Fógraíonn an tAire Hackett maoiniú breise BAR de €500,000 chun earnáil Orgánach na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Aire Stáit na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett go bhfuil maoiniú breise Cúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta leithdháilte chun earnáil orgánach na hÉireann atá ag fás a chur chun cinn agus a fhorbairt agus í ag labhairt ag an seó um Éagsúlú Fuinnimh agus Feirme i gColáiste Talmhaíochta an Ghoirtín inniu.
Ag fógairt an mhaoinithe de €500,000 dúirt an tAire Hackett,
“Níos luaithe i mbliana d’fhógair mé go bhfuil maoiniú BAR de €1m leithdháilte chun ligean do Bhord Bia táirgí talmhaíochta na hÉireann a chur chun cinn. Bainfear úsáid as an maoiniú breise seo de €500,000 sna chéad 6 mhí de 2024 chun cur leis an obair atá tosaithe cheana féin. Is léir anseo inniu an leibhéal spéise agus is é fírinne an scéil, nach mór d' fheirmeoirí tabhairt faoin éagsúlú. Is an-deis í an fheirmeoireacht orgánach d’fheirmeoirí na hÉireann agus mholfainn dóibh a chinntiú go bhfuil siad ag tapú an deis cur lena gcuid stíleanna maireachtála agus a n-ioncam a fheabhsú agus cinneadh a thógáil acu aistriú go feirmeoireacht orgánach”.
“Éascóidh an tacaíocht bhreise seo soláthar feachtais mhargaíochta chun a chur ar na súile do thomhaltóirí go bhfuil méadú ag teacht ar bhia orgánach Éireannach atá ar ardchaighdeán. Taispeánfaidh sé freisin na modhanna inbhuanaithe a úsáidtear chun é a tháirgeadh, a théann chun sochair ní amháin don chomhshaol ach a chuireann na caighdeáin leasa ainmhithe is airde chun cinn freisin”.
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag obair i gcomhpháirtíocht le Bord Bia chun deiseanna breise a aithint d’fheirmeoirí agus do phróiseálaithe na hÉireann chun a láithreacht orgánach a mhéadú agus a sciar den mhargadh a mhéadú tríd an maoiniú seo.
Mar fhreagra ar an bhfógra, dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach, Bord Bia
“Cuirtear fáilte mhór roimh an maoiniú BAR breise ar an infheistíocht leanúnach in earnáil orgánach na hÉireann. Cuirfidh an ciste seo tuilleadh feabhais le raon gníomhaíochtaí Bhord Bia, iad go léir leagtha amach chun tacú le fás fadtéarmach na hearnála orgánaí in Éirinn agus thar lear.”
CRÍOCH
Tá sé mar aidhm ag an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit tacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na hearnálacha is mó a mbíonn tionchar ag Breatimeacht orthu chun déileáil leis na hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críche agus, nuair is iomchuí, comhshaoil. Tá leithdháileadh suntasach de bhreis is €1 billiún, nó díreach os cionn 20% den Chúlchiste iomlán, faighte ag Éirinn, toisc gurb í an Ballstát is mó a ndeachaigh Breatimeacht i bhfeidhm uirthi.
Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA) an Comhlacht Ainmnithe chun an Cúlchiste a bhainistiú in Éirinn agus cinneadh a dhéanamh air agus tá seasamh beartais iomlán na hÉireann maidir leis an gCúlchiste á chomhordú aici. Tá na critéir incháilitheachta arna leagan síos ag an AE chun caiteachas a cháiliú faoin gCúlchiste dian, agus ní mór d’aon chaiteachas beartaithe nasc díreach a léiriú le tionchair dhiúltacha a eascraíonn as an mBreatimeacht.