleacaithe san Eoraip. Neartóidh sé seo tuilleadh naisc eolaíochta atá ann cheana féin agus acmhainneacht agus cumas idirnáisiúnta in earnáil taighde na hÉireann a fhorbairt agus muid a choinneáil chun tosaigh maidir le nuálaíocht a chur ar fáil san earnáil Agraibhia."
Tá ceithre thionscadal á maoiniú faoin nGlao taighde ICT-AGRI-FOOD (Córais Agraibhia atá Cumasaithe ag ICT-) a thacaíonn le hardáin agus réitigh TFC de réir sonraí a fhorbairt, agus le bealaí chun dul i ngleic leis na baic atá ann d'úsáideoirí deiridh teicneolaíochta a ghlacadh a bhfuil mar aidhm leis an lorg timpeallachta a laghdú, seasmhacht a mhéadú agus feabhas a chur ar shlándáil bhia sna córais agraibhia. Maidir le péire de na tionscadail, HALY.ID agus TailBiteAdvice, tá sé mar aidhm leo uirlisí comhairleacha nuálacha bunaithe ar TFC a fhorbairt d’fheirmeoirí chun monatóireacht a dhéanamh agus chun díriú faoi seach ar lotnaidí barraí talmhaíochta a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus muca ag baint plaic as a n-eireaball a íoslaghdú. Féachtar leis an tionscadal SPECTROFOOD leas a bhaint as teicnicí speictreacha maidir le tréithe cáilíochta bharraí torthaí agus glasraí sa slabhra soláthair agus cur amú bia a laghdú; agus maidir leis an tionscadal, MUSHNOMICS, tá sé mar aidhm leis anailísíocht de réir sonraí agus nuálaíocht a nochtadh chun táirgeacht a optamú, costais a laghdú agus inmharthanacht eacnamaíoch i slabhra luacha muisiriúin a fheabhsú.
Maoinítear an chuid eile den tionscadal faoi Ghlao ar thaighde ICRAD (An Comhordú Idirnáisiúnta Taighde ar Ghalair Thógálacha Ainmhithe) a thacaíonn le huirlisí agus le córais nua a fhorbairt agus a chomhtháthú maidir le cosc níos fearr agus le hullmhacht níos fearr a bhaint amach chun dul i ngleic le ráigeanna de ghalair thógálacha ainmhithe. Feictear leis an tionscadal maoinithe, BM-FARM, teicnící nua a fhorbairt chun frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach ar fheirmeacha muc a laghdú agus a chosc.
Tá maoiniú bronnta ar thrí institiúid taighde Éireannacha éagsúla, lena n-áirítear an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Institiúid Náisiúnta Tyndall agus Teagasc, chun dul i mbun taighde, le rannchuidiú agus comhoibriú a dhéanamh le hinstitiúidí taighde agus le heagraíochtaí as 10 dtír Eorpacha éagsúla.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon,
"Déanfaidh fógra an lae inniu rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscnaimh taighde idirnáisiúnta agraibhia atá roghnaitheach agus tábhachtach ó thaobh straitéise de a neartú agus beidh tábhacht ag baint le tionscadail maoinithe faoi Ghlaonna ERANET Horizon 2020 a n-éiríonn leo chun go mbeifear in ann nuálaíocht a bhaint amach san earnáil agraibhia agus cuirfidh siad go mór le príomhthéamaí Food Wise 2025 - iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht."
Leagtar amach sonraí maidir leis na tionscadail seo ar láithreáin gréasáin an dá ERANET - ICT-AGRI-FOOD agus ICRAD
Nótaí don Eagarthóir:
• Is tionscnaimh taighde iad na ERANETanna a chuireann go mór leis an Limistéar Taighde Eorpach a fhorbairt agus, faoi Horizon 2020, tá siad leagtha amach chun tacú le comhpháirtíochtaí tras-náisiúnta poiblí-comhpháirtíochtaí poiblí a ullmhú, a leagan amach, a chur i bhfeidhm agus a chomhordú agus chun líonrú a dhéanamh maidir le comhghníomhaíochtaí taighde. Chomh maith leis sin, áirítear orthu sin, ó am go chéile, maoiniú AE breisithe ar ghlaonna taighde maidir le taighde trasnáisiúnta agus le nuálaíocht i réimsí roghnaithe a bhfuil ardluach ag baint leo don Eoraip. Cuirtear acmhainní DAFM agus tacaíochtaí airgeadais ar fáil i gcomhar le Ballstáit eile de chuid an AE, leis an gCoimisiún Eorpach agus d'fhéadfadh tríú tíortha a bheith san áireamh amhail an Nua-Shéalainn agus Ceanada ó am go chéile. Bíonn tionscadail a n-éiríonn leo a i ndiaidh próisis piarmheasúnaithe comhdhéanta de chomhpháirtithe taighde ó thrí bhallstát ar a laghad agus gach comhpháirtí á mhaoiniú ag an eagraíocht maoinithe náisiúnta.
• Is ERANET é ICT-AGRI-FOOD atá dírithe ar shlabhraí soláthair bia ag gach leibhéal ón bhfeirm go dtí an forc, go dtí feidhm a bhaint as teicneolaíochtaí ábhartha (Idirlíon na nEarraí (IOT), Intleacht Shaorga (AI), blocshlabhra, algartaim, múnlaí, cianbhraiteoirí agus braiteoirí logánta etc). Tá sé mar aidhm leis an táirgiúlacht, inbhuanaitheacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus slándáil na gcóras próiseála bia a fheabhsú. Tá an líonra seo comhdhéanta de 23 páirtí ó aireachtaí, ó ghníomhaireachtaí agus ó institiúidí taighde as 16 thír.
o Tugadh faoi Ghlao taighde ICT-AGRI-FOOD in 2019 chun tacú le hardáin agus réitigh TFC de réir sonraí a fhorbairt agus chun cuidiú le dul i ngleic leis na baic atá ann glacadh le teicneolaíocht chun luach a bhaint as na sonraí atá bailithe agus chun a chur ar chumas feirmeoirí glacadh léi agus úsáid a bhaint aisti agus múnlaí gnó nua agus iad a chur ar fáil, múnlaí a chuideoidh le hinacmhainneacht agus le glacadh réitigh dá leithéid, lorg timpeallachta chórais agraibhia a laghdú, seasmhacht na gcóras a mhéadú, slándáil bhia a fheabhsú agus tomhaltóirí a chumhachtú.
• Is ERANET é ICRAD a bhfuil sé mar aidhm leis tabhairt faoi chur chuige comhpháirteach maidir leleis hionstraimí nua níos fearr a fhorbairt chun dul i ngleic le galair thógálacha agus iad a rialú, go háirithe i ndáil le straitéisí nua maidir le haimsiú, le hidirghabháil agus le cosc chun ullmhacht agus an cumas freagartha ar bhagairtí beostoic atá ann agus ar na cinn atá ag teacht chun cinn, a mhéadú. Tá an líonra seo comhdhéanta de 23 Bhall Cuibhreannais ó ar fud 19 dtír agus ó 3 réigiún Eorpacha.
o Tugadh faoi Ghlao taighde ICRAD chun tacú le huirlisí agus le córais chineálacha a fhorbairt agus a chomhtháthú le cosc níos fearr agus le hullmhacht níos fearr maidir le freagairt a thabhairt ar ráigeanna de ghalair thógálacha ainmhithe. Mar sin, dhírigh sé ar vacsaíní, ar uirlisí diagnóiseacha agus ar uirlisí faireachais agus ar vacsaíniú / spreagthacht imdhíonachta a leagan amach agus a fhorbairt. Mar chuid den ghlao cuireadh trédhearcacht agus inrianaitheacht chun cinn do na páirtithe leasmhara ar fad, ó fheirmeoirí go tomhaltóirí chomh maith le lucht déanta beartas agus le cinnteoirí.
• Is ionann an maoiniú iomlán atá ar fáil do thionscadail ar éirigh leo faoin dá ERANET agus €1,149,288.17 (comhdhéanta de ranníocaíocht €754,865.00 DAFM , ranníocaíochtaí breisithe €306,423.17 AE agus ranníocaíocht €88,000 Teagasc i bhfoirm Scoláireacht Walsh don tionscadal HALY.ID). I measc na dtionscadal a bronnadh maoiniú orthu tá:
o ICT-AGRI-FOOD:
- HALY.ID – Uirlisí nuálacha TFC do mhonatóireacht spriocdhírithe agus do bhainistiú inbhuanaithe ar fhríd bhréan dhonn mharmaraithe agus ar lotnaidí eile; Institiúid Náisiúnta Tyndall (An Dr. Dimitrios Zormpas); €258,955.38 bronnta; Comhthíortha comhoibríocha: an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Rómáin.
- SPECTROFOOD – Meastachán ar cháilíocht agraibhia trí leas a bhaint as teicnicí speictreacha; an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (An Dr. Dimitrios Argyropoulos); €174,695.30 bronnta; Comhthíortha comhoibríocha: an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig.
- MUSHNOMICS - Nuálaíocht de réir sonraí a nochtadh i ndáil le táirgiúlacht a fheabhsú agus le comhroinnt sonraí i slabhra luacha muisiriúin a fheabhsú; an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (An Dr. Dimitrios Argyropoulos); €137,281.30 bronnta; Comhthíortha comhoibríocha: an Rómáin, an Danmhairg, an Ungáir.
- TailBiteAdvice - Uirlis chomhairleach fíor-ama bunaithe ar TFC chun muca ramhraithe ag baint plaic as a n-eireaball a íoslaghdú; Teagasc sa Chloch Liath (An Dr. Keelin O'Driscoll); €174,491.19 bronnta; Comhthíortha comhoibríocha: an Bheilg, an Danmhairg.
o ICRAD:
- BM-FARM - Bithchomharthaí sóirt agus Micribhithóm i bhFeirmeacha chun Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach a Bhainistiú;; Teagasc sa Chloch Liath (An Dr. Edgar Garcia Manzanilla) agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (An Dr. Finola Leonard); €404,865.00 bronnta; Comhthíortha comhoibríocha: an Fhrainc, an Spáinn.
CRÍOCH