Fógraíonn an tAire O’Donovan conarthaí le haghaidh tionscadail stairiúil Shráid an Mhúraigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (22 Bealtaine) d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’ Donovan gur lig OPW sraith conarthaí um obair ar Ionad nua Cuimhneacháin 1916 ag 14 – 17 Sráid an Mhúraigh, áit ar chinn ceannairí Eirí Amach 1916 ar ghéilleadh, d’fhonn tuilleadh marú sibhialtach a sheachaint.
Bunaíonn na conarthaí Foireann Deartha Gairmiúil, rud a chiallaíonn gur féidir dul chun cinn anois le pleanáil agus dearadh mionsonraithe an Ionaid nua Cuimhneacháin 1916.
Dúirt an tAire O’ Donovan:
“Glacann OPW lena chúraimí bainistíochta maidir le cuid mhór de na suímh stairiúla is tábhachtaí in Éirinn agus mar sin tá áthas orainn gur leag an Rialtas an cúram seo orainne. Táim cinnte gur féidir linn cuimhneachán oiriúnach a chruthú anseo ar lucht 1916 agus san am céanna cur le saol cultúrtha agus cathartha na lárchathrach.”
Tá Foireann Deartha ceaptha anois a chuimsíonn Ailtirí Caomhnaithe, Innealtóirí Meicniúla & Leictreacha, Innealtóirí Struchtúrtha, Suirbhéirí Cainníochta, Innealtóirí Dóiteáin agus Seandálaithe. Beidh an tIonad lonnaithe i gceithre fhoirgneamh ar an taobh thoir de Shráid an Mhúraigh, áit ar cuireadh le hobair i 2016. Ceapfar speisialtóirí eile in am tráth de réir mar is gá.
Ar chríochnú do, beidh an t-ionad ar oscailt don phobal. Féadfar an áit inar cinneadh ar ghéilleadh i 1916 a fheiceáil agus scéalta a chloisteáil ó na daoine a bhí páirteach, idir lucht troda agus gnáthmhuintir.
Tá scóip mionsonraithe tionscadail leagtha amach do na dearthóirí, atá bunaithe ar an scéim a aontaíodh le príomhpháirtithe leasmhara trí Ghrúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh – dream ionadaíoch a bhunaigh an Rialtas chun ceisteanna maidir leis an suíomh a réiteach, ina bhfuil ionadaithe ón phobal áitiúil agus ó chuid de mhuintir na nÓglach 1916.
Tá Grúpa Stiúrtha Tionscadail bunaithe, ar a bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí, chun an tionscadal a mhaoirsiú agus rialú cóir a chinntiú.
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Státchiste agus táthar ag súil lena chríochnú go luath i 2026.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Is iad comhaltaí na Foirne Deartha:
Déanfar na hoibreacha bainteacha uile faoi réir ag Toiliú Aire a dheonaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta faoi Alt 14 den Acht um Shéadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú).
Tá obair thógála an Ionaid Chuimhneacháin ag Sráid an Mhúraigh á maoiniú ag an Státchiste tríd an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta agus á bainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).
Ba iad seo a leanas comhaltaí an tríú Ghrúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh: