Ráiteas ón Roinn Sláinte: Dé Domhnaigh, an 20 Feabhra 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Sláinte ar an eolas faoi thaifeadadh líomhnaithe de chruinnithe inmheánacha a tharla idir 2020 agus 2022 a bheith á scaipeadh. Is cosúil gur scaipeadh nótaí ina maítear tráchtanna a rinne oifigigh a bheith iontu.
Níor thug aon oifigeach de chuid na Roinne Sláinte toiliú go ndéanfaí é nó í a thaifeadadh agus iad i mbun a gcuid dualgas mar chuid den phróiseas breithniúcháin.
Sárú díreach ar phríobháideachas aonair is ea sonraí a fhoilsiú faoi chruinnithe idir oifigigh Rialtais i ngnáthchúrsa a gcuid oibre, a taifeadadh gan toiliú nó eolas na rannpháirtithe.
Is léir gur chun leas an phobail é obair na Roinne agus a cuid oifigeach le FSS, obair atá dírithe ar fheabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le cúrsaí airgeadais.
Creideann an Roinn go láidir, áfach, go ndéanfar teorannú ar dhíospóireacht agus idirphlé cuiditheach ar fud na státseirbhíse mar gheall ar thráchtanna daoine aonair a lua go poiblí, agus go ndéanfar dochar do leas an phobail dá bharr.
Faoi láthair, níor cuireadh aon taifeadtaí ar a bhfuil líomhaintí bunaithe ar fáil don Roinn agus dá bhrí sin níl sé soiléir cad iad na díospóireachtaí a dtagraíonn siad dóibh nó an ndearnadh dochtúireacht orthu ar bhealach ar bith. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair é a bhailíochtú nó freagairt chuiditheach a thabhairt.
Aithnítear go forleathan go bhfuil go leor saincheisteanna oidhreachta ar fud na seirbhíse sláinte nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Oibríonn an Roinn Sláinte agus FSS go dlúth le chéile chun an tseirbhís sláinte a bhainistiú agus, trí Sláintecare, an t-athchóiriú a bhfuil géarghá leis a chur i bhfeidhm chun seirbhís sláinte níos fearr a sholáthar don phobal. Tá an caidreamh oibre sin, a bhfuil meas frithpháirteach mar shaintréith de, gairmiúil agus cuiditheach.
CRÍOCH
Tugann an Roinn aghaidh ar líomhaintí a rinne an Sunday Business Post, ar bhonn taifeadtaí líomhnaithe thíos. Sonraíonn nótaí teicniúla cuntasaíocht fabhruithe vs cuntasaíocht vótála, conas a mhaoinítear FSS, agus an seasamh reachtach maidir le maoiniú nach gcaitear.
Comhthéacs Buiséadach
Maoiníonn an Roinn Sláinte FSS as an Vóta Sláinte (Vóta 38) a leithdháileann an tOireachtas ar an Roinn. Leithdháileadh sa bhuiséad le déanaí os cionn €21.7 billiún ar FSS.
Covid-19 agus maoiniú forlíontach
Ba bhliain uathúil agus thar a bheith dúshlánach í 2020 agus bhí an riachtanas ann le haghaidh méaduithe suntasacha ar mhaoiniú forlíontach do FSS arna thiomáint ag freagairt an Rialtais ar an bpaindéim.
Fabhruithe FSS
Is gnáthchuid riachtanach de phróiseas cuntasaíochta aon eagraíochta é fabhruithe a úsáid. Fáiltíonn an Roinn Sláinte roimh an dearbhú breise a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú ar fhabhruithe 2020 a rinne FSS.
Coigeartú ar Ráitis Airgeadais Bhliantúla
Tugann an Roinn Sláinte dá haire an ráiteas ó FSS le cúpla lá anuas go mbeadh aon choigeartú ón mbliain roimhe sin a thagann chun cinn sa raon €10 go €100 milliún agus go bhfuil an fhaisnéis a fuair an Roinn Sláinte ó FSS le cúpla lá anuas ag teacht leis an ráiteas sin.
Tugaimid dár n-aire freisin go bhfuil an tairseach d'úsáid coigeartuithe na bliana roimhe sin tar éis ísliú beagán anois sna Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais (FRS) reatha chun earráidí ábhartha chomh maith le hearráidí bunúsacha a chur san áireamh. Tugaimid dár n-aire freisin nach bhfuil aon mholadh ann go bhfuil gá le dul siar ar an tuairim iniúchóireachta do 2020 a chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar fáil.
Iarmhéideanna airgid agus Creidiúnaithe
Tá an t-iarmhéid airgid níos mó ag deireadh na bliana 2020 inchurtha den chuid is mó i leith na méaduithe suntasacha ar mhaoiniú a leithdháileadh ar FSS chun an fhreagairt ar COVID a chur i bhfeidhm, a raibh méadú suntasach ar spleáchas soláthróirí seachtracha in 2020 i gceist leis freisin. Is ionann an €608m d'airgead tirim a bhí i seilbh FSS ag deireadh 2021, le comhaontú na Roinne Sláinte agus na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus c. 10 lá de shealúchas airgid i gcomhthéacs bhuiséad os cionn €20bn FSS.
Feabhsuithe Eatramhacha ar Thuairisciú
Aithníonn an Roinn Sláinte an obair a rinne comhghleacaithe FSS le dhá bhliain anuas chun sraith feabhsuithe eatramhacha ar thuairisciú airgeadais a dhéanamh, laistigh de shrianta na gcóras oidhreachta reatha atá dírithe ar chomhthuiscint agus tuairisciú maidir le staid airgeadais FSS, mar shampla tuarascálacha caipitil oibre míosúla nua agus tuairisciú seachtainiúil mionsonraithe ar chaiteachais a bhaineann le COVID-19. Cuireann an Roinn Sláinte fáilte roimh na feabhsuithe seo agus leanfaidh an réimse seo de bheith ina phríomhthosaíocht ag an dá ghníomhaireacht oibriú go comhoibritheach chun tuilleadh feabhsuithe a sholáthar roimh chur i bhfeidhm córas nua.
Athchóiriú Airgeadais Níos Fadtéarmaí
Is iad na príomhghnéithe de chóras airgeadais FSS ag an leibhéal áitiúil ná oidhreacht de chuid chóras na mbord sláinte a bhí ann roimhe seo - thug FSS, an Roinn Sláinte, agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tús áite do nuachóiriú chórais tuairiscithe airgeadais FSS. Tá obair shuntasach inmheánach déanta ag FSS cheana féin ar an gceist seo, agus le tacaíocht ón Roinn Sláinte tá siad ag obair chun córas nua-aimseartha comhtháite tuairiscithe airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis na córais oidhreachta reatha. Cuirfidh an tionscadal seo feabhsuithe suntasacha ar fáil de réir a chéile ar thuairisciú airgeadais agus déanfaidh sé próisis sholáthair a shruthlíniú de réir mar a chuirtear i bhfeidhm iad ar fud chóras FSS agus na soláthraithe sláinte níos mó de chuid Alt 38 agus S39.
Tuairisceáin don státchiste
B'ionann barrachas iomlán FSS ag deireadh 2020 agus €267 milliún (€200 milliún i gcaipiteal reatha + €67 milliún). Thug an Roinn Sláinte méid iomlán bharrachas 2020 de €267 milliún suas thar ceann FSS don Státchiste ag deireadh 2021. Sonraíonn an Monatóir Fioscach a foilsíodh i mí Eanáir an géilleadh iomlán ón Vóta Sláinte.
Maoiniú Meabhairshláinte
Cuireadh tús le hidirbheartaíochtaí buiséid leis an Aire Meabhairshláinte, Mary Butler, le hoifigigh in Aonad Meabhair-Shláinte na Roinne Sláinte agus FSS i mí Lúnasa 2021. Ba é an meastachán tosaigh a bhí á lorg ag FSS, mar atá leagtha amach i gcáipéisíocht tacaíochta ná €35 milliún i maoiniú forbartha nua. Maíodh nár lorg FSS ach €10 milliún i maoiniú breise do 2022, ach tá sé sin míchruinn agus míthreorach. Mar thoradh deiridh ar idirbheartaíocht Mheastacháin 2022, leithdháil an Roinn Sláinte €37 milliún i mbunmhaoiniú breise móide €10 milliún i maoiniú COVID aonuaire do FSS le haghaidh meabhairshláinte do 2022. Maidir leis an €10 milliún do mheabhairshláinte a fógraíodh do 2021 ar Lá an Bhuiséid, rinneadh plé fairsing idir an tAire Butler, an Roinn agus FSS maidir leis an mbealach is fearr a d'fhéadfaí an maoiniú seo a leithdháileadh chun eispéiris an oiread daoine agus is féidir a fheabhsú agus rochtain a fháil acu ar sheirbhísí meabhairshláinte. Fógraíodh sonraí an mhaoinithe seo go poiblí, nuair a tugadh chun críche iad leis na hoifigigh roinne ábhartha agus le FSS.
Tugtar faoi deara go leagfar amach i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS, nach bhfuil foilsithe go fóill ach a fhoilseofar go luath, buiséad deiridh FSS don mheabhairshláinte in 2022. Ní bheidh an buiséad seo níos ísle ná na méaduithe foriomlána a luadh thuas, ach d'fhéadfadh sé a bheith níos airde ná mar a fógraíodh roimhe seo má leithdháileann FSS maoiniú breise ar mheabhairshláinte.
Cuntasaíocht Fabhruithe vs Vótála
Ba chóir a thabhairt faoi deara, murab ionann agus ranna Rialtais, a thugann cuntas ar a gcaiteachas ar bhonn cuntasaíochta vótala (a léiríonn caiteachas airgid chomh maith le sonraisc soláthróra a bhfuil a dtéarmaí creidmheasa imithe in éag agus atá le híoc), d'ordaigh an tAire Sláinte, ar aon dul leis an reachtaíocht, gur cheart do FSS a feidhmíocht airgeadais a thuairisciú ar chuntasaíocht fabhruithe (a léiríonn caiteachas airgid móide gach sonrasc le haghaidh earraí agus seirbhísí a seachadadh, bíodh siad fós le híoc nó ná bíodh). Ní áirítear le cuntasaíocht vótála sonraisc le haghaidh earraí agus seirbhísí a seachadadh agus nach bhfuil fós le híoc, ach áirítear na sonraisc seo i gcuntasaíocht fabhruithe. Is saincheist ama seachas substainte í an difríocht idir an dá chur chuige cuntasaíochta. Thug an tAire Sláinte sainordú do FSS a feidhmíocht airgeadais a thuairisciú de réir Chaighdeán Tuairiscithe Airgeadais (FRS) 102, seachas roinnt díolúintí sonracha ar chaighdeán FRS102. Is é FRS102 an príomhchaighdeán airgeadais a úsáidtear in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe go forleathan.
Conas a mhaoinítear FSS
Socraíonn an tAire Sláinte an cinneadh maoinithe do FSS gach bliain a chuireann bonn eolais faoi phleanáil na seirbhísí atá faoi chaibidil i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS (NSP). Leagtar amach sa chinneadh maoinithe seo an t-uasmhéid caiteachais chaipitil agus reatha a d'fhéadfadh FSS a thabhú don bhliain sin. I mblianta nuair a leithdháiltear méid suntasach maoinithe breise ar FSS trí mheastachán forlíontach, d'fhéadfadh sé seo a bheith ina chúis leis an méadú sealadach ar airgead tirim ag deireadh na bliana. Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go n-oibríonn an seasamh maidir le hiarmhéideanna airgid ag deireadh na bliana ar bhealach difriúil do ranna Rialtais i gcomparáid le gníomhaireachtaí arna maoiniú ag roinn Rialtais cosúil le FSS. Ní mór do ranna rialtais aon bhuiséad nár caitheadh ag deireadh na bliana a thabhairt suas. Is féidir cead a thabhairt do ghníomhaireachtaí maoinithe ar nós FSS iarmhéideanna airgid ag deireadh na bliana a choinneáil chun íocaíochtaí a mhaoiniú an bhliain dár gcionn chun dliteanais fhabhraithe a ghlanadh. Tá an treoir maidir leis seo clúdaithe i gCiorclán 13/2014 RCPAA.
Seasamh reachtach maidir le maoiniú nár caitheadh
Faoin reachtaíocht, níl sé de chumas ag FSS maoiniú nár caitheadh a leithdháiltear in aon bhliain amháin a bhogadh go huathoibríoch le haghaidh caiteachais reatha ar aghaidh go dtí an bhliain dar gcionn. Is iad an tAire Sláinte agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA) a dhéanann an cinneadh seo. Tá córas ann, áfach, inar féidir leis an Roinn Sláinte iarratas a dhéanamh thar ceann FSS chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun caiteachas caipitiúil nár caitheadh a thabhairt ar aghaidh, suas le huasmhéid 10% den leithdháileadh bliantúil, go dtí an bhliain dar gcionn.